Sásra Eorpach um chobhsaíocht airgeadais

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar síos leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun cúnamh airgeadais ón Aontas Eorpach (AE) a dheonú do Bhallstát AE, atá ag déileáil, mar gheall ar theagmhais nach raibh smacht aige orthu, le suaitheadh eacnamaíoch nó airgeadais tromchúiseach nó a bhfuil suaitheadh eacnamaíoch nó airgeadais tromchúiseach ag bagairt air.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cúnamh airgeadais

Deonaítear cúnamh i bhfoirm cíosalíne creidmheasa* don Bhallstát lena mbaineann. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún Eorpach, iasachtaí ar mhargaí caipitil nó ó institiúidí creidmheasa a fháil ar chonradh, thar cheann AE, i gcomhréir le cinneadh a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh ag gníomhú trí thromlach cáilithe.

Nós imeachta

Leanann an Ballstát a bhfuil cúnamh á lorg aige ar aghaidh ar mheasúnú ar a riachtanais airgeadais in éineacht leis an gCoimisiún agus i gcomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach. Cuireann sé dréachtchlár le haghaidh téarnamh eacnamaíoch agus airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin ansin.

Cuimsítear an fhaisnéis seo a leanas sa chinneadh maidir le líne chreidmheasa a dheonú:

Fíoraíonn an Coimisiúin ag tráthanna rialta an bhfuil beartas eacnamaíoch na tíre is tairbhí ag teacht lena chlár coigeartaithe agus leis na coinníollacha arna mbunú ag an gComhairle chun leanúint de chúnamh airgeadais a fháil, cúnamh airgeadais a dháiltear i dtráthchodanna.

Comhoiriúnacht le sásraí tacaíochta airgeadais eile

Tá an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (EFSM) comhoiriúnach leis an tsaoráid óna soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach faoi chomhair chomhardú na n–íocaíochtaí. Thairis sin, ní chuireann an sásra cosc ar chistí ó lasmuigh den Aontas Eorpach a úsáid, amhail cistí ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Buiséad an EFSM

Maoinítear EFSM le buiséad AE. Tá cead ag an gCoimisiún suas le EUR 60 billiún a fháil ar iasacht ar na margaí airgeadais ar son AE. Ráthaítear na hiasachtaí faoin mbuiséad AE.

Gníomhachtaíodh EFSM ar son na hÉireann agus na Portaingéile, don tsuim iomlán EUR 46.8 billiún (EUR 22.5 billiún ar son na hÉireann agus EUR 24.3 billiún ar son na Portaingéile), íoctha amach thar thréimhse trí bliana (2011-2014).

I mí Iúil 2015, úsáideadh EFSM chun cúnamh gearrthéarmach (iasacht idirlinne) de €7.16 billiún a chur ar fáil don Ghréig.

Tá socruithe áirithe curtha i bhfeidhm maidir le nochtadh na dtíortha nach cuid de limistéar an euro iad.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 13 Bealtaine 2010.

CÚLRA

Leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (ESM) tógtar ar an obair a rinneadh faoi EFSM agus faoin tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF), agus is iad sin an 2 ionstraim a cuireadh ar bun go sealadach tar éis ghéarchéim an fhiachais cheannasaigh, agus oibríonn sé leo fós sa lá atá inniu ann.

Is é ESM an príomhshásra tacaíochta do thíortha i limistéar an euro a mbíonn deacrachtaí sealadacha acu maidir le hairgead a fháil ar iasacht ar na margaí airgeadais mar gheall ar leibhéal a bhfiachas. Ba í uasacmhainn thosaigh iasachtaithe an ESM ná EUR 500 billiún, bunaithe ar chaipiteal EUR 704.8 billiún. Maoiníonn na Ballstáit ESM de réir scála ranníocaíochta an Bhainc Cheannais Eorpaigh*.

Faigheann ESM airgead ar iasacht ar na margaí airgeadais chun na hiasachtaí a mhaoiniú, agus déanann scairshealbhóirí (tíortha limistéar an euro) na hiasachtaí a ráthú. Cuirtear iasachtaí ar fáil faoi choinníollacha dochta, lena n-áirítear leibhéil inbhuanaithe airgeadais phoiblí a athbhunú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Líne chreidmheasa. Cead a fhaigheann Ballstát ón gComhairle, bunaithe ar mholadh ón gCoimisiún, chun cistí suas go dtí uasteorainn áirithe a aistarraingt ó EFSM ar feadh tréimhse ama shonraithe.
Scála Ranníocaíochta an Bainc Cheannais Eorpaigh. Déantar an scála seo a leagadh amach chun sciar an Bhallstáit faoi seach a léiriú maidir le daonra iomlán agus le holltáirgeacht intíre iomlán AE. Baineann an tábhacht chéanna leis na tosca sin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach (IO L 118, 12.5.2010, lgh 1-4).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 02.06.2022