Táirgí ainmhithe lena gcaitheamh ag an duine: rialacha sláinte ainmhithe
ACHOIMRE AR:
Treoir 2002/99/CE: rialacha sláinte ainmhithe maidir le táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí ainmhithe lena gcaitheamh ag an duine
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?
-
Leagtar síos inti rialacha ginearálta sláinte ainmhithe do tháirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine.
-
Cumhdaítear fúthu sin gach céim de na próisis táirgthe, phróiseála agus dáilte a dhéantar laistigh den Aontas Eorpach, mar aon le hallmhairí ó thíortha eile.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Ní mór d’údaráis náisiúnta a chinntiú nach leathann iad siúd ar fad atá bainteach sa slabhra bia galair in-tarchurtha chuig ainmhithe.
-
Ní mór do na táirgí teacht ó ainmhithe nach bhfuil cumhdaithe le srianta sláinte críocha.
-
Tá cosc ar fheoil agus ar tháirgí feola ó áitribh ina raibh ainmhithe ionfhabhtaithe, nó ainmhithe a gceaptar iad a bheidh ionfhabhtaithe, le linn an phróisis mharaithe.
-
Ní mór deimhniú tréidliachta a bheith ag gabháil le táirgí inite.
-
Déanann údaráis náisiúnta rialuithe oifigiúla ar shláinte ainmhithe. Ní fhógraítear na cigireachtaí de ghnáth.
-
Féadfaidh saineolaithe an Choimisiúin Eorpaigh, i gcomhar le húdaráis náisiúnta, seiceálacha ar an láthair agus iniúchtaí a dhéanamh. Tá na cumhachtaí cigireachta céanna acu i dtíortha nach bhfuil in AE.
-
Má shainaithnítear riosca tromchúiseach, ní mór do na húdaráis náisiúnta gach beart is gá a dhéanamh chun sláinte na n-ainmhithe a chosaint.
-
Maidir le hallmhairí
-
ní mór go gcloíonn siad le rialacha sláinte ainmhithe AE;
-
ní mór go dtagann siad as tíortha a chruthaíonn go gcomhlíonann siad na ceanglais sin;
-
ní mór deimhniú tréidliachta a bheith ag gabháil leo.
Aisghairm
Déanfar Treoir 2002/99/CE a aisghairm agus cuirfear Rialachán (AE) 2016/429 ina hionad ón 2 Aibreán 2021.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 12 Feabhra 2003. Bhí sé le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 2004.
CÚLRA
Tá bearta sonracha déanta ag AE i gcoinne na ngalar ainmhithe seo a leanas:
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach “Táirgí eile de bhunadh ainmhíoch” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
GNÍOMH
Treoir 2002/99/EC ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha a rialaíonn táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine (IO L 18, 23.1.2003, lgh. 11-20)
Rinneadh na leasuithe leantacha ar Threoir 2002/99/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 24.05.2016