Comhar sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint
ACHOIMRE AR:
Conclúidí maidir leis na tosaíochtaí todhchaí do Chomhar Eorpach feabhsaithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint
CAD IS AIDHM LEIS NA CONCLÚIDÍ?
Is ar an gCoimisiún Eorpach agus ar thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) atá na conclúidí dírithe, agus cuirtear smaointe ar aghaidh iontu maidir le bearta deonacha chun feabhas a chur ar cháilíocht agus éifeachtúlacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna in AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
Sainaithníodh 4 réimse tosaíochta sna conclúidí nach mór aghaidh a thabhairt orthu, chomh maith leis na tosaíochtaí agus na treoirlínte atá leagtha amach i bPróiseas Chóbanhávan.
-
1.
Uirlisí agus scéimeanna comhchoiteanna Eorpacha a chur chun feidhme chun comhar sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a chur chun cinn
-
2.
Cáilíocht agus mealltacht chórais an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a chur chun cinn
-
Ba cheart mealltacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a chur chun cinn i measc gach spriocghrúpa, go háirithe i measc mac léinn, aosach agus fiontar. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh fáil ag gach duine ar rochtain ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint, agus ar rannpháirtíocht iontu, go háirithe do dhaoine agus do ghrúpaí atá i mbaol a n-eisiaimh.
-
Mar an gcéanna, ba cheart rochtain níos éasca a chur ar fáil ar fhaisnéis, ar threoir ar feadh an tsaoil agus ar sheirbhísí comhairleoireachta. Ba cheart bealaí lena gcumasaítear dul chun cinn ó leibhéal cáilíochtaí amháin go leibhéal eile a dhéanamh níos éasca chomh maith.
-
Ba cheart uirlisí comhchoiteanna a chruthú chun cáilíocht na gcóras gairmoideachais agus gairmoiliúna a chur chun cinn. Go háirithe, ba cheart sásra dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt tríd an EQARF amach anseo. Ba cheart go mbeadh na beartais maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint bunaithe ar shonraí comhsheasmhacha, agus ba cheart bailiú na sonraí sin a fheabhsú. Lena chois sin, ba cheart infheistíocht níos mó a dhéanamh in oiliúint oiliúnóirí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, ba cheart foghlaim teanga a bheidh curtha in oiriúint don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint a fhorbairt, ba cheart nuálaíocht agus cruthaitheacht sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a chur chun cinn, agus ba cheart tréscaoilteacht agus leanúnachas na gconairí foghlama idir na leibhéil éagsúla oideachais a fheabhsú.
-
3.
Na naisc idir an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus an margadh saothair a fhorbairt
-
Chun na naisc idir an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus an margadh saothair a fheabhsú, is gá leanúint le sásraí réamhphleanála a fhorbairt ina ndírítear ar phoist agus scileanna, agus ina n-aithnítear easnaimh scileanna ar bith a d’fhéadfadh bheith ann. Ní mór do na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí eacnamaíocha a bheith páirteach i mbeartais maidir leis an ngairmoideachas agus an ngairmoiliúint a fhorbairt.
-
Ba cheart feabhas a chur ar sheirbhísí treorach agus comhairleoireachta, chun an t-aistriú ón oiliúint go dtí an fhostaíocht a éascú.
-
Ba cheart feabhas a chur chomh maith ar shásraí oiliúna d’aosaigh chun deiseanna gairme agus iomaíochas gnó a chur chun cinn. Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun dul ar aghaidh le torthaí na foghlama neamhfhoirmiúla agus neamhfhoirmeálta a bhailíochtú agus a aithint. Ba cheart borradh a chur faoi shoghluaisteacht na ndaoine atá ag obair in oiliúint a bhaineann leis an obair, go háirithe trí chláir iomchuí AE a neartú. Ar deireadh, ba cheart ról an ardoideachais sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus i dtaca le comhtháthú an mhargaidh saothair a neartú.
-
4.
