Salmonella agus oibreáin zónóiseacha eile a rialú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 maidir le sláinte an duine a chosaint in aghaidh salmonella agus oibreáin zónóiseacha bhia-iompartha eile

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is é is aidhm leis brath agus rialú Salmonella a chinntiú ag gach céim, go háirithe le linn an táirgthe phríomhúil (sa chomhthéacs seo, pórú agus tógáil éanlaithe clóis agus beostoic eile) agus i mbeathú ainmhithe, chun a leitheadúlacht agus a riosca don tsláinte phoiblí a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baictéar is ea Salmonella a fhaightear go coitianta i stéig éan agus mamach sláintiúil a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le tinneas ar a dtugtar salmanallóis i ndaoine trí bhia éillithe, uibheacha agus feoil mhuice den chuid is mó, agus go méid níos lú, in éineoil. Áirítear fiabhras, buinneach agus crampaí boilg ar chomharthaí sóirt an tinnis.

Raon feidhme

Cad a chumhdaítear faoin rialachán?

Níl feidhm aige maidir le táirgeadh príomhúil d’úsáid phríobháideach tí nó do sholáthar díreach áitiúil i méideanna beaga.

Spriocanna AE

I ndiaidh comhairliúchán a dhéanamh le tíortha AE, tá spriocanna um rialú i dtáirgeadh príomhúil beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach. Tá siad sin curtha in iúl mar an uaschéatadán ceadaithe de thréada nó d’ealtaí arna n-ionfhabhtú, mar an t-íoslaghdú a theastaíonn agus mar an teorainn ama ina gcaithfear é sin a bhaint amach.

Rinneadh spriocanna AE, atá le baint amach laistigh de 3 bliana ón tús, sa bhliain faoi seach do gach grúpa ainmhithe, a leagan amach mar a leanas:

Cláir náisiúnta um rialú

Chun na spriocanna a bhaint amach, bhí ar thíortha AE cláir náisiúnta um rialú a dhréachtú, ina gcumhdófar ar a laghad táirgeadh beathaithe, táirgeadh príomhúil ainmhithe, agus próiseáil agus ullmhú bia, chun:

Bhí ar an gCoimisiún Eorpach na cláir náisiúnta sin a fhaomhadh agus tá siad cómhaoinithe aige.

Uibheacha

Rialachán (CE) Uimh. 1237/2007 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 agus lena gcuirtear cosc ar uibheacha ó thréada béaróg atá ionfhabhtaithe le Salmonella áirithe a chur ar an margadh.

Earraí bia eile

Feadh an biashlabhra, forlíontar na bearta a theastaíonn le Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 leis na critéir mhicribhitheolaíochta maidir le Salmonella, L. monocytogenes agus oibreáin zónóiseacha eile nó a dtáscairí, atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005. Leis seo leagtar síos na critéir mhicribhitheolaíochta maidir le miocrorgánaigh agus rialacha áirithe d’oibreoirí gnólachtaí bia i dtaca le ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ar shláinteachas bia.

Ní féidir le tástáil mhicribhitheolaíochta leis féin sábháilteacht na mbianna a thástáiltear a chinntiú, ach leis na critéir seo cuirtear cuspóirí agus pointí tagartha ar fáil chun cuidiú le gnólachtaí agus údaráis bhia sábháilteacht bianna a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi.

Ráthaíochtaí speisialta doSalmonellalena dtrádáil le roinnt tíortha AE

Ní mór tréada nó bia a thástáil do Salmonella sula ndéantar iad a thrádáil leis an bhFionlainn, leis an tSualainn agus leis an Iorua (ainmhithe beo, uibheacha agus feoil), agus leis an Danmhairg (uibheacha), agus na torthaí a bheith san áireamh ar na deimhniúcháin sláinte AE ábhartha.

Allmhairí

Chun a bheith údaraithe go hoifigiúil chun éanlaith chlóis bheo, uibheacha goir nó uibheacha boird a onnmhairiú, ní mór do thíortha nach bhfuil in AE cláir choibhéiseacha um rialú a bheith acu. Tá faomhadh dá leithéid ina ábhar i gCinneadh 2007/843/CE ón gCoimisiún. Ní mór do bhia a onnmhairítear isteach in AE cloí leis na critéir um shábháilteacht bhia agus ní mór ráthaíochtaí coibhéiseacha a chur ar fáil maidir le critéir um shláinteachas próisis.

