Ardoideachas — comhar idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE

ACHOIMRE AR:

Comhar san ardoideachas le tíortha neamh-AE a neartú — COM(2001) 385 final

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?

Leagtar amach straitéis sa teachtaireacht seo agus déantar rialacha a aithint inti chun an comhar idir tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) agus tíortha neamh-AE sa réimse ardoideachais a neartú.

Féachtar sa teachtaireacht:

PRÍOMHPHOINTÍ

CÚLRA

Tá an-chuid oibre déanta ag ollscoileanna san Eoraip roimhe seo ar son an chomhair idirnáisiúnta: rinne siad éascaíocht ar churaclaim idirnáisiúnta agus ar chéimeanna ilábhar a fhorbairt, rinne siad tionscadail idirnáisiúnta taighde agus nuála a mhaoiniú, agus thacaigh siad le mic léinn, le baill foirne agus le heolas a mhalartú. Cuireann an comhar sin feabhas ar chaighdeán an oideachais agus na hoiliúna agus, ina theannta sin, spreagann sé nuálaíocht agus cruthú fostaíochta trí shoghluaisteacht. Ag an am céanna, cuireann sé deiseanna ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn chun go bhfaighidís léargas níos fearr ar an saol.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* An Córas Eorpach d’Aistriú Creidmheasa: córas creidmheasa acadúla a ceapadh chun go mbeadh sé níos éasca ar mhic léinn bogadh idir tíortha difriúla. Tá an córas á úsáid ag formhór na dtíortha sa Réimse Ardoideachais Eorpaigh agus ag a lán tíortha lasmuigh de.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le comhar le tríú tíortha i réimse an ardoideachais a neartú (COM(2001) 385 final, 18.7.2001)

Nuashonraithe 26.10.2015