Stoic ola éigeandála
ACHOIMRE AR:
Treoir 2009/119/CE lena bhforchuirtear oibleagáid ar thíortha AE stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
-
Is é is aidhm léi soláthar ola an Aontais Eorpaigh (AE) a dhaingniú trína cheangal ar rialtais leibhéal íosta stoc amhola agus/nó stoc peitriliam a choimeád.
-
Leagtar síos inti nósanna imeachta maidir leis na stoic sin a scaoileadh más ann do ghanntanas tromchúiseach.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Ní mór do thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
-
stoic iomlána ola a choimeád arb ionann iad agus ar a laghad 90 lá meán-allmhairí laethúla nó 61 lá tomhaltais — cibé acu is mó;
-
a áirithiú go mbeidh fáil agus rochtain éasca ar na stoic i gcás éigeandála;
-
clár cothrom le dáta a choimeád dá gcuid stoc éigeandála agus na sonraí a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach faoin 25 Feabhra gach bliain;
-
clár cothrom le dáta a choimeád ar stoic faoi leith, amhail mótarghásailín agus gásailín eitlíochta, atá ar seilbh ina gcríocha agus an fhaisnéis a sholáthar don Choimisiún laistigh de 15 lá tar éis iarraidh a fháil ar sin a dhéanamh;
-
achoimrí míosúla a sheoladh chuig an gCoimisiún ar leibhéal na stoc tráchtála atá ar seilbh ar a gcríoch;
-
pleananna teagmhasacha a bheith i bhfeidhm chun freagairt do shuaitheadh mór sa soláthar agus a bheith in ann cuid dá stoic éigeandála nó iad go léir a scaoileadh go tapa agus go héifeachtach;
-
i gcás cuideachtaí agus aonán eile a bhfuil sé de cheangal orthu stoic ola a choimeád, a cheadú dóibh cuid den fhreagracht sin a tharmligean, faoi réir coinníollacha áirithe.
-
Féadfaidh tíortha AE aonáin lárnacha stoicshealbhaíochta a bhunú chun stoic a fháil, a chothabháil, nó a dhíol, d’fhonn an treoir a chomhlíonadh.
-
Is ar shonraí na bliana roimhe sin a bhunaítear leibhéil allmhairithe agus tomhaltais a úsáidtear chun an leibhéal íosta stoc a ríomh.
-
Cuidíonn grúpa comhardaithe comhairleach um tháirgí ola agus peitriliam leis an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair don Aontas Eorpach.
-
Féadfaidh an Coimisiún, ag obair dó i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta i dtaobh ullmhacht i gcomhair éigeandála.
-
Faoin 31 Nollaig 2015, bhí ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh an reachtaíocht chun feidhme.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá feidhm ag an treoir ón 29 Deireadh Fómhair 2009. Bhí ar thíortha AE í a chorprú isteach sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 2012.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar thíortha AE stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (IO L 265, 9.10.2009, lgh. 9-23)
Nuashonraithe 13.03.2017