Gníomhaireacht AE um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 - Gníomhaireacht Eorpach um shábháilteacht agus sláinte ag an obair
CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?
Bunaítear leis an Ghníomhaireacht Eorpach um shábháilteacht agus sláinte ag an obair d'fhonn faisnéis theicniúil, eolaíoch agus gheilleagrach a chur ar fáil d'fhorais AE, do thíortha AE agus do pháirtithe leasmhara sa réimse sin.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ról
Áirítear le ról na Gníomhaireachta:
-
faisnéis theicniúil, eolaíoch agus gheilleagrach i dtaca leis na nithe seo a leanas a bhailiú agus a anailísiú:
-
sláinte agus sábháilteacht ag an obair i dtíortha AE, agus an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig forais AE, tíortha AE eile agus páirtithe leasmhara;
-
faisnéis ar thaighde maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair agus torthaí an taighde sin a scaipeadh.
-
Faisnéis theicniúil, eolaíoch agus gheilleagrach a sholáthar i dtaobh modhanna agus uirlisí i leith gníomhaíochtaí coisctheacha a chur chun feidhme, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus dea-chleachtais a shainaithint;
-
cur chun cinn a dhéanamh ar chomhoibriú agus malartú faisnéise agus taithí i measc tíortha AE agus tacú leis sin, lena n-áirítear faisnéis ar chláir oiliúna;
-
líonra faisnéise a chomhordú i gcomhar le tíortha AE, lena n-áirítear forais agus eagraíochtaí náisiúnta, AE (An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú) agus idirnáisiúnta a chuireann an cineál sin faisnéise agus seirbhísí ar fáil;
-
faisnéis faoi chúrsaí sábháilteachta agus sláinte a bhailiú ó thíortha neamh-AE agus eagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-áirítear an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS), an Eagraíocht Sláinte Phan-Mheiriceánach (PAHO) agus an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil dóibh.
Struchtúr
-
Struchtúr stiúrtha agus bainistíochta atá comhdhéanta de Bhord Rialúcháin, Biúró agus Stiúrthóir.
-
Bord Rialúcháin ina bhfuil 78 mball, atá comhdhéanta mar seo a leanas:
-
1 bhall a dhéanann ionadaíocht ar rialtas gach tír AE,
-
1 bhall a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí fostóirí ó gach tír AE,
-
1 bhall a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí fostaithe ó gach tír AE,
-
3 bhall a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún Eorpach.
-
Is in Bilbao na Spáinne atá ceanncheathrú na Gníomhaireachta.
Straitéis
Ullmhaíonn an Ghníomhaireacht cláir oibre bhliantúla ar bhonn straitéis chorparáideach 6 bliana. Tá sé réimse tosaíochta sa straitéis 2014-20 agus leagtar béim inti ar an líonrú. Tá sí ag teacht leis an gCreat Straitéiseach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair 2014-20 de chuid AE.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 9 Meán Fómhair 1994.
CÚLRA
An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair
GNÍOMH
Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle an 18 Iúil 1994 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO L 216, 20.8.1994, lgh. 1-7)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach leagan doiciméadach amháin.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Creat Straitéiseach AE i ndáil le Sláinte agus Sábháilteacht ag an obair 2014-2020 (COM(2014) 332 final, an 6.6.2014)
Nuashonraithe 05.12.2016