Rialacha sláinteachais i ndáil le bia de bhunadh ainmhíoch

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é an príomhchuspóir leis an rialachán ceanglais shonracha maidir le sláinteachas a leagan síos maidir le bia de bhunadh ainmhíoch, atá mionsonraithe in Iarscríbhinn III (féach thíos).

Oibleagáidí ginearálta ar oibreoirí gnó bia

Leagtar amach in Iarscríbhinn III rialacha sonracha maidir le gach catagóir táirge.

Feoil, lena n–áirítear crúbacha clóis (speicis bhuaibheacha, speicis mhucúla, speicis de chineál caorach agus speicis de chineál gabhair); éanlaith chlóis agus giorriaigh (éin a ndéantar feirmeoireacht orthu, coiníní, giorriacha agus creimirí); géim feirme agus géim fhiáin; feoil mhionaithe, ullmhóidí feola agus feoil inneall–scartha/aisghafa; agus táirgí feola. Áirítear ar na rialacha ceanglais maidir le:

Moilisc dhébhlaoscacha bheo, amhail oisrí, diúilicíní, breallaigh, ruacain agus muiríní. Áirítear iad seo a leanas ar na ceanglais shonracha in Iarscríbhinn III:

Táirgí iascaigh, iasc mara agus iasc fíoruisce, lena n–áirítear crústaigh agus moilisc, bídís ina gcinn fhiáine nó ina gcinn a ndearnadh feirmeoireacht orthu. Baineann na rialacha le táirgí iascaigh leáite, neamhphróiseáilte agus táirgí iascaigh úra. I measc nithe eile, ní mór do tháirgí na ceanglais maidir leis an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

Caithfear bainne amh agus táirgí bainne a fháil ó ainmhithe atá:

Tá ceanglais ann freisin maidir le:

Maidir le huibheacha agus táirgí uibheacha:

Ní mór bunaíochtaí a leagan amach agus a fheistiú lena áirithiú go ndéanfar na hoibríochtaí seo a leanas a dheighilt:

Áirítear iad seo a leanas le ceanglas breise maidir le táirgí uibheacha:

Bia eile de bhunadh ainmhíoch

Tá rialacha in Iarscríbhinn III freisin a bhaineann leo seo a leanas:

Cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme an Choimisiúin

Tugtar an chumhacht don Choimisiún leis an rialachán é a oiriúnú trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh nuair a thabharfar údar leis le faisnéis eolaíoch nua nó le taithí phraiticiúil a gheofar.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2006.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhithe (IO L 139, 30.4.2004, lgh. 55-205). Téacs arna athfhoilsiú i gceartúchán (IO L 226, 25.6.2004, lgh. 22–82).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1–142).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2005 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme maidir le táirgí áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir le heagrú rialuithe oifigiúla faoi Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena maolaítear ó Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 (IO L 338, 22.12.2005, lgh. 27–59).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lgh. 1–54).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 15.02.2023