An t–aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta
ACHOIMRE AR:
Airteagal 119 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Airteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAL 119 AGUS LE HAIRTEAGAL 140 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH?
- Sonraítear in Airteagal 119 go gcomhordóidh an tAontas Eorpach (AE) agus na Ballstáit a mbeartas eacnamaíoch agus go ndéanfaidh siad beartas airgeadaíochta aonair agus beartas ráta malairte a shainiú agus a chur chun feidhme. Déantar tagairt ann d’airgeadra aonair, an euro, a thabhairt isteach, agus leagtar síos roinnt prionsabal treorach ann.
- Sonraítear in Airteagal 140 nach mór do na Ballstáit na “critéir shainiúla um chóineasú” a chomhlíonadh má tá siad le dul isteach sa tríú céim d’aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) an Aontais Eorpaigh. Is éard atá i gceist leis an tríú céim an euro a ghlacadh mar airgeadra agus beartas airgeadaíochta aonair a chur chun feidhme sna Ballstáit lena mbaineann.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Próiseas is ea AEA chun beartais eacnamaíocha agus airgeadaíochta a ailíniú sna Ballstáit. Tá trí chéim ann.
- An chéad chéim (1990-1993). Saorghluaiseacht caipitil idir na Ballstáit.
- An dara céim (1994-1998). Beartais airgeadaíochta na mBallstát a chomhordú, an comhar idir a mbainc cheannais náisiúnta a mhéadú agus a ngeilleagair a thabhairt níos gaire dá chéile (i.e. cóineasú eacnamaíoch).
- An tríú céim (1 Eanáir 1999 ar aghaidh). An euro a thabhairt isteach de réir a chéile agus beartas airgeadaíochta aonair a chur chun feidhme faoi fhreagracht an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE).
Cé gur cuireadh an chéad dá chéim den AEA i gcrích le haghaidh gach Ballstáit, níl an chéim dheiridh curtha i gcrích fós. Go dtí seo, níor ghlac ach 20 Ballstát — ar a dtugtar “ an limistéar euro” i dteannta a chéile — an euro mar a n airgeadra.
Aistriú go dtí an euro
- Sular féidir le Ballstát an euro a thabhairt isteach, ní mór do roinnt ceanglais eacnamaíocha agus dhlíthiúla — na critéir um chóineasú a bhaint amach ar dtús.
- Is é is cuspóir leis na critéir um chóineasú eacnamaíoch a chinntiú go bhfuil geilleagar agus riocht airgeadais cobhsaí ag AE.
- Sonraítear sna critéir um chóineasú dlíthiúil nach mór do dhlíthe na mBallstát a bheith comhoiriúnach le conarthaí AE, go háirithe ar na pointí a bhaineann leis an mbanc ceannais náisiúnta agus an airgeadra.
- Nuair a chomhlíonfaidh Ballstát na ceanglais sin ar fad, is féidir leis an euro a ghlacadh mar a airgeadra. Cuirfear an euro in aonad an airgeadra náisiúnta roimhe sin ansin agus déantar airgeadra oifigiúil an Bhallstáit sin de.
- Gach 2 bhliain ar a laghad, déanann an Coimisiún Eorpach agus BCE measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir leis na ceanglais um chóineasú a chomhlíonadh. Má mheasann siad go bhfuil Ballstát ábalta dul ar aghaidh go dtí an tríú céim den AEA, déanfaidh an Chomhairle cinneadh gur féidir leis an mBallstát lena mbaineann an euro a ghlacadh mar a airgeadra.
An Banc Ceannais Eorpach
Tá ról tábhachtach ag BCE in AEA. Cinneann sé beartas airgeadaíochta Bhallstáit an limistéir euro go neamhspleách. Tá an chumhacht aige chomh maith nótaí bainc euro a eisiúint. Féadfaidh Ballstáit boinn a eisiúint ach ní mór do BCE an méid bliantúil a eiseofar a údarú ar dtús.
Na chéad tíortha sa limistéar euro
- Ar an 3 Bealtaine 1998, dáta stairiúil maidir le seoladh thríú céim an AEA, ghlac an Chomhairle cinneadh inar admhaíodh gur chomhlíon 11 Bhallstát (an Bheilg, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil, agus an Fhionlainn) na coinníollacha riachtanacha maidir leis an airgeadra aonair a thabhairt isteach an 1 Eanáir 1999. In 2000, rinneadh cinneadh comhchosúil don Ghréig, a chuaigh isteach sa tríú céim den AEA i mí Eanáir 2001.
- Tugadh an euro isteach ansin in dhá chéim:
- 1 Eanáir 1999. Tugadh an euro isteach mar airgead leabhair* agus socraíodh na rátaí comhshó leis na hairgeadraí náisiúnta a bhí ann roimhe, a ndearnadh aonaid neamhdheachúla den euro dóibh dá réir sin.
- 1 Eanáir 2002. Tugadh boinn agus nótaí bainc euro isteach sna Ballstáit ábhartha. Bhí saoránaigh agus gnóthais Eorpacha ábalta a n–íocaíochtaí airgid thirim a dhéanamh in euro ansin.
Méadú ar limistéar an euro
- I bprionsabal, tá gach Ballstát in ainm dul isteach i dtríú céim an AEA agus an euro a ghlacadh mar sin. Níor chomhlíon cuid díobh na ceanglais eacnamaíocha agus dhlíthiúla fós, áfach. Beidh siad díolmhaithe go dtí gur féidir leo an euro a thabhairt isteach.
- Tháinig méadú ar an limistéar euro roinnt uaireanta chun tuilleadh Ballstát a chur san áireamh:
Díolúintí
Tá rogha an diúltaithe ag an Danmhairg ó bheith páirteach in AEA, agus tá na sonraí maidir leis sin mionsonraithe i bPrótacail Uimh. 16, atá ceangailte le conarthaí bunaidh AE. Choimeád an Danmhairg an rogha deireadh a chur lena socruithe díolúine agus iarratas a dhéanamh ar an euro a ghlacadh, ach níl rún ar bith dá leithéid fógartha acu.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Airgead leabhair. Airgead i bhfoirm neamhairgid agus mar sin níl sé i gcúrsaíocht i bhfoirm nótaí bainc agus bonn.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Leagan comhdhlúthaithe den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VIII — Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta — Airteagal 119 (sean–Airteagal 4 TEC ) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 96-97).
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VIII — Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta — Caibidil 5 — Forálacha idirthréimhseacha — Airteagal 140 (sean–Airteagail 121(1), 122(2), an dara habairt, agus 123(5) CEE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 108-110).
Nuashonraithe 23.02.2023