Tosaíochtaí oibríochtúla an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta

 

ACHOIMRE

Mar bhanc an Aontais Eorpaigh (AE), cuireann an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) maoiniú agus saineolas ar fáil le haghaidh tionscadal infheistíochta fónta inbhuanaithe san Eoraip agus lasmuigh di. Is leis na 28 dtír AE an BEI, agus cuireann na tionscadail lena dtacaíonn sé le dul chun cinn a dhéanamh ar chuspóirí beartais AE. Léirítear tosaíochtaí an bhainc don am atá le teacht sa Phlean Corparáideach Oibríochta 2015–2017.

CÉARD A DHÉANANN AN PLEAN OIBRÍOCHTA 2015-2017?

Glacadh leis an bPlean Oibríochta i mí Aibreáin 2015, agus tugtar eolas ann faoina bhfuil beartaithe ag BEI chun an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní chun tionscadail a mhaoiniú, lena n-áirítear tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin bPlean Infheistíochta don Eoraip, a mheastar go dtabharfar frithghealltanas air le ráthaíocht bhreise ón mbuiséad AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Infheistíocht a dhéanamh chun iomaíochas AE a athbhunú

Tá BEI sa suíomh ceart chun tacú le fás infheistíochta, chun comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú, chun fostaíocht a chothú agus chun ról ríthábhachtach a ghlacadh maidir le hiomaíochas AE a athbhunú.

Tá sé an-freagrúil go fóill don timpeallacht eacnamaíoch agus tá sé ag leanúint lena ról mar bhanc AE a chruthú. Leagadh béim ar na rudaí sin nuair a ceadaíodh méadú caipitil €10 billiún in 2012. Cuirfear maoiniú breise de thimpeall €180 billiún ar fháil, dá bharr sin, idir 2013 agus 2015 ar fud AE le haghaidh tionscadal inmharthana infheistíochta, ag díriú ar thionscadail a bhfuil mar aidhm acu fás agus fostaíocht inbhuanaithe agus fadtéarmach a bhaint amach. Tá BEI ar an mbóthar ceart chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus fiú chun iad a shárú, agus tá sé beartaithe aige leanúint lena ról tábhachtach catalaíoch chun na dúshláin reatha a réiteach a bhaineann le hinfheistíocht agus le hiomaíochas AE.

Tá sé beartaithe ag BEI leanúint le hardleibhéal iasachtaí a chur ar fáil sa tréimhse 2015–2017, lena n-áirítear ranníocaíocht mhór fhrith-thimthriallach chun tacú le gníomhaíochtaí infheistíochta in AE.

Lasmuigh den Aontas Eorpach, leanfaidh an banc de thacaíocht a thabhairt do bheartas AE agus d’fhás a chur chun cinn atá bunaithe ar an earnáil phríobháideach. Déanfaidh sé é sin trí thacaíocht a thabhairt do rochtain ar mhaoiniú le haghaidh fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) agus do bhonneagar eacnamaíoch agus sóisialta a bhfuil géarghá leis, agus trí thacaíocht chomhairleach agus chúnaimh theicniúil a chur ar fáil.

Comhpháirtíocht straitéiseach idir BEI agus an Coimisiún Eorpach

Comhpháirtíocht straitéiseach idir an Coimisiún Eorpach agus BEI is ea an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), a chuirtear ar fáil ag Grúpa BEI (BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta — CEI), chun dul i ngleic le teip margaidh tríd an riosca a bhaineann le tionscadail a laghdú ionas go spreagfar infheistíocht.

De bhreis ar ráthaíocht €16 billiún ón mbuiséad AE, tabharfaidh BEI €5 billiún don tionscnamh nua. Cuirfidh sé sin ar chumas an CEIS infheistíocht bhreise de €315 billiún nó níos mó a dhíghlasáil sa tréimhse 2015–2017.

Breisluach ard na hiasachta

Tugann BEI airgead ar iasacht do chomhlachtaí earnála poiblí agus do chuideachtaí príobháideacha. Chun tacaíocht a fháil, ní mór don tionscadal dul chun cinn a dhéanamh ar chuspóirí AE agus ní mór dó a bheith fónta ó thaobh an gheilleagair, na teicneolaíochta, an airgeadais agus an chomhshaoil.

CÚLRA

Banc AE le haghaidh iasachtaí fadtéarmacha is ea BEI, agus cruthaíodh i 1958 é. Cuireadh an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) ar bun i 1994 chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ard-fáis agus/nó le fiontair atá ag feidhmiú i dteicneolaíochtaí nua a fhorbairt. Tá an BEI ina scairshealbhóir tromlach agus ina oibreoir den CEI. In 2000, cruthaíodh Grúpa BEI atá comhdhéanta den BEI agus CEI. Sa ghrúpa sin, ceadaíonn BEI iasachtaí bainc meántéarmacha agus fadtéarmacha, agus déanann CEI speisialtóireacht in oibríochtaí caipitil fiontair agus cuireann sé ráthaíochtaí ar fáil le haghaidh FBManna.

GNÍOMH

Grúpa na mBanc Eorpach Infheistíochta: plean oibríochta 2015-2017, an 8 Bealtaine 2015

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Airteagal 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lgh. 1-38)

Nuashonraithe 15.10.2015