Cáilíocht sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a chinntiú

Tá an creat tagartha Eorpach um dhearbhú cáilíochta ar cheann de shraith tionscnamh Eorpach a dearadh chun soghluaisteacht lucht saothair a spreagadh. Cuidíonn sé le tíortha feabhsuithe ar a ngairmoideachas agus ar a ngairmoiliúint a chur chun cinn agus monatóireacht a dhéanamh orthu.

GNÍOMH

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le creat tagartha Eorpach um dhearbhú cáilíochta a bhunú don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint (Iris Oifigiúil C 155, 8.7.2009, lgh. 1-10).

ACHOIMRE

Tá an creat tagartha Eorpach um dhearbhú cáilíochta ar cheann de shraith tionscnamh Eorpach a dearadh chun soghluaisteacht lucht saothair a spreagadh. Cuidíonn sé le tíortha feabhsuithe ar a ngairmoideachas agus ar a ngairmoiliúint a chur chun cinn agus monatóireacht a dhéanamh orthu.

CAD A DHÉANTAR SA MHOLADH?

Bunaítear creat tagartha Eorpach um dhearbhú cáilíochta ann. Is bosca uirlisí é seo ina bhfuil tagairtí Eorpacha comhchoiteanna. Ar bhonn deonach, is féidir le húdaráis áitiúla úsáid a bhaint as na gnéithe a measann siad a bheith ina ngnéithe is úsáidí chun cáilíocht a gcóras gairmoideachais agus gairmoiliúna féin a fhorbairt, a fheabhsú, a threorú agus a mheasúnú.

PRÍOMHPHOINTÍ

I mBealtaine 2014, shonraigh rialtais AE an dul chun cinn a rinneadh sa dearbhú cáilíochta san oideachas agus oiliúint agus chomhaontaigh siad ar an ngá le tuilleadh dul chun cinn.

CÚLRA

Ba chóir don mholadh cuidiú leis na córais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú agus a chinntiú nach bhfágann daoine gan cáilíocht a bheith acu. Tá sé mar aidhm leis chomh maith feabhas a chur ar an idirchaidreamh idir oideachas, oiliúint agus fostaíocht.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an mholta ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le creat tagartha Eorpach um dhearbhú cáilíochta a bhunú don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint (COM(2014) 30 final an 28.1.2014).

Conclúidí ón gComhairle an 20 Bealtaine 2014 maidir le dearbhú cáilíochta a thacaíonn leis an oideachas agus leis an oiliúint (OJ C 183, 14.6.2014, lgh. 30-35).

Nuashonraithe 30.07.2015