Córas Eorpach chun iompróirí ábhair radaighníomhaigh a chlárú (togra)

Tá mar chuspóir ag an Togra Rialacháin seo ná córas aonair clárúcháin a chur in ionad nósanna imeachta náisiúnta dearbhaithe agus údaraithe, i dtaobh iompróirí ábhair radaighníomhaigh. Má chuirtear i bhfeidhm an Rialachán seo, d’fhéadfaí na nósanna imeachta a shimpliú agus an costas riaracháin a laghdú, agus ardleibhéal radachosaint a choinneáil.

TOGRA

Proposal for a Council Regulation of 30 August 2011 establishing a Community system for registration of carriers of radioactive materials [COM(2011) 518 final — Not published in the Official Journal] (Togra Rialacháin ón Chomhairle an 30 Lúnasa 2011 a chuireann ar bun córas chlárúchán na n-iompróirí ábhair radaighníomhaigh sa Chomhphobal [COM(2011) 518 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

ACHOIMRE

Féachann an Togra Rialacháin seo chuig córas Eorpach a chur ar bun maidir le hiompróirí ábhair radaighníomhaigh a chlárú *. Is é atá i gceist ná cosaint na n-oibrithe agus an phobail ar na contúirtí a bhaineann leis an radaíocht ianúcháin.

Baineann an Togra seo le gach uile iompróir a iompraíonn ábhar radaighníomhach taobh istigh den Aontas Eorpach (AE), ó thríú tíortha go dtí an AE agus ón AE go dtí tríú tíortha. Ní bhaineann sé le hiompróirí a iompraíonn ábhar radaighníomhach in árthach aeir nó ar farraige.

Clárúchán na n-iompróirí

Bíonn ar na hiompróirí clárú sa chóras leictreonach clárúcháin na n-iompróirí (ESCReg). Tá rochtain theoranta shlán ag údaráis ábhartha na mBallstát, ag na hiompróirí cláraithe, agus ag na hiarrthóirí clárúcháin, de réir forálacha na Treorach faoi chosaint na sonraí pearsanta. Má tá an t-iarrthóir fódaithe i mBallstát nó i mBallstáit, is é údarás ábhartha * an Bhallstáit mar a bhfuil a cheannoifig a chuireann a iarratas i gcrích. Má tá an t-iarrthóir fódaithe i dtríú tír, is é údarás ábhartha an Bhallstáit mar a bhfuil sé de rún aige teacht isteach den chéad uair i limistéar an AE a chuireann a iarratas i gcrích.

Ainmníonn na Ballstáit údarás ábhartha agus pointe teagmhála náisiúnta d’iompar ábhair radaighníomhaigh.

Má dhiúltaíonn an t-údarás ábhartha deimhniú clárúcháin a bhronnadh ar an iompróir, tig leis an iarrthóir achomharc.

Glacann gach uile Bhallstát leis an deimhniú clárúcháin, maireann sé go ceann cúig bliana agus tá sé in-athnuaite.

Coinníollacha iompair na n-ábhar radaighníomhach

Agus é cláraithe, tá sé ar chumas an iompróra a bheith ag iompar ar fud an AE. Caithfidh cóip dá dheimhniú clárúcháin a bheith ag an iompróir le linn dó iompar.

Ní bhaineann riachtanais náisiúnta dearbhaithe agus údaraithe an Togra Rialacháin seo ach maidir le hiompar na n-ábhar seo a leanas:

Mar sin féin, féadann sealbhóir ceadúnais nó clárúcháin a eisíodh i gcomhréir leis an Treoir faoi na contúirtí a bhaineann leis an radaíocht ianúcháin ábhar radaighníomhach a iompar gan chlárúchán, má tá an t-iompar cuimsithe sna ceadúnais nó sna clárúcháin do gach uile Bhallstát a dtarlaíonn an t-iompar taobh istigh de.

Mura ndéanann an t-iompróir de réir riachtanais an Togra Rialacháin seo, féadann údarás an Bhallstáit mar ar tharla an sárú clárúchán an iompróra a chur ar fionraí, a chúlghairm nó a mhionathrú. D’fhéadfaí é a chúiseamh mar an gcéanna.

Comhthéacs

I 2008, ghlac an Chomhairle agus an Pharlaimint leis an Treoir i dtaobh iompar na n-ábhar contúirteach d’fhonn gach uile mhodh iompair inmheánaigh a bhailiú le chéile. De réir na Treorach 96/29/Euratom a shocraíonn an bunchaighdeán maidir le cosaint shláinte an phobail agus na n-oibrithe ar na contúirtí a bhaineann leis an radaíocht ianúcháin, ba chóir do na Ballstáit córas clárúcháin a chur ar bun chun na fiontair agus na hinstitiúidí a dhéileálann le hábhair radaighníomhacha, agus na hiompróirí ina measc, a chlárú. Láróidh an Togra Rialacháin seo an clárúchán sin chun an t-iompar a éascú san AE.

Eochairthéarmaí atá san Acht

Tagairtí

Togra

Iris Oifigiúil

Nós imeachta

COM(2011) 518 críochnaitheach

2011/0225/NLE

See also

Nuashonrú is déanaí: 30.11.2011