An margadh inmheánach sa leictreachas

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/72/CE – rialacha maidir le margadh leictreachais AE

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialacha maidir le heagrú na hearnála

Tá na rialacha maidir le heagrú na hearnála dírithe ar mhargadh leictreachais a fhorbairt atá iomaíoch, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Féadfaidh tíortha AE a fhorchur ar ghnóthais a oibríonn san earnáil leictreachais oibleagáidí seirbhíse poiblí lena gclúdaítear saincheisteanna a bhaineann le slándáil agus le slándáil an tsoláthair fuinnimh, rialtacht agus cáilíocht seirbhíse, praghas, cosaint an chomhshaoil agus éifeachtúlacht fuinnimh.

Ní mór do thíortha AE a áirithiú go mbeidh sé de cheart ag na custaiméirí go léir a soláthraí leictreachais a roghnú agus an soláthraí a athrú go héasca, le cúnamh ón oibreoir, laistigh de 3 seachtaine. Ní mór dóibh a áirithiú freisin go bhfaighidh custaiméirí sonraí ábhartha faoi ídiú fuinnimh.

Tá sé d’oibleagáid ar sholáthraithe leictreachais na custaiméirí deiridh a chur ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

Ní mór do thíortha AE sásra neamhspleách (ombudsman fuinnimh nó comhlacht tomhaltóirí) a bhunú chun bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar ghearáin nó ar dhíospóidí.

Tá sé d'oibleagáid ar thíortha AE freisin a áirithiú go ndéanfar faireachán ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh. Ní mór dóibh critéir shábháilteachta theicniúla a shainiú lena n-áirithiú go ndéanfar a gcuid margaí náisiúnta a chomhtháthú ar leibhéal réigiúnach amháin nó níos mó. Ina theannta sin, ní mór do na húdaráis rialála náisiúnta comhoibriú leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh d'fhonn comhoiriúnacht idir a gcreataí rialála idir réigiúin a rathú.

Giniúint

Ní mór do thíortha AE critéir a shainiú i leith acmhainneacht giniúna a thógáil ar a gcríocha, agus aird acu ar ghnéithe amhail:

Oibriú an chórais tarchurtha

Ón 3 Márta 2012, bhí ar thíortha AE córais tarchurtha agus oibreoirí córais tarchurtha a dhíchuachadh.

Ní mór gnóthas a dheimhniú ar dtús sula ndéanfar é a ainmniú go hoifigiúil ina oibreoir córais tarchurtha. Ní mór liosta d'oibreoirí córais tarchurtha arna n-ainmniú ag tíortha AE a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tá oibreoirí córais tarchurtha freagrach go príomha as an méid seo a leanas:

Feidhmiú an ghréasáin dáileacháin

Ní mór do thíortha AE oibreoirí córais dáileacháin a ainmniú, nó a cheangal ar ghnóthais ar leo na córais dáileacháin nó atá freagrach astu é sin a dhéanamh.

Tá oibreoirí córais dáileacháin freagrach go príomha as an méid seo a leanas:

Tá de rogha ag tíortha AE córas dáileacháin iata a bhunú chun leictreachais a dháileadh laistigh de shuíomh tionscail, suíomh tráchtála nó suíomh seirbhísí comhroinnte atá teoranta ó thaobh áite.

Díchuachadh agus trédhearcacht na gcuntas

Tá ceart rochtana ag tíortha AE agus ag na húdaráis inniúla ar chuntais na ngnóthas leictreachais ach caomhnóidh siad rúndacht faisnéise áirithe.

Ní mór do ghnóthais leictreachais cuntais ar leithligh a choimeád dá ngníomhaíochtaí tarchuir agus dáileacháin.

Rochtain ar an gcóras a eagrú

Ní mór do thíortha AE córas a eagrú i dtaobh rochtain tríú páirtí ar chórais tarchurtha agus dáileacháin. Foilseofar na taraifí atá bunaithe ar an gcóras sin.

Ní mór do thíortha AE critéir a leagan síos i leith deonú údaruithe i ndáil le línte díreacha a thógáil ina gcríoch, ar bhonn oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

Údaráis rialála náisiúnta

Ní mór do thíortha AE údarás rialála a ainmniú ar an leibhéal náisiúnta. Beidh sé neamhspleách agus feidhmeoidh sé a chuid cumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta. Tá sé freagrach go príomha as na nithe seo a leanas:

Margaí miondíola

Ní mór socruithe conartha, tiomantas do chustaiméirí, rialacha malartaithe sonraí agus rialacha socraíochta, úinéireacht sonraí agus freagracht i dtaobh méadrúcháin a shainiú.

Féadfaidh custaiméirí neamhtheaghlaigh conradh comhuaineach a bheith acu le roinnt soláthraithe.

Bearta maolaithe

Féadfaidh tír AE na bearta cosanta is gá a ghlacadh i gcás géarchéim thobann sa mhargadh nó má tá sábháilteacht daoine i mbaol. Féadfar maoluithe a fháil freisin i gcás fadhbanna oibriúcháin i gcórais leithlisithe.

Faoi Threoir 2009/72/CE rinneadh aisghairm ar Threoir 2003/54/CE le héifeacht ón 3 Márta 2011.

Méadrú cliste - an dul chun cinn go dtí seo

In 2012, ghlac an Coimisiún Eorpach Moladh 2012/148/AE. Leagtar amach ann moltaí mionsonraithe maidir leis na nithe seo a leanas:

I gcomhréir le Treoir 2009/72/CE, thuairiscigh tíortha AE don Choimisiún in 2012 ar thorthaí a gcuid anailísí costais agus tairbhe agus maidir le feidhmiú céimneach córas méadraithe chliste. Foilsíodh torthaí an bhirt tagarmharcála i dtuarascáil ón gCoimisiún in 2014.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm aici ón 3 Meán Fómhair 2009. Bhí ar thíortha AE í a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 3 Márta 2011.

CÚLRA

I gcomhair tuilleadh faisnéise, féach Reachtaíocht mhargaidh ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh

GNÍOMH

Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lgh. 55–93)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Moladh 2012/148/AE ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 maidir le hullmhúcháin le haghaidh feidhmiú céimneach córas méadraithe chliste (IO L 73, 13.3.2012, lgh. 9-22)

Tuarascáil ón gCoimisiún: Tagarmharcáil a dhéanamh ar úsáid méadraithe chliste in AE-27, ag díriú ar leictreachas (COM(2014) 356 final, 17.6.2014)

Nuashonraithe 08.05.2016