Fiabhras Afracach na muc a chosc agus a rialú

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2002/60/CE — rialacha sonracha maidir le fiabhras Afracach na muc a rialú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach léi bearta um chosc, rialú agus díothú fhiabhras Afracach na muc, galar tógálach marfach go ginearálta i muca agus i dtoirc, lena mbaineann iarmhairtí tromchúiseacha socheacnamaíocha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Gníomh cur chun feidhme a ghlacadh

In 2014, ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme (Cinneadh 2014/709/AE) ina leagtar síos bearta rialaithe mionsonraithe maidir le sláinte ainmhithe nach mór a ghlacadh i ndáil le fiabhras Afracach na muc i dtíortha AE (nó i réigiúin na dtíortha sin) atá ionfhabhtaithe. Áirítear leis na bearta toirmisc ar sheoladh muc beo, muiceola agus táirgí muiceola, seamhan muc, ubhán agus suthanna.

Tá an iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh, a nuashonraítear go rialta, roinnte ina cheithre chuid. Tá limistéir thíortha AE lena mbaineann liostaithe agus sainmhínithe i gCuid I go Cuid IV den iarscríbhinn, arna ndifreáil de réir leibhéal an riosca bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch maidir le fiabhras Afracach na muc.

Aisghairm

Aisghairfear an treoir seo le Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 9 Lúnasa 2002 agus b’éigean di a bheith ina dlí i dtíortha AE faoin 1 Iúil 2003.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir ón gComhairle 2002/60/ CE an 27 Meitheamh 2002 lena leagtar síos forálacha sonracha maidir le fiabhras Afracach na muc a rialú agus lena leasaítear Treoir 92/119/CEE maidir le heinceifilimiailíteas eintrivíreasach muc agus fiabhras Afracach na muc (IO L 192, 20.7.2002, lgh. 27-46)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2002/60/CE a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“an dlí maidir le sláinte ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1-208)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/709/AE ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta rialaithe sláinte ainmhithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc i mBallstáit áirithe agus lena n–aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/178/AE (IO L 295, 11.10.2014, lgh. 63-78)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2003/422/CE ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2003 lena gceadaítear lámhleabhar diagnóiseach fiabhras Afracach na muc (IO L 143, 11.6.2003, lgh. 35-49)

Nuashonraithe 18.09.2019