An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) — faisnéis maidir leis an gcomhshaol agus faireachán ar an gcomhshaol

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach leis an rialachán aidhmeanna agus cuspóirí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) agus an Ghréasáin Eorpaigh um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (Eionet). Cuirtear ar a gcumas leis sin faisnéis a sholáthar a thacaíonn le beartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh a cheapadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Gníomhaireacht dhíláraithe de chuid an Aontais is ea an EEA. Is é is cuspóir leis faisnéis oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide a sholáthar chun cosaint agus feabhsú an chomhshaoil a éascú agus chun tacú le forbairt inbhuanaithe ionas:

Tá na príomhchúraimí seo a leanas uirthi:

Áirítear leis na sonraí arna gcumhdach:

Áirítear ar Bhord Bainistíochta EEA ionadaí amháin ó gach ceann dá 32 Ballstát (27 Ballstát, an Eilvéis, an Íoslainn, an Iorua, Lichtinstéin agus an Tuirc), dhá ionadaí ón gCoimisiún Eorpach agus dhá shaineolaí eolaíochta arna gceapadh ag Parlaimint na hEorpa. Tá stiúrthóir feidhmiúcháin freagrach as an mbainistíocht ó lá go lá.

Comhoibríonn EEA le comhlachtaí AE agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile, amhail Oifig Staidrimh AE (Eurostat) agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

Is éard is Eionet ann, arna chomhordú ag an EEA, ná líonra faisnéise AE maidir le saincheisteanna comhshaoil agus tá sé comhdhéanta de 32 ballstát EEA agus sé thír chomhoibríocha (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv*, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia).

Le Rialachán (AE) 2021/1119, an Dlí Eorpach Aeráide (féach an achoimre), cuireadh airteagal breise (Airteagal 10a) le Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 lena mbunaítear Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide. Tá 15 stiúrthóir eolaíochta shinsearacha neamhspleácha ar an mBord Comhairleach ina gcumhdaítear raon leathan disciplíní ábhartha. Ainmníonn Bord Bainistíochta EEA comhaltaí an Bhoird Chomhairligh ar feadh 4 bliana, i ndiaidh nós imeachta dian oscailte um roghnú. Ceaptar na comhaltaí i gcáil phearsanta agus roghnaítear iad ar bhonn a mbairr feabhais eolaíoch, a saineolais leathain agus a dtaithí gairmiúla.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 10 Meitheamh 2009.

Le Rialachán (CE) 401/2009 códaíodh Rialachán (CEE) Uimh. 1210/90 agus a leasuithe ina dhiaidh sin agus cuireadh an Rialachán sin ina n–ionad.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (Leagan códaithe) (IO L 126, 21.5.2009, lgh. 13–22).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.


* Tá an t–ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus Tuairim CBI faoi Dhearbhú Neamhspleáchais na Cosaive.

Nuashonraithe 19.04.2023