Straitéis i dtaca le soláthar inmharthana, iomaíoch agus slán fuinnimh

Tá athruithe móra ag tarlú i gcórais fuinnimh an domhain. Beidh tionchar buan acu sin. Tá sé riachtanach go gcuirfeadh an tAontas Eorpach (AE) a fhoinsí fuinnimh éagsúla ar chosán slán agus inmharthana.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Fuinneamh 2020 - Straitéis i dtaca le soláthar inmharthana, iomaíoch agus slán fuinnimh (COM(2010) 639 final an 10.11.2010)

ACHOIMRE

Tá athruithe móra ag tarlú i gcórais fuinnimh an domhain. Beidh tionchar buan acu sin. Tá sé riachtanach go gcuirfeadh an tAontas Eorpach (AE) a fhoinsí fuinnimh éagsúla ar chosán slán agus inmharthana.

CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID?

Beartaítear straitéis nua fuinnimh ann suas go dtí 2020. Cuirtear leis an dul chun cinn atá déanta cheana, aithnítear bealaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus leagtar amach na céimeanna a theastaíonn chun cuspóirí beartais AE a bhaint amach ar bhonn meántéarmach. Díríonn an straitéis nua fuinnimh ar 5 thosaíocht.

PRÍOMHPHOINTÍ

Eoraip atá tíosach ar fhuinneamh a bhaint amach. Ní mór an ceangal reatha idir fás geilleagrach agus úsáid mhéadaithe as fuinneamh a bhriseadh. Is féidir le foirgnimh agus le hiompar ról ollmhór a bheith acu, agus ba cheart d’údaráis phoiblí sampla maith a thabhairt.

Saorghluaiseacht fuinnimh a áirithiú. Ní mór margadh níos comhtháite, níos idirnasctha agus níos iomaíche a chruthú. Féadfar é sin a dhéanamh trí reachtaíocht AE reatha a chur i bhfeidhm ina hiomláine agus treoirphlean a fhorbairt ionas go mbeifear in ann fuinneamh a bhogadh ó thír amháin go tír eile.

Fuinneamh slán, sábháilte agus inacmhainne a chur ar fáil don phobal agus do ghnóthaí. Ní heol do chuid mhaith úsáideoirí go gcruthaíonn margadh fuinnimh liobrálaithe go leor deiseanna. Trí bheartas atá níos áisiúla don tomhaltóir a dhearadh, bunaithe ar na buntáistí a chruthaíonn iomaíochas, thuigfí na buntáistí i ndáiríre.

Ceannasaíocht na hEorpa i dteicneolaíocht agus i nuálaíocht fuinnimh a leathnú. Mura dtiocfaidh athrú ollmhór ar theicneolaíocht, titfidh AE ina chuid uaillmhianta le haghaidh 2050 maidir le leictreachas agus iompar a athrú ó bhreoslaí iontaise. Tá an Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh agus 6 Thionscnamh Thionsclaíocha na hEorpa (gaoth, grian, bithfhuinneamh, eangacha cliste*, eamhnú núicléach agus gabháil agus stóráil charbóin*) ann chun an nuálaíocht riachtanach a bhrostú.

Comhpháirtíochtaí láidre idirnáisiúnta a bhaint amach. Tá go leor de na dúshláin atá in AE - athrú aeráide, rochtain ar ola agus ar ghás, forbairt na teicneolaíochta agus éifeachtúlacht fuinnimh - le feiceáil i gcuid mhaith tíortha eile freisin. Trí oibriú le chéile, le hionchur láidir ón AE, beidh sé níos éasca teacht ar na freagraí cearta.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Eangacha cliste: líonraí fuinnimh a dhéanann faireachán go huathoibríoch ar shreafaí fuinnimh agus a dhéanann oiriúnú ar athruithe i soláthar agus éileamh.

* Gabháil agus stóráil charbóin (CCS): dé-ocsaíd charbóin (CO2) nach bhfuil ag teastáil a ghabháil, é a iompar agus a stóráil, faoi thalamh de ghnáth, áit nach rachaidh sé amach san atmaisféar.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin maidir le Straitéis Fuinnimh 2020 an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Treochlár Fuinnimh 2050 (COM(2011) 885 final an 15.12.2011)

Nuashonraithe 14.09.2015