Europass - soghluaisteacht níos mó d’fhoghlaim agus obair san Eoraip

Féadfaidh sainchomhad caighdeánaithe lena leagtar amach scileanna agus cáilíochtaí pearsanta, atá saor in aisce agus ar fáil go leictreonach i 28 teanga, cuidiú le saoránaigh obair a aimsiú nó oiliúint a fháil áit ar bith san Eoraip.

GNÍOMH

Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le creat aonair Comhphobail do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass).

ACHOIMRE

Féadfaidh sainchomhad caighdeánaithe lena leagtar amach scileanna agus cáilíochtaí pearsanta, atá saor in aisce agus ar fáil go leictreonach i 28 teanga, cuidiú le saoránaigh obair a aimsiú nó oiliúint a fháil áit ar bith san Eoraip.

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH?

Leis an gcinneadh bunaítear comhchreat de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) agus é d’aidhm aige cur ar chumas saoránach a gcáilíochtaí agus a n-inniúlachtaí a chur i láthair go soiléir agus go héasca trí shainchomhad pearsanta comhordaithe doiciméad (Europass) a chruthú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is éard atá sa Europass ná punann le cúig dhoiciméad agus fillteán leictreonach inar féidir cur síos a bheith ar ghnóthachtálacha foghlama saoránaigh, cáilíochtaí oifigiúla, taithí oibre, scileanna agus inniúlachtaí.

Tá na heilimintí seo a leanas ann:

Tá an tionscnamh á thacú ag tairseach Idirlín trínar féidir le saoránaigh a CVanna Europass agus pasanna teangacha féin a chruthú, agus fáil amach faoi na doiciméid Europass eile.

Ba chóir don Europass a bheith comhsheasmhach agus comhlántach leis na hionstraimí eile a chothaíonn soghluaiseacht Eorpach agus idirnáisiúnta, ach go háirithe:

I dtuarascáil de chuid an Choimisiúin 2013 fuarthas go raibh gá do Europass a bheith níos solúbtha agus níos áisiúla don úsáideoir trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua-aimseartha. Measadh gur ghá seirbhís níos simplí, níos dírithe ar spriocanna agus suas chun dáta a dhéanamh den struchtúr reatha.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE

1.1.2005

-

IO L 390, 31.12.2004, lgh. 6-20

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle - Meastóireacht ar an tionscnamh Europass: dara meastóireacht ar Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat aonair Comhphobail do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass) (COM(2013) 899 final an 18.12.2013).

Nuashonraithe 22.07.2015