Gearáin ó thomhaltóirí a rangú agus a thuairisciú
ACHOIMRE AR:
Teachtaireacht (COM(2009) 346 final) maidir le modheolaíocht chomhchuibhithe chun gearáin agus fiosruithe ó thomhaltóirí a rangú agus a thuairisciú
CAD É IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?
-
Leagtar síos inti na buntáistí a bhaineann le comhchuibhiú a dhéanamh ar an rangú agus ar an tuairisciú a dhéantar ar ghearáin* ó thomhaltóirí* ar fud an Aontais Eorpaigh (AE). Meastar gur príomhtháscaire iad seo maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil an margadh aonair ag feidhmiú.
-
Moltar inti modheolaíocht chomhchuibhithe dheonach.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Tá an modheolaíocht chomhchuibhithe bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:
-
gur cheart go mbeifí in ann na sonraí a chur i gcomparáid le tacair shonraí eile, amhail sástacht tomhaltóirí, ó scórchlár margaí tomhaltóirí;
-
gur cheart di a bheith bunaithe ar rangú tomhaltais aonair de réir cuspóra de chuid na NA;
-
gur cheart di a bheith in ann aistriú gan uaim ó rangú reatha chuig an tsamhail chomhchuibhithe nua;
-
gur cheart costais chur chun feidhme a íoslaghdú agus iad a bheith inghlactha do chomhlachtaí a láimhseálann gearáin ó thomhaltóirí;
-
gur féidir í a chur in oiriúint de réir mar a fhorbraíonn margaí.
-
Tá trí chuid sa mhodheolaíocht:
-
faisnéis ghinearálta faoin ngearán;
-
faisnéis earnála faoin ngearán;
-
faisnéis faoin gcineál gearáin.
I ndiaidh na teachtaireachta, tháinig moladh in 2010 ón gCoimisiún Eorpach maidir le húsáid na modheolaíochta comhchuibhithe chun gearáin agus fiosruithe ó thomhaltóirí a rangú agus a thuairisciú*.
-
Leagtar amach sa mholadh:
-
na sonraí ba chóir do chomhlachtaí a láimhseálann gearáin a bhailiú agus a chlárú;
-
an bealach ar chóir na sonraí a phróiseáil agus a thuairisciú.
-
Úsáideann an Coimisiún modhanna éagsúla chun monatóireacht a dhéanamh ar mhargaí agus ar choinníollacha agus ar iompar tomhaltóirí. Áirítear ina measc sin:
-
suirbhéanna faoi dhearcthaí tomhaltóirí agus miondíoltóirí maidir le trádáil trasteorann a úsáideann an Coimisiún chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhtháthú an mhargaidh aonair ó thuairim an tomhaltóra de, mar aon le coinníollacha tomhaltóirí i dtíortha AE; úsáidtear na suirbhéanna sin chun scórchláir tomhaltóirí a ullmhú;
-
suirbhéanna monatóireachta ar mhargaí tomhaltóirí ina ndírítear ar chomh héasca is atá sé na hearraí agus na seirbhísí a thairgtear a chur i gcomparáid lena chéile, iontaoibh tomhaltóirí i miondíoltóirí agus soláthraithe, fadhbanna a bhíonn ag tomhaltóirí agus sástacht tomhaltóirí. Bíonn siad sin mar bhunús chun na scórchláir tomhaltóirí a rianaíonn feidhmíocht níos mó ná 40 margadh earraí agus seirbhísí tomhaltóirí a ullmhú;
-
staidéar sonrach ar shaincheisteanna a bhaineann go sonrach le tomhaltóirí (e.g. staidéar ar thionchar na margaíochta trí na meáin shóisialta, cluichí ar líne agus feidhmchláir shoghluaiste ar iompar leanaí);
-
tacaíocht airgeadais chun córais TF a bhunú nó a fheabhsú a úsáidtear chun na sonraí comhchuibhithe maidir le gearáin a sheoladh chuig an gCoimisiún.
-
Is líonra é an Sainghrúpa ar Ghearáin ó Thomhaltóirí a bunaíodh chun cuidiú le cur i bhfeidhm mholadh an Choimisiúin maidir le húsáid na modheolaíochta comhchuibhithe. Tugann an grúpa comhairle ar shaincheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm na modheolaíochta agus ar shaincheisteanna eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir leis an moladh.
CÚLRA
-
Tá luach mór ag baint le rangú gearán a chomhchuibhiú ar leibhéal AE, bíodh sé le haghaidh rialtóirí AE agus náisiúnta, eagraíochtaí tomhaltóirí nó tomhaltóirí AE iad féin.
-
Is féidir comparáid dhíreach a dhéanamh idir na sonraí ar fud AE agus dá réir sin tugann údaráis freagra níos tapúla agus níos dírithe ar fhadhbanna tomhaltóirí, bunaithe ar an bhfianaise sin, cibé ar leibhéal AE nó go náisiúnta. Cuireann na sonraí a bhailítear ar chumas údarás áitiúil agus rialtóirí freagairt níos fearr do threochtaí atá ag teacht chun cinn, pictiúr níos iomláine a thabhairt dá gcuid margaí, agus bítear in ann comparáidí níos éasca a dhéanamh le tíortha eile.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Tomhaltóir: duine aonair nach ngníomhaíonn i rith a gcuid trádála, gnó, ceirde nó gairme
Gearán ó thomhaltóir: ráiteas míshástachta maidir le trádálaí sonrach a dhéanann tomhaltóir le comhlacht a láimhseálann gearáin
Fiosrú ó thomhaltóir: iarratas ar fhaisnéis nó ar chomhairle, seachas gearán, a dhéanann tomhaltóir ar chomhlacht a láimhseálann gearáin
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le modheolaíocht chomhchuibhithe chun gearáin agus fiosruithe ó thomhaltóirí a rangú agus a thuairisciú (COM(2009) 346 final, 7.7.2009)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Moladh ón gCoimisiún an 12.5.2010 maidir le húsáid modheolaíochta comhchuibhithe chun gearáin agus fiosruithe ó thomhaltóirí a rangú agus a thuairisciú (C(2010) 3021 final)
Nuashonraithe 25.08.2016