Onnmhairiú earraí cultúrtha
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 maidir le honnmhairiú earraí cultúrtha
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
D'fhonn earraí cultúrtha Eorpacha a chosaint, féachtar ann lena áirithiú go ndéanfar rialuithe aonfhoirmeacha ar a n-onnmhairiú lasmuigh de chríoch chustam an Aontais Eorpaigh (AE) trí bhíthin ceadúnais onnmhairiúcháin.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tugtar rialacha sa rialachán maidir le honnmhairiú earraí cultúrtha, d'fhonn iad a chosaint. Áirithítear leis go ndéanfar rialuithe aonfhoirmeacha ar na honnmhairí sin ag teorainneacha seachtracha AE. Tá liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán de chatagóirí na n-earraí cultúrtha a bhfuil feidhm aige maidir leo.
Ceadúnas onnmhairiúcháin
-
Ní mór ceadúnas onnmhairiúcháin a thíolacadh agus earra cultúrtha á onnmhairiú lasmuigh de chríoch chustam an Aontais. Ní mór don onnmhaireoir an ceadúnas sin a iarraidh, agus is é údarás inniúil na tíre de chuid an Aontais a eiseoidh é. Tá sé bailí ar fud an Aontais. Féadfaidh tír AE ceadúnas onnmhairiúcháin a dhiúltú i gcás earraí atá faoi chosaint ag reachtaíocht maidir le seoda náisiúnta a bhfuil luach ealaíne, staire nó seandálaíochta acu. In imthosca áirithe, féadfaidh tír AE a cheadú go ndéanfaí earraí cultúrtha áirithe a onnmhairiú gan cheadúnas.
-
Ní mór an ceadúnas onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird maille leis an dearbhú onnmhairiúcháin ag an oifig custam inniúil nuair atá foirmiúlachtaí onnmhairiúcháin na gcustam á gcur i gcrích. Féadfaidh tíortha AE srian a chur le líon na n-oifigí custam atá inniúil maidir leis na foirmiúlachtaí a bhaineann le hearraí cultúrtha.
-
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1081/2012 ón gCoimisiún, leagtar síos na rialacha lena rialaítear dréachtú, eisiúint agus úsáid na gceadúnas onnmhairiúcháin dá bhforáiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 116/2009.
-
Sonraítear ann na cineálacha ceadúnais atá le heisiúint, a n-úsáid agus a dtréimhse bhailíochta. Tá 3 chineál ceadúnas i gceist:
-
an ceadúnas caighdeánach – a úsáidtear i ngnáth-imthosca i ndáil le gach onnmhairiú faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 agus atá bailí ar feadh tréimhse bliana;
-
an ceadúnas oscailte sonrach – lena gclúdaítear onnmhairiú sealadach leanúnach a dhéanamh ar earra cultúrtha sonrach ag an úinéir lena úsáid agus/nó a thaispeáint i dtríú tír, agus atá bailí ar feadh tréimhse suas go dtí 5 bliana;
-
an ceadúnas oscailte ginearálta – a eisítear chuig músaeim/institiúidí eile chun cumhdach a dhéanamh ar onnmhairiú sealadach ar aon cheann de na hearraí óna mbailiúchán buan a d'fhéadfaí a onnmhairiú go sealadach ó AE ar bhonn rialta lena dtaispeáint i dtír neamh-AE. Tá siadsan bailí ar feadh tréimhse suas go dtí 5 bliana.
-
Tá samplaí de na 3 chineál ceadúnas in Iarscríbhinní I, II agus III faoi seach.
Cur chun feidhme
-
D'fhonn an rialachán seo a chur chun feidhme, tá údaráis riaracháin náisiúnta chun cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile agus comhoibriú leis an gCoimisiún Eorpach. Ina theannta sin, ní mór comhar a bhunú idir údaráis chustam agus údaráis inniúla i dtíortha AE.
-
Ní mór do thíortha AE pionóis éifeachtúla, chomhréireacha agus athchomhairleacha a leagan síos i leith sáruithe ar an rialachán.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Is é Rialachán (AE) Uimh. 116/2009 an leagan códaithe de ghníomh bunaidh (Rialachán (CEE) Uimh. 3911/92), agus do na leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin. Tá sé i bhfeidhm ón 2 Márta 2009.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le honnmhairiú earraí cultúrtha (leagan códaithe) (IO L 39, 10.2.2009, lgh. 1-7)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Liosta de na húdaráis a bhfuil sé de chumhacht acu ceadúnais onnmhairiúcháin a eisiúint i leith earraí cultúrtha, arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle (IO C 164, 16.7.2009, lgh. 6-20)
Liosta de na hoifigí custam a bhfuil sé de chumhacht acu déileáil leis na foirmiúlachtaí i leith earraí cultúrtha a onnmhairiú, arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle (IO C 134, 13.6.2009, lgh. 9-13)
Nuashonraithe 20.02.2017