Éicidhearthóireacht d’fhearais a úsáideann fuinneamh

Is éifeachtach agus comhsheasmhach é modheolaíocht dhlíthiúil a chur ar bun ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) d’éicidhearthóireacht* na dtáirgí atá bainteach le fuinneamh, agus cuireann sé seo cosc ar dhúbailt nó ar dhifríochtaí le tionscnaimh náisiúnta dheonacha nó rialála.

GNÍOMH

Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do leagan amach na gceanglas éicidhearthóireachta do tháirgí atá bainteach le fuinneamh

ACHOIMRE

Is éifeachtach agus comhsheasmhach é modheolaíocht dhlíthiúil a chur ar bun ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) d’éicidhearthóireacht* na dtáirgí atá bainteach le fuinneamh, agus cuireann sé seo cosc ar dhúbailt nó ar dhifríochtaí le tionscnaimh náisiúnta dheonacha nó rialála.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Faoin treoir seo, cuirtear creat ar bun le haghaidh íoscheanglais éicidhearthóireachta. Ní mór d’earraí, a ídíonn fuinneamh, cloí leis na ceanglais sin sular féidir iad a úsáid nó a dhíol in AE. Ní chuirtear an treoir i bhfeidhm ar na modhanna a úsáidtear chun earraí nó daoine a iompar.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rinneadh reachtaíocht na bliana 2009 a leasú le Treoir 2012/27/AE chun éifeachtúlacht fuinnimh* a chur chun cinn sa bhreis. Éilíonn an treoir ar na húdaráis náisiúnta na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

Féach freisin:

EOCHAIRTHÉARMAÍ

*Éicidhearthóireacht: gnéithe comhshaoil a chomhtháthú i ndearthóireacht táirgí, rud a bhfuil mar aidhm aige feidhmíocht chomhshaoil an táirge a fheabhsú le linn a shaolré.

*Próifíl éiceolaíochta: cur síos ar na hionchuir agus ar na haschuir (amhail ábhair, astaíochtaí agus dramhaíl) a bhaineann le táirge le linn a shaolré, ar rudaí tábhachtacha iad maidir le tionchar comhshaoil an táirge. Léirítear na hionchuir agus na haschuir seo i gcainníochtaí fisiciúla ar féidir iad a thomhas.

*Éifeachtúlacht fuinnimh: níos lú fuinnimh a úsáid chun an tseirbhís chéanna a chur ar fáil. Mar shampla na táirgí seo: cuisneoirí agus meaisíní níocháin atá tíosach ar fhuinneamh.

*Caomhnú fuinnimh: seirbhís a laghdú nó dul gan seirbhís chun fuinneamh a chaomhnú. Mar shampla: solas a mhúchadh.

*Comhghiniúint: teas agus leictreachas a ghiniúint ag an am céanna, agus an dá rud a úsáid.

*Téamh ceantair: líonra téimh a úsáidtear chun leas a bhaint as an bhfuinneamh, nach n-úsáidtear é go minic i nginiúint chumhachta nó i bpróisis thionsclaíocha, agus chun é a sheachadadh don phointe úsáide.

*Fuarú ceantair: fuinneamh fuaraithe a tháirgeadh agus a dháileadh go lárnach. Úsáidtear an t-uisce fuar a dhéantar a chaidéalú timpeall an líonra fuaraithe ceantair chun an t-aer atá ag dul timpeall córas aeraithe a fhuarú. Seoltar an t-uisce ar ais chuig an monarchan táirgthe chun é a fhuarú arís.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2009/125/CE

20.11.2009

20.11.2010

IO L 285, 31.10.2009, lgh. 10-35

Gníomh leasaitheach

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2012/27/AE

4.12.2012

5.6.2014

IO L 315, 14.11.2012, lgh. 1-56

Nuashonraithe 25.08.2015