Straitéis bithéagsúlachta do 2020

Glacann an tAontas Eorpach (AE) straitéis chun staid na bithéagsúlachta san Eoraip a chosaint agus a fheabhsú don chéad deich mbliana eile. Sainaithnítear sa straitéis seo sé sprioc lena gcumhdaítear na príomhfhachtóirí um chaillteanas bithéagsúlachta agus lena laghdófar na brúnna is mó ar an dúlra.

ACHOIMRE

Tá sé mar aidhm leis an straitéis stop a chur le caillteanas na bithéagsúlachta agus díghrádú éiceachóras san Aontas Eorpach (AE) faoi 2020, trí shé sprioc tosaíochta a shainaithint. Tá an straitéis seo ina cuid dhílis de straitéis Eoraip 2020, agus, go háirithe, de thionscnamh suaitheanta dar teideal “An Eoraip atá tíosach ar acmhainní”.

Sprioc 1: an dúlra a chaomhnú agus a athchóiriú

Ní mór don AE a chinntiú go gcuirfear na Treoracha maidir le “hÉin” agus maidir le “Gnáthóga” i bhfeidhm níos fearr. Is ionann an dá Threoir sin agus cnámh droma bheartas bithéagsúlachta AE. Tá torthaí maithe bainte amach acu go dtí seo, amhail cruthú Natura 2000, an gréasán is mó de limistéir faoi chosaint ar domhan, ina gcumhdaítear os cionn 750 000 km2. Mar sin féin, níl go leor dul chun cinn déanta fós i gcomhthéacs stádas caomhantais fabhrach na ngnáthóg agus na n-éan uile a bhfuil tábhacht Eorpach leo. Chun an chéad sprioc sa straitéis seo a bhaint amach, ní mór do thíortha AE a chinntiú go gcuirfear an reachtaíocht reatha i bhfeidhm níos fearr. Go sonrach, ní mór dóibh limistéir Natura 2000 a bhainistiú agus a athchóiriú trí na hacmhainní riachtanacha a infheistiú. Chuideodh na gníomhartha sin le stop a chur le caillteanas na bithéagsúlachta agus leis an mbithéagsúlacht a athchóiriú faoi 2020.

Sprioc 2: éiceachórais agus a seirbhísí a chothabháil agus a fheabhsú

In AE, rinneadh a lán éiceachóras agus a seirbhísí a dhíghrádú, de bharr ilroinnt talún den chuid is mó. Dírítear i sprioc 2 ar sheirbhísí éiceachóras a chothabháil agus a fheabhsú agus ar na héiceachórais díghrádaithe a athchóiriú (15% ar a laghad faoi 2020), trí bhonneagar glas a chomhtháthú i bpleanáil talamhúsáide.

An 6 Bealtaine 2013, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir le bonneagar glas, ina gcuirtear síos, go háirithe, ar phríomhghnéithe straitéis AE amach anseo sa réimse seo, lena n-áirítear:

bonneagar glas a chur chun cinn sna réimsí beartais ábhartha (beartas comhtháthaithe, athrú aeráide agus an comhshaol, sláinte agus gnóthaí tomhaltóirí, CAP - an Comhbheartas Talmhaíochta, etc.);

feabhas a chur ar fhaisnéis, eolas agus nuálaíocht chun úsáid bonneagair ghlais a spreagadh;

feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú le haghaidh tionscadail bonneagair ghlais;

staidéar a dhéanamh ar an bhféidearthacht um thionscadail bonneagair ghlais ar fud AE.

Faoi 2015, molfaidh an Coimisiún tionscnamh freisin a bheidh dírithe ar ghlanchaillteanas ar bith ar éiceachórais agus ar a seirbhísí a chosc.

Sprioc 3: inbhuanaitheacht talmhaíochta agus foraoiseachta a chinntiú

Leis na hionstraimí a soláthraíodh faoin CAP ba chóir go gcuirfí leis na limistéir faoi thalmhaíocht ar fud féaraigh, talún arúla, agus barr buan atá cumhdaithe faoi bhearta bithéagsúlachta a uasmhéadú, faoi 2020.

Cuirfear Pleananna Bainistíochta Foraoise nó ionstraimí coibhéiseacha i bhfeidhm maidir le gach foraois atá faoi úinéireacht phoiblí agus maidir leis na gabháltais foraoise os cionn méide áirithe, faoi 2020. Ní mór bainistíocht inbhuanaithe foraoisí a chinntiú sna pleananna chun maoiniú a fháil faoi Bheartas Forbartha Tuaithe AE.

Ní mór do bhearta a ghlacfar chun bainistíocht inbhuanaithe a chinntiú cur le spriocanna 1 agus 2 den straitéis a bhaint amach fosta.

Sprioc 4: úsáid inbhuanaithe acmhainní iascaigh a chinntiú

Leis na bearta a ghlacfar mar chuid den Chomhbheartas Iascaigh ní mór go mbeifí ábalta an tUastoradh Inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach faoi 2015. Chun na críche sin, tá sé riachtanach pobail a bhaint amach de réir aoise agus dáilte a léiríonn go bhfuil stoc sláintiúil ann. Trí bhainistíocht iascaigh nach mbeidh droch-thionchair shuntasach i gceist léi ar stoic, speicis agus éiceachórais eile, beifear ábalta Dea-Stádas Comhshaoil a bhaint amach faoi 2020, de réir “na Creat-treorach Straitéise Mara”.

Sprioc 5: dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha

Seachas an reachtaíocht maidir le húsáid speiceas ionrach agus speiceas nach bhfuil fáil áitiúil orthu sa dobharshaothrú, níl beartas cuimsitheach AE ar bith ann faoi láthair maidir le dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha. Mar sin féin, cuireann na speicis sin bagairt shuntasach faoi bhithéagsúlacht na hEorpa. Dá bhrí sin tá sé riachtanach iad a shainaithint, a aonrú nó a dhíothú, agus a dtabhairt isteach a rialú d’fhonn teacht i láthair speiceas úr a chosc. Chun na críche sin, líonfaidh an Coimisiún na bearnaí beartais maidir le dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha le hionstraim reachtach thiomanta.

Sprioc 6: an ghéarchéim dhomhanda bhithéagsúlachta a phlé

Ní mór don AE a chion le seachaint caillteanas bithéagsúlachta domhanda a mhéadú trí na tiomantais a rinneadh ag an 10ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Naisiún Aontaithe ar an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (COP10), a tionóladh in Nagoya in 2010. Le linn na comhdhála sin, thiomnaigh AE do:

na spriocanna arna leagan amach sa Phlean Straitéiseach Domhanda um Bithéagsúlacht 2011-2020 a bhaint amach;

an Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus na Sochair a bhaineann leis na hAcmhainní sin Mar Aon lena nÚsáid a Roinnt go Cóir agus go Cothromasach, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (Prótacal ABS) a chur i bhfeidhm; agus

acmhainní breise a eagrú chun an dúshlán um bithéagsúlacht ar fud an domhain a chosaint a mhaoiniú.

Comhthéacs

Tagann an straitéis le dhá mhórthiomantas a rinne ceannairí AE i Márta 2010, is iad sin stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta in AE faoi 2020 agus an bhithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachóras in AE a chosaint, a mheasúnú agus a athchóiriú faoi 2050.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Ár n-árachas saoil, ár gcaipiteal nádúrtha: straitéis bithéagsúlachta AE go 2020 (COM(2011) 244 deiridh an 3 Bealtaine 2011)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (BG) - Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Threisiú (COM(2013) 249 final an 6 Bealtaine 2013)

Nuashonraithe 21.09.2015