Saotharlanna tagartha Eorpacha agus náisiúnta

D’ainmnigh an Coimisiún an clár oibre um shaotharlann tagartha Eorpach maidir le gach ceann de na hoibreáin zónóiseacha is ábhartha agus tá sé á mhaoiniú aige. Tá saotharlanna tagartha náisiúnta ainmnithe ag na tíortha AE chun na hoibreáin zónóiseacha sin a anailísiú agus a thástáil.

Tuarascálacha

Is féidir treochtaí maidir le tarlú na n-oibreán bia-iompartha i ndaoine, bia, ainmhithe agus beatha a fháil ar shuíomh gréasáin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bhia. Rud suntasach is ea é go bhfuil laghdú tagtha ar shalmanallóis i measc daoine ó thart ar 200,000 cás sa bhliain in 2004 go dtí thart ar 90,000 in 2014.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 12 Meitheamh 2004.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Oibreán zónóiseach: baictéar, amhail salmonella, is cúis le hionfhabhtuithe nó galair a aistrítear go díreach nó go hindíreach idir ainmhithe agus daoine, mar shampla, i mbia éillithe nó trí theagmháil.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le salmonella agus oibreáin zónóiseacha bhia-iompartha eile a rialú (IO L 325, 12.12.2003, lgh. 1-15)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh95/410/CE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1995 lena leagtar síos na rialacha maidir le tástáil mhicribhitheolaíochta trí shampláil i mbunaíocht tionscnaimh éanlaithe clóis lena marú a bheartaítear don Fhionlainn agus don tSualainn (IO L 243, 11.10.1995, lgh. 25-28)

Leagan comhdhlúite

Cinneadh 2003/644/CE ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2003 lena mbunaítear ráthaíochtaí breise maidir le salmonella le haghaidh coinsíneachtaí d’ealtaí éanlaith phórúcháin agus sicíní aon lá d’aois don Fhionlainn agus don tSualainn lena dtabhairt isteach in ealtaí éanlaith chlóis phórúcháin nó ealtaí éanlaith chlóis tháirgiúil (IO L 228, 12.9.2003, lgh. 29-34)

Cinneadh 2004/235/CE ón gCoimisiún an 1 Márta 2004 lena mbunaítear ráthaíochtaí breise maidir le salmonella le haghaidh coinsíneachtaí béaróg don Fhionlainn agus don tSualainn (IO L 72, 11.3.2004, lgh. 86-90)

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lgh. 1-54)

Leagan comhdhlúite

Rialachán (CE) Uimh. 1688/2005 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2005 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ráthaíochtaí speisialta maidir le salmonella le haghaidh coinsíneachtaí feola agus uibheacha áirithe don Fhionlainn agus don tSualainn (IO L 271, 15.10.2005, lgh. 17-28)

Leagan comhdhlúite

Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gComhairle an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíochta d’earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lgh. 1-26)

Leagan comhdhlúite

Rialachán (CE) Uimh. 1177/2006 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais um úsáid modhanna áirithe i gcreat na gclár náisiúnta chun salmonella in éanlaith chlóis a rialú (IO L 212, 2.8.2006, lgh. 3-5)

Rialachán (CE) Uimh. 1237/2007 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2006/696/CE maidir le huibheacha ó thréada béaróg atá ionfhabhtaithe le Salmonella a chur ar an margadh (IO L 280, 24.10.2007, lgh. 5-9)

Rialachán (CE) Uimh. 213/2009 ón gCoimisiún an 18 Márta 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1003/2005 maidir le rialú agus tástáil Salmonella in ealtaí pórúcháin Gallus gallus agus turcaithe (IO L 73, 19.3.2009, lgh. 5-11)

Rialachán (AE) Uimh. 200/2010 ón gCoimisiún an 10 Márta 2010 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sprioc an Aontais chun leitheadúlacht séiritíopaí Salmonella in ealtaí éanlaith phórúcháin fásta Gallus gallus a laghdú (IO L 61, 11.3.2010, lgh. 1-9)

Leagan comhdhlúite

Rialachán (AE) Uimh. 517/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sprioc an Aontais chun leitheadúlacht séiritíopaí Salmonella áirithe i gcearca goir Gallus gallus a laghdú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 agus Rialachán (AE) Uimh. 200/2010 gCoimisiún (IO L 138, 26.5.2011, lgh. 45-51)

Leagan comhdhlúite

Rialachán (AE) Uimh. 200/2012 ón gCoimisiún an 8 Márta 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sprioc an Aontais chun Salmonella enteritidis agus Salmonella typhimurium ealtaí sicíní grísce a laghdú, dá ndéantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 71, 9.3.2012, lgh. 31-36)

Leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 28.07.2016