Nochtadh d’aispeist: cosaint oibrithe

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/148/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Mianra ó nádúr is ea aispeist a bhfuiltear ábalta a snáithíní a scaradh ina snáitheanna tanaí, láidre. Baineadh úsáid as go forleathan i neart tionscal toisc gur inslitheoirí den scoth iad na snáithíní (teasdíonach, dódhíonach agus friotaíoch do cheimiceáin, agus ní sheolann siad leictreachas).

Ach is substaint thar a bheith contúirteach í, áfach (aicmithe mar charcanaigin de chatagóir 1A i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir le haicmiú, pacáistiú agus lipéadú ceimiceán). Má dhéantar táirgí ina bhfuil aispeist a shuaitheadh, féadfar snáithíní bídeacha a ionanálú, agus in imeacht ama bíonn sé seo ina chúis le galair amhail aispeastóis*, méisitéilióma*, agus cineálacha eile ailse.

Cosctha

Is iad na gníomhaíochtaí cosctha na cinn sin a nochtann oibrithe do shnáithíní aispeiste le linn:

Is í an t-aon eisceacht ar an gcosc seo an chóireáil agus an diúscairt ar tháirgí de dheasca scartáil agus baint aispeiste.

Ar fud AE, tá cosc ginearálta ar aispeist a chur trí phróiseas spraeála agus ar ghnásanna oibre ina mbaintear úsáid as ábhair insliúcháin nó fuaimdhíonta ísealdlúis a bhfuil aispeist iontu.

Baint agus scartáil

Tá cóireáil agus diúscairt táirgí a eascraíonn as baint aispeiste ceadaithe, agus ó scartáil nuair a bhaintear an aispeist in oibríocht réamhphleanáilte sula dtarlaíonn scartáil ghinearálta ar bith. Ní mór an nochtadh a choinneáil chomh híseal agus is féidir ar na bealaí seo a leanas:

Measúnú riosca

Más dócha go bhfuil an riosca ann go nochtfar duine nó daoine do dheannach aispeiste, ní mór an riosca a mheas chun nádúr agus méid an nochta sin a chinneadh, bunaithe ar shamplú ionadaíoch de nochtadh pearsanta an oibrí. Ní mór d’fhostóirí fógra a thabhairt don údarás freagrach na tíre AE atá i gceist sula dtosaíonn obair ar bith, lena n-áirítear:

Teorainn nochta

Ní cead oibrí ar bith a nochtadh do thiúchan aeriompartha aispeiste de bhreis agus 0.1 snáithín in aghaidh gach cm3. Má sháraítear é sin, ní mór an obair a stopadh go dtí go ndéantar tuilleadh gníomhartha chun na hoibrithe atá i gceist a chosaint, lena n-áirítear:

Oiliúint

Ní mór d’fhostóirí oiliúint chuí a sholáthar do na hoibrithe uile a nochtar nó is dócha a nochtfar do dheannach ó aispeist nó ábhair ina bhfuil aispeist, ag eatraimh rialta agus gan costas ar na hoibrithe. Ní mór eolas a bheith san oiliúint i dtaca le:

Measúnú agus faireachas sláinte

Ní mór sláinte gach oibrí a mheas roimh nochtadh, agus ní mór taifid aonair a bhunú le tuilleadh measúnuithe gach 3 bliana ar a laghad. Féadfaidh dochtúirí comhairle a thabhairt maidir le bearta cosanta aonair, a d’fhéadfadh a áireamh go mbainfí an t-oibrí atá i gceist ó aon nochtadh d’aispeist.

Freagrachtaí na dtíortha AE

Ní mór do thíortha AE aon dlí náisiúnta a ghlacann siad sa réimse seo a chur in iúl don Choimisiún Eorpach, agus tuarascáil a chur isteach gach 5 bliana ar chur i bhfeidhm praiticiúil na treorach. Ní mór dóibh freisin clár a choinneáil de chásanna aispeastóise agus méisitéilióma.

Leis an treoir seo déantar aisghairm ar threoir roimhe seo (Treoir 83/477/CEE) ar a rinneadh leasuithe substaintiúla roinnt uaireanta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 5 Eanáir 2010.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*Aispeastóis: galar scamhóige ainsealach athlastach a tharlaíonn trí shnáithíní aispeiste a análú isteach agus a choinneáil. Féadfaidh sí a bheith ina cúis le gearranáil dhian agus bíonn riosca méadaithe ann d’ailsí áirithe mar thoradh uirthi.

*Méisitéilióma: ailse ionsaitheach a théann i gcion ar líneáil na scamhóg agus an abdómain. Is é an nochtadh d’aispeist an phríomhchúis agus an phríomhthoisc riosca.

GNÍOMH

Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair (leagan códaithe) (IO L 330, 16.12.2009, lgh. 28-36)

Nuashonraithe 06.06.2016