Lampaí fluaraiseacha agus lampaí díluchtaithe ard-dlúis — ceanglais éicidhearthóireachta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 245/2009 — ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh lampaí fluaraiseacha agus lampaí díluchtaithe ard-dlúis

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar síos ann na rialacha éicidhearthóireachta is infheidhme do chineálacha áirithe lampaí atá le húsáid do shoilsiú ginearálta chun a dtionchar comhshaoil a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an rialachán go sonrach le:

Riachtanais éicidhearthóireachta

Déantar an ceanglas éicidhearthóireachta a shainiú sa rialachán seo i sé chéim chomhleanúnacha (beidh an chéim dheireanach i bhfeidhm ó 2018) agus déanfar méadú de réir a chéile le gach ceann díobh ar na spriocanna agus/nó leathnófar raon feidhme na gceanglas leo chuig fochatagóirí úra táirgí. Baineann na ceanglais sin le:

Comhréireacht

Ceanglaítear ar mhonaróirí nó ar a n-ionadaithe measúnú comhréireachta a dhéanamh sula gcuireann siad táirge a úsáideann fuinneamh ar an margadh.

Nósanna imeachta fíorúcháin chun críche faireachas margaidh

Ní mór d’údaráis náisiúnta thíortha AE nósanna imeachta um fhaireachas margaidh a chur i bhfeidhm maidir le:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 13 Aibreán 2009.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Lampaí fluaraiseacha gan ballasta comhtháite: lampaí díluchtaithe den chineál mearcair ísealbhrú sa chás go gcuirtear an chuid is mó den solas amach trí fhloscadh móilíní sraithe amháin nó níos mó d’fhosfar trí radaíocht ultraivialait ón díluchtú. D’fhéadfadh caipín amháin nó dhá chaipín a bheith orthu agus níl ballasta comhtháite orthu.

Lampaí díluchtaithe ard-dlúis: lampaí lena ngintear an solas, go díreach nó go hindíreach, le díluchtú leictreach trí ghás, trí ghal miotail nó trí mheascán roinnt gás agus gal, agus trína ndéantar an stua lena ngintear solas a chobhsú le teocht balla agus tá lód balla bolgáin ag an stua de bhreis ar thrí vata in aghaidh an chiliméadair chearnaigh.

Ballastaí: fearais a úsáidtear go príomha chun teorainn a chur ar shruth an lampa (na lampaí) go dtí an luach a theastaíonn.

Fearais solais: píosaí gairis lena ndáiltear, lena scagtar nó lena n-aistrítear an solas a tarchuireadh ó fhoinse solais amháin nó níos mó agus ina gcuimsítear na páirteanna ar fad is gá chun tacú leis na foinsí solais, chun iad a dheisiú agus chun iad a chosaint.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 245/2009 ón gCoimisiún an 18 Márta 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2005/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh lampaí fluaraiseacha gan ballasta comhtháite, le haghaidh lampaí díluchtaithe ard-dlúis, agus le haghaidh ballastaí agus fearais solais lenar féidir na lampaí sin a oibriú, agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 76, 24.3.2009, lgh. 17-44)

Rinneadh na leasuithe agus ceartúcháin comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 245/2009 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos (IO L 285, 31.10.2009, lgh. 10-35)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 13.12.2016