An Straitéis Eorpach um Míchumas (2010-2020)

ACHOIMRE AR:

Tiomantas Athnuaite don Eoraip Saor ó Bhacainní do Dhaoine faoi Mhíchumas — COM(2010) 636 final

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Leagtar amach inti straitéis chun cumhacht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumais sa chaoi is gur féidir leo a gcearta a fheidhmiú go hiomlán agus páirt a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar ar bhonn atá comhionann le daoine eile.

Leis an straitéis, cuirtear le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD), agus cuirtear freisin leis an Straitéis Eoraip 2020 (straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach) agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh de chuid Chonradh Liospóin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar béim ar ocht réimse do ghníomhaíocht chomhpháirteach idir an tAontas Eorpach agus tíortha AE sa straitéis seo:

Inrochtaineacht: a chinntiú go bhfuil rochtain ag daoine faoi mhíchumais ar earraí, seirbhísí agus gléasanna cuiditheacha;

Rannpháirtíocht: a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumais a gcearta bunúsacha uile mar shaoránaigh Eorpacha a fheidhmiú;

Comhionannas: a chinntiú go gcuirtear beartais i bhfeidhm (ar leibhéal AE agus ar leibhéal náisiúnta araon) a chothaíonn an comhionannas;

Fostaíocht: méadú ar líon na bhfostaithe faoi mhíchumas i margadh an tsaothair a áirithiú, agus inrochtaineacht níos fearr ar ionaid oibre a áirithiú;

Oideachas agus oiliúint: a áirithiú go mbaineann daltaí faoi mhíchumas tairbhe as córas oideachais inrochtana agus cláir um fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Tá roinnt beartas curtha ar bun ag an gCoimisiún Eorpach cheana féin a bhaineann leis an oideachas, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um Fhorbairt in Oideachas Riachtanas Speisialta;

Cosaint shóisialta: dul i ngleic le dúshláin shóisialta fhorleathana a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumais, amhail neamhionannas ioncaim, riosca bochtaineachta agus eisiamh sóisialta. Féadfar úsáid a bhaint as Cistí Struchtúrtha AE agus bearta náisiúnta na dtíortha AE chun an chosaint shóisialta seo a áirithiú;

Sláinte: a chinntiú go bhfaigheann daoine faoi mhíchumais rochtain chothrom agus inacmhainne ar sheirbhísí agus ar áiseanna sláinte (intinne);

Gníomh seachtrach: cearta na ndaoine faoi mhíchumais a chur cun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta.

D’fhonn an straitéis a chur i bhfeidhm ar an gcaoi is fearr, ní mór d’institiúidí AE agus tíortha AE obair le chéile chun:

feasacht a mhéadú maidir le saincheisteanna a bhaineann le míchumas;

deiseanna maoinithe a fhorbairt;

sonraí staitistiúla a fheabhsú; agus

a chinntiú go ndéantar UNCRPD a fhorfheidhmiú.

Tugtar tuairisc ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme UNCRPD i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ón mbliain 2014.

CÚLRA

Tá 80 milliún duine in AE (aon séú den daonra) faoi mhíchumais, ó leibhéal éadrom go leibhéal trom. Tá ráta bochtaineachta 70 % níos airde ná an meán AE ag na daoine seo, a gcuireann a míchumas bac orthu go minic páirt a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: An Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020: Tiomantas Athnuaite don Eoraip Saor ó Bhacainní (COM(2010) 636 final an 15.11.2010)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: Tuarascáil ar chur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas (CRPD) ag an Aontas Eorpach. (SWD(2014) 182 final an 5.6.2014)

Nuashonraithe 13.10.2015