Dramhaíl radaighníomhach agus breosla spíonta - rialacha sábháilteachta

Treoir 2011/70 - dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go sábháilte

GNÍOMH

Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go freagrach agus go sábháilte

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Leagtar síos sa treoir:

prionsabail chun beartais náisiúnta maidir le dramhaíl radaighníomhach agus le breosla spíonta ó ghníomhaíochtaí sibhialta núicléacha a threorú;

raon na gcreataí náisiúnta reachtacha, rialála agus eagraíochtúla;

rialacha maidir le diúscairt.

PRÍOMHPHOINTÍ

Faoin treoir seo, éilítear ar thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) beartais náisiúnta maidir le dramhaíl radaighníomhach agus le breosla spíonta a leagadh amach bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

ní mór an méid dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta is lú agus is féidir a ghiniúint;

braitheann céimeanna uile na giniúna agus na bainistíochta ar a chéile;

tugtar tosaíocht don tsábháilteacht;

ní mór do ghineadóirí na dramhaíola radaighníomhaí agus an bhreosla spíonta íoc as costais iomlána na gceanglas sábháilteachta;

ní mór na próisis uile chinnteoireachta a léiriú.

Tá gach tír AE freagrach as an dramhaíl radaighníomhach agus as an mbreosla spíonta a chruthaíonn sí a bhainistiú.

Ní mór dóibh uile creat náisiúnta reachtach, rialála agus eagraíochtúla a chur i bhfeidhm maidir le hábhar dá leithéid, lena n-áirítear:

clár náisiúnta bainistíochta;

bearta bainistíochta sábháilteachta;

córas ceadúnaithe le haghaidh gníomhaíochtaí bainistíochta;

bearta chun ceanglais sábháilteachta a chur i bhfeidhm;

freagrachtaí sannta do na céimeanna difriúla bainistíochta;

faisnéis agus rannpháirtíocht phoiblí;

maoiniú leordhóthanach.

Clár náisiúnta bainistíochta

Ní mór na mionsonraí seo a leanas a chur san áireamh sa chlár sin:

cuspóirí ginearálta beartais mar aon le tráthchláir shoiléire;

fardal den dramhaíl radaighníomhach agus den bhreosla spíonta, mar aon le meastacháin le haghaidh cainníochtaí todhchaíocha;

pleananna don tréimhse tar éis saoráid diúscartha a dhúnadh;

freagrachtaí sannta maidir leis an gclár a chur i bhfeidhm;

measúnú ar na costais a bhaineann le scéim(eanna) náisiúnta um maoiniú cláir a chur i bhfeidhm;

scéim(eanna) m(h)aoinithe;

comhaontuithe le tíortha eile (in AE nó lasmuigh den AE);

beartas trédhearcach faisnéise.

Údarás rialála

Ní mór don údarás rialála a bheith scartha ó tháirgeoirí agus ó thionscnóirí an ábhair radaighníomhaigh agus an fhuinnimh núicléach.

Córas ceadúnais

Ní mór ceadúnas a bheith ag cuideachtaí chun dramhaíl núicléach a láimhseáil. Bíonn na cuideachtaí sin freagrach go príomha ansin as an dramhaíl núicléach a bhainistiú go sábháilte.

Chun ceadúnas a fháil, ní mór don chuideachta:

a thaispeáint gur féidir léi saoráid núicléach a chur ar bun, a fheidhmiú agus a dhíchoimisiúnú;

a chinntiú go bhfuil an tréimhse tar éis saoráid a dhúnadh slán.

Athbhreithnithe tréimhsiúla

Gach 10 mbliana, bíonn ar gach tír féinmheasúnú agus athbhreithniú idirnáisiúnta piaraí a dhéanamh ar a creat náisiúnta féin, ar a húdarás rialála agus/nó ar a clár náisiúnta, chun a chinntiú go gcloíonn siad le hardchaighdeáin sábháilteachta.

Diúscairt

Ní mór dramhaíl radaighníomhach a dhiúscairt i dtír a cruthaithe, ach amháin i gcás comhaontuithe le tíortha eile.

sheoltar dramhaíl chuig tír lasmuigh den Aontas Eorpach, beidh an tír inar chruthaíodh an dramhaíl freagrach aisti go fóill. Ní mór don tír sin a chinntiú:

go bhfuil comhaontú leis an Aontas Eorpach ag an tír atá ag glacadh leis an dramhaíl, maidir le dramhaíl radaighníomhach/breosla spíonta a láimhseáil i gceart;

go bhfuil cláir bainistíochta agus diúscartha ag an tír atá ag glacadh leis an dramhaíl agus go gcloíonn na cláir sin le caighdeáin sábháilteachta na treorach;

go bhfuil saoráidí údaraithe á bhfeidhmiú ag an tír atá ag glacadh leis an dramhaíl, sula ndéanfar an dramhaíl a sheoladh chucu.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Ón 22 Lúnasa, 2011 ar aghaidh.

CÚLRA

TAGAIRT

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2011/70/Euratom

22.8.2011

23.8.2013

IO L 199, 2.8.2011, lgh. 48-56

Nuashonraithe 16.09.2015