Plean gníomhaíochta ar Chlár Stócólm

Soláthraíonn an plean gníomhaíochta seo plean oibre chun na tosaíochtaí polaitiúla a leagadh amach i gClár Stócólm i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais idir 2010-14 a chur chun feidhme.

ACHT

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 20 Aibreán 2010 – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais a sholáthar do shaoránaigh na hEorpa – Plean Gníomhaíochta lena gcuirtear Clár Stócólm chun feidhme [COM(2010) 171 críochnaitheach – Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil].

ACHOIMRE

Leagtar amach i gClár Stócólm tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fhorbairt le linn na tréimhse 2010-14. Féachann an plean gníomhaíochta seo leis na tosaíochtaí sin a sholáthar mar aon le hullmhú faoi choinne dúshlán sa todhchaí ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda araon.

Eoraip na gceart

Forálann an plean gníomhaíochta seo do bhearta a chinnteoidh go gcosnófar cearta bunúsacha. I gceist sna bearta sin beidh an dlí um chosaint sonraí a threisiú le creat dlíthiúil cuimsitheach nua, chomh maith le cosaint sonraí a chorprú i ngach ceann de bheartais an AE, i bhforfheidhmiú dlí, i gcosc na coireachta agus i gcaidreamh idirnáisiúnta. Tá gníomhaíochtaí ceaptha chomh maith chun idirdhealú, ciníochas, seineafóibe agus homafóibe de gach cineál a chomhrac. Dírítear go sonrach ar chosaint do chearta an linbh agus do chearta grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear íospartaigh choireachta agus sceimhlitheoireachta. Chun an grúpa deiridh sin a chosaint, molfaidh an Coimisiún ionstraim chuimsitheach agus bearta praiticiúla, lena n-áirítear ordú cosanta Eorpach. Lena chois sin, déanfaidh an Coimisiún moltaí reachtacha maidir le cearta an duine aonair in imeachtaí coiriúla agus i ngníomhaíochtaí maidir le coinneáil. Thairis sin, déantar foráil sa phlean gníomhaíochta do bhearta chun saoránaigh Eorpacha a chumhachtú, go háirithe maidir leis an gceart saoirse gluaiseachta, an ceart chun cosanta i dtíortha nach tíortha de chuid AE iad agus an ceart chun comhpháirteachais phoiblí.

Eoraip an cheartais

Leis an limistéar breithiúnach Eorpach a neartú, leagtar amach sa phlean gníomhaíochta bearta chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. a chur i bhfeidhm tuilleadh Áirítear air sin tograí reachtacha maidir le fianaise a fháil agus a bhailiú, le dícháilithe agus le pionóis airgeadais in ábhair choiriúla. Tá ar intinn ag an gCoimisiún, leis, reachtaíocht nua a mholadh ar ábhair shibhialta, ar nós reachtaíochta maidir le colscaradh, agus athchóiriú a dhéanamh ar an rialachán maidir le breithiúnais in ábhair shibhialta agus thráchtála. Le gur féidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh feidhmiú go héifeachtach, glacfaidh an Coimisiún bearta a neartóidh muinín fhrithpháirteach. Chuige sin, molfar gníomhaíochtaí chomh maith chun comhchaighdeáin íosta a fhorbairt sa dlí coiriúil agus sa dlí sibhialta araon. Lena chois sin, le gur féidir le saoránaigh buntáiste níos mó a bhaint as an limistéar breithiúnach Eorpach, molfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí chun rochtain ar cheartas a éascú, go háirithe i dtéarmaí reachtaíocht a bhaineann le doiciméid stádais shibhialta, agus chun tacú le gníomhaíocht eacnamaíoch, ar nós tograí reachtacha maidir le forfheidhmiú breithiúnas. Ag an am céanna, tá ar intinn ag an gCoimisiún láithreacht idirnáisiúnta an AE i réimse an dlí shibhialta agus choiriúil a mhéadú, go háirithe trí chomhaontuithe agus coinbhinsiúin a idirbheartú le tíortha nach tíortha de chuid an AE iad.

