An Gréasán Breithiúnach Eorpach - comhar chun an choireacht a chomhrac

Déantar foráil sa chinneadh seo chun leanúint ar aghaidh leis an ngréasán Breithiúnach Eorpach agus chun an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 98/428/CGB a aisghairm lenar mbunaíodh é.

GNÍOMH

Cinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach.

ACHOIMRE

Déantar foráil sa chinneadh seo chun leanúint ar aghaidh leis an ngréasán Breithiúnach Eorpach agus chun an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 98/428/CGB a aisghairm lenar mbunaíodh é.

CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH?

Faoin gcinneadh seo, cuirtear le feidhmeanna an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh, cuirtear uirlis teileachumarsáide (cainéal cumarsáide sláine) ar bun agus déantar an gaol idir an gréasán agus Eurojust* a shoiléiriú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhdhéanamh an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh

Bíonn pointe teagmhála amháin nó níos mó de chuid gach tíre den Aontas Eorpach (AE) sa Ghréasán Breithiúnach Eorpach. Roghnaítear comhfhreagraí náisiúnta agus comhfhreagraí uirlisí, a bheidh ag plé leis an gcainéal nua cumarsáide, ó thoscaireacht gach tíre.

Oibríonn pointí teagmhála i gcomhar breithiúnach lena chéile in ábhair choiriúla agus ní mór scileanna teanga a bheith acu chun a bheith in ann déileáil níos fearr lena gcomhpháirtithe. Más rud é gur ceapadh giúistísí náisiúnta idirchaidrimh roimhe seo, caithfidh na giúistísí sin a bheith nasctha leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach. Tá ionadaithe ann freisin ón gCoimisiún Eorpach agus déantar an gréasán a riaradh ag rúnaíocht.

Feidhmeanna

Is é cuspóir an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh ná cumarsáid idir na pointí teagmhála a éascú, ag eagrú cruinnithe agus ag eisiúint faisnéise cúlra.

Déanann na pointí teagmhála comhar breithiúnach idir na tíortha AE a éascú, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí chun coireacht thromchúiseach a chomhrac. Chomh maith leis sin, déanann na pointí teagmhála cumarsáid agus comhroinnt faisnéise chuí le pointí teagmhála agus le húdaráis bhreithiúnacha i dtíortha AE eile a chumasú.

Ina theannta sin, cuireann pointí teagmhála reáchtáil seisiún oiliúna chun cinn agus glacann siad páirt sa phróiseas reáchtála sin, ag obair leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach más iomchuí.

Tagann an Gréasán Breithiúnach Eorpach le chéile trí huaire nó níos mó in aghaidh na bliana agus tugtar cuireadh do thrí phointe theagmhála nó níos mó ó gach tír páirt a ghlacadh sna cruinnithe sin. Is fóram iad na cruinnithe inar féidir ceisteanna maidir le comhar breithiúnach a phlé, go háirithe maidir leis an reachtaíocht AE. Mar thoradh ar na díospóireachtaí sin, féadfar reachtaíocht agus feabhais a chur i bhfeidhm maidir le comhar idirnáisiúnta. Tagann comhfhreagraithe náisiúnta agus comhfhreagraithe uirlisí le chéile ar bhonn ad hoc go bliantúil nó níos minice.

Rúnaíocht

Cuireann an rúnaíocht faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil trí láithreán gréasáin, faisnéis a bhaineann le córais náisiúnta bhreithiúnacha agus nóis imeachta, mar aon le téacsanna ábhartha dlí. Ina theannta sin, cuireann an rúnaíocht cainéal teileachumarsáide sláine ar bun chun déileáil le hiarratais sonraí agus le hiarratais ar chomhar breithiúnach.

Maoinítear an rúnaíocht faoi bhuiséad Eurojust, eagraíocht chomhlántach a bhfuil gaol tosaíochta aige leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach, gaol atá bunaithe ar chomhairliúchán agus ar chomhroinnt faisnéise.

Cuntasacht

Gach 2 bhliain, cuireann an Gréasán Breithiúnach Eorpach tuarascáil maidir lena ghníomhaíochtaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle AE agus an Choimisiúin Eorpaigh. Gach 4 bliana, déanann Comhairle AE measúnú oibríochtúil ar an nGréasán Breithiúnach Eorpach, bunaithe ar thuarascáil chomhpháirteach an ghréasáin agus an Choimisiúin Eorpaigh.

CÚLRA

Tá prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha in ábhair choiriúla á chur i bhfeidhm de réir a chéile, le méadú ag teacht ar an dteagmháil dhíreach idir údaráis bhreithiúnacha. De bharr na n-athruithe sin agus méadaithe ar AE sna blianta 2004 agus 2007, tá méadú tagtha ar thábhacht an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh.

Féach láithreán gréasáin an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN GCINNEADH?

Ón 24 Nollaig 2008 ar aghaidh.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Eurojust: an t-aonad AE um chomhar breithiúnach.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2008/976/CGB

24.12.2008

-

IO L 348, 24.12.2008, lgh. 130-134

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le Gréasán a chur ar bun don chomhar reachtach idir Airí Ceartais an Aontais Eorpaigh (Iris Oifigiúil C 326, 20.12.2008, lgh. 1-2).

Nuashonrú is déanaí: 12.06.2015