Comhar Eorpach sa bhreis
-
Ba cheart gníomhaíochtaí piarfhoghlama a dhéanamh níos éifeachtaí agus a dtorthaí a úsáid chun beartais náisiúnta maidir leis an ngairmoideachas agus an ngairmoiliúint a bhunú. Ba cheart a chinntiú chomh maith go bhfuil tosaíochtaí a bhaineann leis an ngairmoideachas agus an ngairmoiliúint dea-chomhtháite agus infheicthe laistigh den straitéis amach anseo do chomhar Eorpach sa réimse oideachais agus oiliúna agus i gcur chun feidhme na straitéise sin.
-
Ba cheart an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a nascadh níos fearr le beartais a bhaineann le leibhéil oideachais eile, le hilteangachas agus leis an óige. Lena chois sin, is gá comhar le tíortha neamh-AE agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a neartú.
-
Spreagtar an Coimisiún agus tíortha AE chun na bearta arna mbunú faoi na 4 réimse tosaíochta seo a chur chun feidhme, laistigh de theorainneacha a n-inniúlachtaí faoi seach. Ba cheart dóibh maoiniú príobháideach agus poiblí araon a úsáid chun athchóirithe ar leibhéal náisiúnta a chur chun cinn agus uirlisí AE a chur chun feidhme. Ba cheart dóibh leanúint le feabhas a chur ar raon feidhme agus cáilíocht staidreamh agus thagarmharcanna an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna. Ina theannta sin, ba cheart dóibh leanúint le gníomhaíochtaí a bhaineann le riachtanais scileanna amach anseo a fhorbairt.
-
Ba cheart don Choimisiún agus do thíortha AE faisnéis a mhalartú agus oibriú le céile ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint le tíortha neamh-AE. Tá Cedefop (an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna) agus an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF) dlúthbhainteach chomh maith le tacaíocht a thabhairt don Choimisiún maidir le ceisteanna a bhaineann leis ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint.
CÚLRA
In 2010, mhol an Coimisiún spreagadh úr maidir le comhar sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint lena gcuirfear lena straitéis uileghabhálach Eoraip 2020 agus leis an gCreat Straitéiseach le haghaidh Comhair Eorpaigh san Oideachas agus san Oiliúint, ar a dtugtar ET 2020, ag tabhairt a lán de na smaointe i gconclúidí 2009 ar aghaidh dá réir sin.
Déantar breac-chuntas i gcomhthuarascáil ón gComhairle agus ón gCoimisiún, a eisíodh i mí na Nollag 2015, ar thosaíochtaí AE don oideachas agus don oiliúint sa tréimhse 2016-2020.
Tuilleadh faisnéise:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Foghlaim neamhfhoirmiúil: foghlaim nach bhfuil bunaithe ar churaclam agus nach mbíonn cáilíochtaí mar thoradh uirthi. Is mó taithí atá ag an múinteoir ná mar atá ag an duine atá á theagasc e.g. tuismitheoir ag múineadh na haibítre do pháiste.
Foghlaim neamhfhoirmeálta: foghlaim eagraithe (e.g. faoi stiúir múinteora nó duine ag a bhfuil níos mó taithí ná an duine atá á theagasc), agus d’fhéadfadh an fhoghlaim sin a bheith bunaithe ar churaclam. Forbraítear scileanna an dalta ar leith ann ach ní bhíonn cáilíocht fhoirmiúil mar thoradh air, e.g. na gasóga.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, maidir leis na tosaíochtaí todhchaí um chomhar Eorpach feabhsaithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint (IO C 18, 24.1.2009, lgh. 6-10).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Conclúidí ón gComhairle an 12 Bealtaine 2009 maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus an oiliúint (ET 2020) (IO C 119, 28.5.2009, lgh. 2-10)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Spreagadh úr maidir le comhar Eorpach sa Ghairmoideachas agus sa Ghairmoiliúint chun tacú le straitéis Eoraip 2020 (COM(2010) 296 leagan deireanach, 9.6.2010)
Comhthuarascáil 2015 ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an chreata straitéisigh le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint (ET 2020) — Tosaíochtaí úra do chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (IO C 417, 15.12.2015, lgh. 25-35)
Nuashonraithe 21.11.2016