Eoraip a chosnaíonn

Chun cosaint níos fearr a thabhairt do shaoránaigh agus chun dul i ngleic le coireacht trasteorann, déantar foráil sa phlean gníomhaíochta do dhréachtú straitéise inmheánaí slándála. Chomh maith leis sin, féachann an Coimisiún leis na huirlisí slándála atá ann cheana féin a fheabhsú, go háirithe iad siúd a bhaineann le bainistíocht sreabhaí faisnéise, mar aon le glacadh le huirlisí teicneolaíochta slándála a mholadh, clár Eorpach de náisiúnaigh chiontaithe nach náisiúnaigh de chuid an AE iad, mar shampla. Lena chois sin, déantar foráil sa phlean gníomhaíochta do bheartais fheabhsaithe chun an choireacht trasteorann a chomhrac, go príomha comhar níos fearr i bhforfheidhmiú dlíthe Eorpacha, lena n-áirítear idir an Oifig Eorpach Póilíní, Eurojust agus an ghníomhaireacht Eorpach um theorainneacha seachtracha (Frontex), mar aon le cosc feabhsaithe ar choireacht. Chun cosaint a sholáthar i gcoinne na coireachta tromchúisí agus eagraithe, déantar foráil sa phlean gníomhaíochta, leis, do bhearta sonracha chun an choireacht a chomhrac, lena n-áirítear tograí reachtacha maidir le:

Tá ar intinn ag an gCoimisiún, leis, neartú a dhéanamh ar chumas an AE chun tubaistí, idir thubaistí saorga agus nádúrtha, a chosc, chun ullmhú faoina gcoinne agus chun freagairt dóibh. Chuige sin, déantar foráil sa phlean gníomhaíochta do bhearta a chomhlánaíonn agus a fheabhsaíonn bainistíocht tubaistí an AE.

Rochtain ar an Eoraip

Déanfaidh an Coimisiún bearta eile chun forbairt bhreise a dhéanamh ar an gcur chuige comhtháite maidir le teorainneacha seachtracha an AE a bhainistiú. San áireamh anseo beidh tograí reachtacha chun mionathrú a dhéanamh ar Frontex, ar Chód Teorann Schengen agus ar an gCóras Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur). Lena chois sin, molfaidh an Coimisiún Córas Isteach Amach (CIA) agus Clár Taistealaithe Cláraithe (CTC). Thairis sin, leanfaidh an Coimisiún de víosaí a léirscaoileadh trí Chomhaontuithe um Léirscaoileadh Víosaí a idirbheartú le tíortha nach tíortha de chuid an AE iad, chomh maith leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) a sheoladh.

Eoraip na dlúthpháirtíochta

Tá ar intinn ag an gCoimisiún beartas maidir le hinimirce a bheidh dinimiciúil agus cuimsitheach a shaothrú a bheidh comhdhéanta de gníomhartha maidir leo seo a leanas:

Féachann an Coimisiún le comhbheartas tearmainn a shaothrú, leis, chun comhlimistéar cosanta a bhunú do lucht iarrtha tearmainn tríd an fhreagracht a bheith i bpáirt ag tíortha an AE. Déantar foráil sa phlean gníomhaíochta chomh maith le haghaidh neartú an diminsin sheachtraigh trí chomhar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus trí Chlár Athlonnaithe an AE a fhorbairt chomh maith le cláir nua cosanta réigiúnacha.

An Eoraip i ndomhan domhandaithe

Athdhearbhaítear sa phlean gníomhaíochta an t-idirnasc idir diminsean inmheánach agus diminsean seachtrach na mbeartas ceartais, saoirse agus slándála. Dá réir sin, déantar foráil ann do ghníomhaíochtaí a threisíonn an diminsean seachtrach, go háirithe ar mhaithe le comhar agus le malartú faisnéise a fheabhsú idir tíortha an AE. Lena chois sin, féachann an Coimisiún leis an diminsean seachtrach a chur san áireamh ina chaidreamh le tíortha nach tíortha de chuid an AE iad, lena n-áirítear i gcomhaontuithe agus i socruithe comhpháirtíochta éagsúla. Lena chois sin, déantar foráil sa phlean gníomhaíochta do thacaíocht leanúnach do choinbhinsiúin na Comhairle Eorpaí maidir le gáinneáil ar dhaoine, cosaint sonraí, cosaint leanaí, cibearchoireacht agus éilliú, agus do Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach, leis.

An tslí ar aghaidh

Chun na tosaíochtaí polaitiúla arna mbunú ag Clár Stócólm a iompú ina ngníomhaíochtaí agus ina dtorthaí nithiúla, soláthraítear sa phlean gníomhaíochta bearta maidir le:

Nuashonrú is déanaí: 28.05.2010