Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcomhair Réigiún Mhuir Bhailt

Féachtar leis an teachtaireacht seo Straitéis fhoriomlán AE i gcomhair Réigiún Mhuir Bhailt a mholadh. Iarrtar leis an straitéis comhar sa réigiún a neartú chun freagairt do na dúshláin chomhchoiteanna atá os a chomhair agus chun forbairt atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcomhair Réigiún Mhuir Bhailt (COM(2009) 248 final an 10.6.2009)

ACHOIMRE

CAD Í AIDHM NA TEACHTAIREACHTA SEO?

Féachtar leis an teachtaireacht seo Straitéis fhoriomlán AE i gcomhair Réigiún Mhuir Bhailt a mholadh. Iarrtar leis an straitéis comhar sa réigiún a neartú chun freagairt do na dúshláin chomhchoiteanna atá os a chomhair agus chun forbairt atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn.

PRÍOMHEILIMINTÍ

Cumhdaíonn an straitéis tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) a roinneann teorainn le Muir Bhailt (an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn agus an tSualainn).

Dírítear sa straitéis ar thrí phríomhchuspóir:

1.

An Mhuir a shábháil: baineann an cuspóir seo le leochaileacht Mhuir Bhailt don eotrófú (nuair atá an iomarca cothaitheach san uisce agus nuair a fhásann algaí go han-tapa dá bharr), do thruailliú agus don ró-iascaireacht mar shampla, rud a éilíonn ardleibhéal comhair idir na tíortha sa réigiún. Baineann an cuspóir freisin le dea-stádas comhshaoil agus le héagsúlacht bhitheolaíoch a bhaint amach sa Mhuir Bhailt agus le Réigiún Mhuir Bhailt a chur ar bun mar eiseamláir de mhuiriompar ghlan shábháilte.

2.

An Réigiún a nascadh trí idirnascacht chórais fuinnimh agus iompair na dtíortha sa réigiún a mhéadú, réigiúin iargúlta san áireamh (tuaisceart na Fionlainne agus na Sualainne). Seans go mbaineann sé freisin le comhpháirtíochtaí nithiúla a dhéanann coireacht thrasteorann a chomhrac, srl.

3.

Rathúnas a mhéadútrí na bacainní armhargadh inmheánachRéigiún Bhailt a bhaint, trí bhunphrionsabail chomhchoiteanna eacnamaíocha, chultúrtha agus turasóireachta a fhorbairt agus trínuálaíochta spreagadh le comhchlár Mhuir Bhailt um thaighde agus um fhorbairt (BONUS).

Cur chuige macrairéigiúnach

Cuirtear raon gníomhaíochtaí macrairéigiúnacha i bhfeidhm i réimsí beartais mar chuid de na trí chuspóir sin. Tugtar aghaidh leis na gníomhaíochtaí sin ar dhúshláin chomhchoiteanna i gceantar áirithe (comhshaol inbhuanaithe a chur ar bun, rathúnas an réigiúin a fheabhsú, inrochtaineacht agus tarraingteacht an réigiún a mhéadú agus sábháilteacht agus slándáil an réigiúin a chinntiú).

Bíonn tionchar mar sin ag na gníomhaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm ar an gceantar iomlán, tionchar a théann thar teorainneacha na dtíortha a chumhdaítear.

D’fhéadfadh gníomhaíochtaí den chineál seo a bheith i gceist:

gníomhaíochtaí suaitheanta a ceapadh chun modhanna glana muiriompair a chur chun cinn nó chun tacú le forás fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) mar shampla;

tionscnaimh chomhpháirteacha a bhfuil tíortha éagsúla i réigiún áirithe ag glacadh páirte iontu, a dhéanann líonrú agus idirnascacht a spreagadh.

Modhanna um idirghabháil

Tagann mórchuid de chistiúchán na straitéise ó Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (ESI) don tréimhse 2014-2020. Faightear cistiúchán freisin óna lán foinsí airgeadais eile (Fís 2020, clár BONUS, an clár LIFE, cláir oideachais agus chultúir, clár Interreg Réigiún Mhuir Bhailt, srl.) agus ó fhoinsí náisiúnta, réigiúnacha agus príobháideacha chun íoc as gníomhaíochtaí agus tionscadail na straitéise agus an plean gníomhaíochta.

D’fhéadfadh gníomhaíochtaí agus tionscadail sna hearnálacha iompair, fuinnimh agus cumarsáide agus faisnéise (CF) cistiúchán a fháil freisin tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Ina theannta sin, d’fhéadfadh roinnt mórthionscadal tacaíocht a fháil ó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais amhail an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Nordach Infheistíochta.

Rialachas

Tá raon macrairéigiúnach ag an straitéis agus ní mór do na páirtithe leasmhara uile (gníomhairí sochaí sibhialta agus údaráis réigiúnacha, náisiúnta agus AE) lámh a bheith acu inti dá bharr.

CÚLRA

Mhol an Coimisiún straitéis tosaigh sa bhliain 2009 agus cuireadh an straitéis sin in oiriúint sa bhliain 2012 chun dul i ngleic leis na dúshláin chomhchoiteanna mhacrairéigiúnacha atá os comhair limistéar Mhuir Bhailt. Cuireadh Plean Gníomhaíochta leasaithe de chuid na straitéise i láthair i mí an Mheithimh 2015.

Féach láithreán gréasáin Straitéis AE i gcomhair Réigiún Mhuir Bhailt chun tuilleadh faisnéise a fháil, faisnéis faoin bplean gníomhaíochta 2015 san áireamh.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh Uimh. 862/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le rannpháirteachas an Aontais i gComhchlár Mhuir Bhailt um Thaighde agus um Fhorbairt (BONUS) a bhfuil Ballstáit éagsúla ag glacadh páirte ann (IO L 256, 30.9.2010, lgh. 1-14)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis AE i gcomhair Réigiún Mhuir Bhailt a chur i bhfeidhm (COM(2011) 381 final an 22.7.2011)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcomhair Réigiún Mhuir Bhailt (COM(2012) 128 final an 23.3.2012)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le luach breise na straitéisí macrairéigiúnacha (COM(2013) 468 final an 27.6.2013)

Nuashonrú is déanaí: 07.06.2015