Cáilíocht an oideachais do mhúinteoirí a fheabhsú

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2007) 392 final) — Cáilíocht an oideachais do mhúinteoirí a fheabhsú

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Is é is aidhm léi measúnú a dhéanamh ar oideachas agus oiliúint múinteoirí in AE agus moltar inti bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéal tíre AE agus an dóigh a bhféadfadh AE tacaíocht a thabhairt dóibh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá ról ríthábhachtach ag múinteoir maidir le cuidiú le daoine a dtallanna a fhorbairt, a n-acmhainneacht a shásamh agus an t-eolas agus na scileanna a theastóidh uathu mar shaoránaigh agus mar oibrithe a ghnóthú.

Tarraingítear aird sa teachtaireacht ar dhifríocht mhór sna caighdeáin agus sna cleachtais um oideachas múinteoirí idir thíortha AE éagsúla, amhail an íos-leithdháileadh ama bliantúil le haghaidh oiliúint inseirbhíse éigeantach, chomh maith le tacaíocht agus maoirseacht do mhúinteoirí úra.

Oibríonn an Coimisiún Eorpach go dlúth le tíortha AE chun cuidiú leo a mbeartais oideachais agus oiliúna a fhorbairt agus a nuachóiriú. Is é is aidhm léi gairm dhea-cháilithe atá soghluaiste ar bhonn idirnáisiúnta a bhaint amach sa chás go dtugtar tacaíocht do mhúinteoirí le leanúint lena bhforbairt i rith a ngairmeacha, ag oibriú i gcomhpháirtíocht leis an bpobal i gcoitinne. Cuireann an Coimisiún na bearta beartais seo a leanas chun cinn do thíortha AE:

Foghlaim ar feadh an tsaoil

Ba cheart forbairt ghairmiúil gach múinteora a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta, agus go leor maoinithe ar chur ar fáil ina leith. Ag tosú le cláir ionduchtúcháin, áirítear leis sin meantóireacht agus leanúint le plé a dhéanamh ar riachtanais oiliúna agus forbartha.

Scileanna riachtanacha

Ní mór do mhúinteoirí an t-eolas ar ábhar, na dearcthaí agus na scileanna a bheith acu chun cuidiú le daoine óga a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach, agus riachtanais gach foghlaimeora a shainaithint, agus úsáid a bhaint as raon straitéisí.

Cleachtas agus taighde machnamhach

Ba cheart do mhúinteoirí a bheith ábalta ceannais a ghlacadh ar a bhfoghlaim féin, go díreach mar a chuidíonn siadsan le daoine óga freagracht a ghlacadh as a bhfoghlaim féin. Áirítear air sin machnamh córasach a dhéanamh ar a gcleachtas chomh maith le taighde bunaithe sa seomra ranga.

Cáilíochtaí

Ag cur san áireamh an chastacht a bhaineann leis na héilimh a chuirtear ar mhúinteoirí agus an raon eolais agus scileanna atá le foghlaim acu, ba cheart do thíortha AE breathnú ar aistriú i dtreo leibhéal níos airde cáilíochtaí, faoi mar atá glactha i roinnt tíortha cheana.

Oideachas múinteoirí san ardoideachas

Ba cheart go mbeadh oideachas go leibhéal máistreachta agus dochtúireachta (chomh maith le leibhéal baitsiléara) ar fáil, agus ba cheart feabhas a chur ar na naisc eatarthu siúd a chuireann oiliúint ar mhúinteoirí, múinteoirí oibrithe, an láthair oibre agus gníomhaireachtaí eile. Ba cheart dóibh siúd atá freagrach as oiliúint a chur ar mhúinteoirí taithí phraiticiúil seomra ranga a bheith acu agus ardchaighdeáin a bheith bainte amach acu sna scileanna, dearcthaí agus inniúlacht a theastaíonn.

Ag teagasc sa tsochaí

Ba cheart do mhúinteoirí an éagsúlacht shóisialta i gcomhthéacs cultúir, na teanga dúchais, inscne agus míchumais a léiriú go hiomlán, agus ba cheart do AE fáil réidh leis na bacainní chun é sin a bhaint amach.

Óna thaobh féin de, geallann an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Feabhas a chur ar Oideachas do Mhúinteoirí (COM(2007) 392 final, 3.8.2007)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir le forbairt ghairmiúil múinteoirí agus ceannairí scoile (IO C 302, 12.12.2009, lgh. 6-9)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Athmhachnamh ar an Oideachas: Infheistiú i scileanna le haghaidh torthaí socheacnamaíocha níos fearr (COM(2012) 669 final, 20.11.2012)

Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin, Ag Tacú le Gairmithe Teagaisc le haghaidh Torthaí Foghlama níos Fearr a Ghabhann leis an doiciméad, Teachtaireacht ón gCoimisiún, Athmhachnamh ar an Oideachas: Infheistiú i scileanna le haghaidh torthaí socheacnamaíocha níos fearr (SWD(2012) 374 final, 20.11.2012)

Conclúidí ón gComhairle an 20 Bealtaine 2014 maidir le hoideachas éifeachtach múinteoirí (IO C 183, 14.6.2014, lgh. 22-25)

Nuashonraithe 18.12.2016