Rannpháirtíocht na hóige agus faisnéis don óige i dtaca le beartais AE

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2006) 417 final) maidir le beartais Eorpacha i ndáil le rannpháirtíocht na hóige agus faisnéis don óige

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Is é is aidhm leis an teachtaireacht measúnú a dhéanamh ar an mbeart leantach a dhéanann tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) i leith na gcomhchuspóirí ar rannpháirtíocht na hóige agus faisnéis don óige. Glacadh na cuspóirí sin tar éis fhoilsiú Pháipéar Bán na bliana 2001, “Spreagadh nua d’aos óg na hEorpa”, chun saoránacht ghníomhach a chur chun cinn i measc daoine óga.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bhí sé ina thoradh ar an bPáipéar Bán gur glacadh an chéad chreat um chomhar Eorpach i réimse na hóige (2002), faoinar aontaigh tíortha AE, faoin modh oscailte comhordúcháin, díriú ar cheithre thosaíocht shonracha:

Déantar anailís sa teachtaireacht ar na tuarascálacha arna gcur isteach ag tíortha AE maidir le baint amach na gcuspóirí atá leagtha amach in dá cheann de na ceithre thosaíocht sin: faisnéis don óige agus rannpháirtíocht na hóige.

Faisnéis

Ba é tátal na teachtaireachta go príomha go bhfuil fáil i ngach tír AE ar uirlisí faisnéise atá dírithe ar dhaoine óga ach nár mhór iad a fhorbairt agus a phearsantú tuilleadh. Sa chomhthéacs sin, d’fhorbair an Coimisiún Eorpach tairseach shonrach don óige, lena bhfuiltear ag tacú le gníomhaíochtaí óige san Eoraip ó 2003 i leith.

Rinneadh cur síos inti freisin ar mar a chuir AE gníomhaíochtaí i gcrích chun treisiú a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise a chuirtear ar fáil do dhaoine óga. Tá ról tábhachtach ag na líonraí Eorpacha Eurodesk, Eryica agus EYCA maidir le faisnéis ardcháilíochta a thabhairt do dhaoine óga, feabhas a chur ar scileanna agus cáilíochtaí oibrithe a thugann faisnéis don óige trí líonrú agus i ndáil le forbairt a dhéanamh ar chúrsaí oiliúna dá mbaill.

Rannpháirtíocht

Léiríodh sa teachtaireacht gur fearr i bhfad anois ná mar a bhíodh an comhordú ar ghníomhaíocht thíortha AE chun tacú le rannpháirtíocht na ndaoine óga sa saol daonlathach, lena gcuimsítear gníomhaíochtaí atá dírithe ar an méid seo a leanas:

Sa réimse áirithe sin, bunaíodh Straitéis AE i leith na hÓige 2010-2018, lena n-áirítear Plean Oibre AE don Óige i gcomhair 2016-2018. Áirítear leis sin gníomhaíochtaí sonracha d’fhonn daoine óga a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí mar seo a leanas:

Tá an Coimisiún tar éis malartuithe dea-chleachtais a thabhairt isteach freisin chun daoine óga a spreagadh le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le hoideachas, le fostaíocht agus leis an tsochaí.

I measc gníomhaíochtaí eile, bunaíodh plean nua chun dul i ngleic leis an radacú trí oideachas agus gníomhaíocht óige lena áirithiú go bhfoghlaimeoidh leanaí agus daoine óga inniúlachtaí sóisialta, pobail agus cultúrtha agus le feabhas a chur ar a gcuid smaointeoireachta criticiúla agus an t-idirlíon á úsáid acu.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle maidir le beartais Eorpacha um rannpháirtíocht na hóige agus faisnéis don óige — Beart leantach i leith an Pháipéir Bháin ar Spreagadh nua d’Aos Óg na hEorpa: Cur chun feidhme na gcomhchuspóirí maidir le rannpháirtíocht na ndaoine óga agus faisnéis do dhaoine óga d’fhonn a saoránacht ghníomhach Eorpach a chur chun cinn (COM(2006) 417 final, 20.7.2006)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Páipéar Bán ón gCoimisiún Eorpach: “Spreagadh nua d’aos óg na hEorpa” (COM(2001) 681 final, 21.11.2001)

Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 27 Meitheamh 2002 maidir leis an gcreat a bhaineann le comhar Eorpach i réimse na hóige (IO C 168, 13.7.2002, lgh. 2-5)

Rún ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le comhchuspóirí le haghaidh rannpháirtíocht na ndaoine óga agus faisnéis do dhaoine óga (IO C 295, 5.12.2003, lgh. 6-8)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle maidir leis na beartais Eorpacha a bhaineann leis an óige — Aghaidh a thabhairt ar ábhair chúraim daoine óga san Eoraip — Lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Eorpach um an Óige agus lena gcuirtear chun cinn an tsaoránacht ghníomhach (COM(2005) 206 final, 30.5.2005)

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 24 Bealtaine 2005, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cur chun feidhme an chomhchuspóra: cur le rannpháirtíocht na ndaoine óga i gcóras an daonlathais ionadaíoch (IO C 141, 10.6.2005, lgh. 3-4)

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 24 Bealtaine 2005, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cur chun feidhme na gcomhchuspóirí i dtaobh faisnéis don óige (IO C 141, 10.6.2005, lgh. 5-6)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle Eorpach — Clár oibre na saoránach — Torthaí a bhaint amach ar mhaithe leis an Eoraip (COM(2006) 211 final, 10.5.2006)

Nuashonraithe 23.02.2017