Áirítear ciontuithe i dtíortha eile le himeachtaí nua coiriúla

Ba cheart do thír an Aontais Eorpaigh (AE) an seasamh céanna a shannadh do chiontuithe a thugtar i dtíortha AE eile is a shanntar do chiontuithe a thugtar ina cúirteanna féin.

GNÍOMH

Cinneadh Réime 2008/675/CGB ón gComhairle an 24 Iúil 2008 maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh i gcúrsa imeachtaí nua coiriúla.

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH RÉIME?

Leagtar amach critéir faoin gcinneadh réime seo lena gcuirtear ciontuithe, a tugadh i dtír AE roimhe seo, san áireamh le linn imeachtaí coiriúla i dtír AE eile i gcoinne an duine chéanna, ach bunaithe ar fhíricí eile.

PRÍOMHPHOINTÍ

I gcomhthéacs imeachtaí nua coiriúla, ní mór do thíortha AE a chinntiú go gcuirtear ciontuithe, a tugadh roimhe sin i dtír AE eile, san áireamh faoi na coinníollacha céanna a chuirtear i bhfeidhm ar chiontuithe inmheánacha roimhe sin.

Caithfear na ciontuithe roimhe sin a chur san áireamh roimh agus le linn na trialach, agus le linn don phionós a bheith á chur i bhfeidhm freisin. Ba cheart leormhachnamh a dhéanamh orthu maidir leis na rialacha nós imeachta is infheidhme a bhaineann le:

Nuair a chuireann an tír AE a bhfuil na himeachtaí nua á reáchtáil aici ciontuithe roimhe sin san áireamh, níor cheart go gcuirfeadh sé sin isteach ar na ciontuithe roimhe sin ná go ndéanfaí na ciontuithe roimhe sin a chealú nó a athbhreithniú dá bharr.

Féadfar teorainn a chur le tionchar an chinneadh réime freisin más rud é go ndearnadh an cion, a bhfuil imeachtaí nua á reáchtáil ina leith, sular tugadh an ciontú roimhe sin nó sular cuireadh i bhfeidhm go hiomlán é. Ní gá do thíortha AE a rialacha náisiúnta féin maidir le forchur pianbhreitheanna a chur i bhfeidhm, más rud é go gcuirfí teorainn le pianbhreith a fhorchur sna himeachtaí nua dá gcuirfí na rialacha sin i bhfeidhm maidir le ciontuithe eachtrannacha. Mar sin féin, ní mór do na cúirteanna a chinntiú go gcuirfear a leithéid de chiontuithe roimhe sin san áireamh chun críocha eile.

Tugadh faoi deara i dtuarascáil ó 2014 maidir leis an gcinneadh réime a chur i bhfeidhm go mbaineann luach breise leis i ndáil le hiontaoibh as cinntí dlí choiriúil agus breithiúnacha a chur chun cinn sa limistéar Eorpach ceartais. I measc na dtíortha AE a raibh an cinneadh curtha i bhfeidhm acu, áfach, fuarthas go raibh difríochtaí móra ann maidir le comhlíonadh. Measadh go raibh forálacha leordhóthanacha cur chun feidhme ag 13 de na 22 thír AE.

An 1 Nollaig 2014, chuir an Ríocht Aontaithe (1) in iúl don Choimisiún gur theastaigh uaithi bheith rannpháirteach sa chinneadh réime. Deimhníodh é sin le Cinneadh 2014/858/AE ón gCoimisiún.

CÚLRA

Cruthaíodh córas ríomhairithe, an Córas Faisnéis Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) sa bhliain 2012 faoi Chinneadh Réime 2009/316/CGB. Cuireann an córas sin ar chumas thíortha an AE faisnéis faoi chiontuithe coiriúla a roinnt go héasca agus go tapa. Cinntítear inoibritheacht an chinneadh réime le ECRIS.

Féach an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh Réime 2008/675/CGB ón gComhairle

15.8.2008

15.8.2010

IO L 220, 15.8.2008, lgh. 32-34

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le Cinneadh Réime 2008/675/CGB ón gComhairle an 24 Iúil 2008 maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh i gcúrsa imeachtaí nua coiriúla, a chur i bhfeidhm ag na Ballstáit (COM(2014) 312 final an 2.6.2014).

Cinneadh 2014/858/AE ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2014 maidir le fógra ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann gur mian léi bheith rannpháirteach i ngníomhartha an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla arna nglacadh sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm agus nach cuid d’acquis Schengen iad (IO L 345, 1.12.2014, lgh. 6-9).

Nuashonraithe 10.06.2015



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.