Idirphlé sóisialta earnála

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 98/500/CE maidir le hidirphlé a chur chun cinn idir na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal Eorpach

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH?

Soláthraítear an bonn chun coistí um idirphlé shóisialta earnála a chruthú i réimsí éagsúla de ghníomhaíocht AE inar féidir le hionadaithe na bhfostóirí agus na bhfostaithe (ar a dtugtar na “comhpháirtithe sóisialta”) teacht le chéile chun forbairtí beartais a phlé. Is cuid iad den idirphlé sóisialta* Eorpach níos leithne, ar gné ríthábhachtach é de shamhail shóisialta agus de rialachas AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 20 Bealtaine 1998.

CÚLRA

In Airteagal 152 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, dearbhaítear tiomantas AE chun tacú leis an idirphlé sóisialta Eorpach agus aithnítear ann neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha.

Ó 1998 i leith, tá breis is 40 coiste um idirphlé shóisialta earnála cruthaithe ag an gCoimisiún. Cuimsítear leo thart ar 150 milliún oibrí in AE in earnálacha amhail modhanna éagsúla iompair, talmhaíocht, tionscal na tógála, tráchtáil, seirbhísí poiblí, déantúsaíocht innealra agus trealaimh, óstáin agus bialanna, agus baincéireacht.

Tá comhaontú bainte amach maidir le tuairim is 900 téacs a bhfuil stádas dlíthiúil éagsúil leo mar thoradh ar an idirphlé.

Féach an tIdirphlé sóisialta earnála ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

PRÍOMHTHÉARMA

*Idirphlé sóisialta Eorpach: plé, comhairliúchán, caibidlíochtaí, agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mbíonn an dá thaobh den tionscal (fostóirí agus fostaithe) páirteach iontu.

GNÍOMH

Cinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 1998 maidir le bunú Coistí um Idirphlé Earnála chun Idirphlé idir na comhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn ar leibhéal Eorpach (IO L 225, 12.8.1998, lgh. 27-28)

Ionchorpraíodh na leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún sa téacs bunaidh. Níl ach fiúntas faisnéiseach leis an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin maidir le feidhmiú agus le féidearthachtaí an idirphlé shóisialta earnála san Eoraip (SEC(2010) 964, leagan deireanach an 22.7.2010)

Nuashonraithe 23.05.2016