Monaí euro a eisiúint
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?
-
Sainítear i Rialachán (AE) Uimh. 651/2012 na cineálacha monaí euro agus leagtar síos ann na dálaí a dtabharfar urraim dóibh ar eisiúint na monaí.
-
Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 729/2014 ceanglais theicniúla na monaí euro agus tá foráil ann le haghaidh rialacha ginearálta maidir lena ndearadh lena n-áirítear an dearadh a cheadú.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Luaitear i Rialachán (AE) Uimh. 651/2012:
-
féadfaidh rialtais thíortha an limistéir euro (tíortha a bhfuil an euro acu mar airgeadra) monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht* agus monaí*inbhailithe a eisiúint;
-
cuirtear monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht ar fáil ag a n-aghaidhluach, seachas ar uasmhéid 5 % a fhéadfar a chur ar an margadh ar phraghas níos airde mar gheall ar a gcaighdeáin nó a bpacáistíocht speisialta;
-
monaí náisiúnta comórtha*
-
ní féidir iad a eisiúint ach faoi dhó sa bhliain (mura bhfuil an dearadh i gcoiteann ag gach tír sa limistéar euro);
-
ní bheidh an líon iomlán a eiseofar os cionn ceann amháin den dá theorainn fhéideartha, cibé acu is airde, mar chéatadán de na monaí 2 euro go léir i gcúrsaíocht;
-
monaí inbhailithe
-
atá ina ndlíthairiscint* amháin i dtír eisiúna an limistéir euro;
-
ní mór dóibh a bheith inaitheanta go soiléir ó mhonaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht in aghaidhluach, íomhánna agus in dhá cheann díobh seo a leanas: dath, trastomhas agus meáchan;
-
ní mór do rialtais thíortha an limistéir euro dul i gcomhairle lena chéile sula scriosfar monaí euro a bhfuil damáiste déanta dóibh;
-
déanann an Coimisiún measúnú tionchair, ag anailísiú na fíor-chostais tháirgeachta a bhaineann le monaí 1 cent agus 2 cent i gcoinne a luacha agus a dtairbhí.
-
Anuas ar Rialachán (AE) Uimh. 729/2014:
-
tá ocht gcinn de mhonaí euro ann (1, 2, 5, 10, 20 agus 50 cent agus 1 agus 2 euro);
-
tá taobh náisiúnta ar leith agus taobh coiteann Eorpach ar gach monaí;
-
ní mór do thaobhanna náisiúnta:
-
ciorcal 12 réalta a bheith orthu agus iad ag dul timpeall go hiomlán ar an dearadh náisiúnta;
-
a bheith gan athrú ar feadh 15 bliana, mura dtagann athrú ar cheannaire stáit na tíre;
-
gan luach an mhonaí a thaispeáint, mura bhfuil aibítear difriúil in úsáid;
-
cloí go hiomlán leis an rialachán faoin 20 Meitheamh 2062;
-
ní mór do mhonaí comórtha:
-
gan ach aghaidhluach de 2 euro a bheith acu;
-
dearadh náisiúnta difriúil a bheith acu ó mhonaí 2 euro rialta*;
-
gan comóradh a dhéanamh ach ar ábhair a bhfuil ábharthacht mhór náisiúnta nó Eorpach ag baint leo nó
-
ábhair chomórtha den ábharthacht Eorpach is airde má eisítear iad ar bhonn comhchoiteann ar fud an limistéir euro;
-
ní mór do thíortha an limistéir euro a chéile agus an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon athruithe beartaithe ar a ndearaí náisiúnta agus é sin a chur faoi bhráid nós imeachta faofa. Leis sin bítear in ann agóidí a fháil
-
ó rialtas a chreideann go gcuirfeadh an dearadh a phobal féin trína chéile;
-
ón gCoimisiún, má mheasann sé nach dtugann an dearadh urraim do na ceanglais theicniúla sa reachtaíocht.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?
-
Tá feidhm le Rialachán (AE) Uimh. 651/2012 ón 16 Lúnasa 2012.
-
Déanann Rialachán (AE) Uimh. 729/2014 comhdhlúthú ar rialacha roimhe seo maidir le monaí a leagadh síos nuair a tugadh isteach an euro in 2002 le Rialachán (CE) Uimh. 975/98 agus leasuithe comhleanúnacha. Tá feidhm leis ón 22 Iúil 2014.
-
Rinneadh comhtháthú sa dá Rialachán ar ghnéithe den Mholadh ón gCoimisiún 2009/23/CE maidir le treoirlínte comhchoiteanna i ndáil leis an taobh náisiúnta de mhonaí euro agus monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht a eisiúint.
CÚLRA
-
Tosaíodh ag baint úsáid ghinearálta as monaí Euro in 2002. Tá éagsúlacht ó thaobh méide, datha agus tiúis ag baint leis na hocht n-ainmníocht, ag brath ar a luach agus tá siad deartha ionas go bhfuil sé an-deacair iad a atáirgeadh go neamhdhleathach.
-
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht: monaí le haghaidh úsáid ghinearálta phoiblí atá ina ndlíthairiscint i ngach tír sa limistéar euro.
Monaí inbhailithe: monaí nach bhfuil ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, nach bhfuil ina ndlíthairiscint ach amháin i dtír an limistéir euro san áit inar eisíodh iad.
Monaí comórtha: Monaí 2 euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht chun ábhar sonrach a bhfuil tábhacht náisiúnta nó Eorpach leis a chomóradh.
Dlíthairgthe: monaí nó nótaí bainc nach mór a ghlacadh i dtír má thairgtear iad in ionad fiachas a íoc.
Monaí rialta: monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht cé is moite de mhonaí comórtha.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (AE) Uimh. 651/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le monaí euro a eisiúint (IO L 201, 27.7.2012, lgh. 135-137)
Rialachán (AE) Uimh. 729/2014 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2014 maidir le hainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (Athmhúnlú) (IO L 194, 2.7.2014, lgh. 1-7)
Nuashonraithe 04.04.2017