Comhairle eolaíochta do chomhbheartas iascaigh an Aontais Eorpaigh

ACHOIMRE AR:

Chinneadh 2005/629/CE lena mbunaítear Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH SEO?

Bunaítear leis an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach. Cuirtear ionchur ar fáil ag an gcoiste chun cabhrú leis an gCoimisiún Eorpach comhbheartas iascaigh an Aontais Eorpaigh (AE) a chur i bhfeidhm.

Leagtar amach ann an ról, an struchtúr agus na nósanna imeachta chun baill an choiste a cheapadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ról

Téann an Coimisiún i gcomhairle leis an gcoiste maidir leis na cúrsaí go léir a bhaineann le caomhnú agus le bainistiú beo-acmhainní uisceacha (beatha ainmhíoch agus fásra muirí), agus go sonrach maidir le gnéithe bitheolaíochta, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus teicniúla.

Tá tuairim an choiste go ríthábhachtach chun inbhuanaitheacht chomhbheartas iascaigh AE a chinntiú. Tá ról tábhachtach aici maidir le comhairle a thabhairt ar ghnéithe mar iad seo a leanas:

uastorthaí inbhuanaithe (MSYanna — leibhéal uasghabhála ar féidir é a shaothrú go rialta gan ídiú fadtéarmach na n-acmhainní iascaigh); agus

gabhálacha iomlán incheadaithe (TACanna — uaschainníochtaí speicis éisc áirithe ar féidir iad a ghabháil thar thréimhse áirithe ama i réigiún sonrach).

Baill agus a gceapacháin

Tá idir 30 agus 35 shaineolaí oirirce agus theicneolaí iascaireachta sa choiste, sna réimsí seo a leanas: bitheolaíocht agus éiceolaíocht mhuirí, eolaíocht iascaigh agus na ceisteanna eacnamaíocha, staitistiúla agus taighde a bhaineann le hiascaigh.

Déantar baill a cheapadh ó liosta tiomsaithe tar éis don Choimisiún glao oscailte iarratas a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin. Ceaptar iad le haghaidh 3 bliana, le ceapacháin eile ar bhonn atrátha.

Is féidir leis an gcoiste a mheithleacha féin a bhunú maidir le ceisteanna sonracha tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Is féidir le hionadaithe an Choimisiúin agus saineolaithe eile seachtracha freastal ar chruinnithe an choiste agus ar chruinnithe na meithleacha.

Oibriú an choiste

Téann an Coimisiún i gcomhairle leis an gcoiste go rialta, nó nuair a mheastar gá a bheith leis, maidir le ceisteanna a bhaineann le caomhnú agus bainistiú beo-acmhainní uisceacha.

Cuirtear tuairim an choiste san áireamh nuair a dhéantar tograí ar bhainistiú iascaigh. Is féidir leis an gcoiste tuairimí ar chúrsaí iascaigh a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún freisin as a stuaim féin.

Foilsíonn an coiste tuarascáil bhliantúil ar:

staid na stoc éisc agus treochtaí sa tionscal iascaigh, ag leagadh béime ar impleachtaí eacnamaíocha staid na stoc éisc;

an obair atá déanta chun taighde eolaíochta, teicniúil agus eacnamaíoch sna hearnálacha iascaigh agus uisceshaothraithe a chomhordú (e.g. feirmeoireacht éisc agus sliogéisc).

Rialacha nós imeachta

Glactar le rialacha inmheánacha an choiste tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Treoraítear a chuid oibre le prionsabail barr feabhais, neamhspleáchais agus trédhearcachta, fad a choimeádtar rúndacht maidir le cúrsaí cánach agus gnó. Foilsítear na rialacha seo ar láithreán gréasáin an Choimisiúin.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN GCINNEADH SEO?

Cuireadh an cinneadh i bhfeidhm an 26 Lúnasa 2005.

CÚLRA

Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach

GNÍOMH

Cinneadh 2005/629/CE ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2005 lena mbunaítear Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (IO L 225, 31.8.2005, lgh. 18-22)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Chinneadh 2005/629/CE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 11.01.2016