Prionsabal an chaithimh chomhionann le fir agus le mná lasmuigh den mhargadh fostaíochta

Tá sé mar aidhm leis an treoir caitheamh comhionann le fir agus le mná a chur i bhfeidhm ag féachaint le prionsabal an chaithimh chomhionann a shíneadh taobh amuigh de réimse an mhargaidh fostaíochta agus an tsaoil ghairmiúil go dtí réimsí an ghnáthshaoil.

ACHT

Treoir 2004/113/CE ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal an chaithimh chomhionann idir fir agus mná maidir le rochtain agus soláthar earraí agus seirbhísí.

ACHOIMRE

Tá sé mar aidhm leis an treoir caitheamh comhionann le fir agus le mná a chur i bhfeidhm ag féachaint le prionsabal an chaithimh chomhionann a shíneadh taobh amuigh de réimse an mhargaidh fostaíochta agus an tsaoil ghairmiúil go dtí réimsí an ghnáthshaoil.

CAD IS AIDHM LEIS NA TREOIR SEO?

Bunaítear creat leis an treoir chun dul i ngleic le gach uile idirdhealú bunaithe ar inscne maidir le rochtain agus soláthar earraí agus seirbhísí, sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon.

Tá feidhm ag an treoir maidir le hearraí agus seirbhísí a thairgtear don phobal, beag beann ar na daoine lena mbaineann (is é sin le rá, is cuma cad iad cúinsí pearsanta fhaighteoir na seirbhísí) agus a thairgtear lasmuigh de na réimsí príobháideacha agus teaghlaigh. Léiríonn an téarma “seirbhísí” seirbhísí a sholáthraítear de mhalairt ar luach saothair.

Níl feidhm ag an treoir maidir le hábhar na meán, nó le fógraíocht, nó le hoideachas.

PRÍOMHGHNÉITHE

Cosc ar idirdhealú sa réimse earraí agus seirbhísí: i bprionsabal, cuirtear cosc leis an treoir ar:

Ní ghlacfar le caitheamh difreálach ach má thugtar údar leis le cuspóir dlisteanach, amhail, mar shampla, cosaint íobartaigh drochúsáide gnéasaí (i gcás cruthú tearmann do mhná), saoirse comhlachais (i gcomhthéacs ballraíochta i gclubanna príobháideacha (mná nó fir) nó eagraíocht gníomhaíochtaí spóirt (mná nó fir). Ní mór teorainn ar bith a bheith cuí agus riachtanach.

Ní chuirtear cosc le prionsabal an chaithimh chomhionann ar ghníomh dearfach a dhéanamh chun éagothroimí inscne sa réimsí earraí agus seirbhísí a chosc nó a chúiteamh.

Ní bhunaítear sa treoir ach íoscheanglais ionas go mbeidh na tíortha AE ábalta leibhéil níos airde nó níos fairsinge cosanta a choinneáil.

Feidhm maidir leis an réimse árachais: cuirtear cosc leis an treoir ar inscne a chur san áireamh agus préimheanna árachais agus sochair i gcomhaontuithe árachais a síníodh i ndiaidh an 21 Nollaig 2007 á ríomh.

Mar sin féin, rinneadh foráil sa treoir i leith rogha do na tíortha AE gan an cosc seo a chur i bhfeidhm i gcásanna go raibh inscne ina fhachtóir cinntitheach i measúnú riosca agus bunaithe ar shonraí ábhartha achtúireacha agus staitistiúla. Ina rialú ar an gcás Test-Achat (C-236/09), áfach, dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go raibh an maolú ó phrionsabal an chaithimh chomhionann lena raibh tíortha AE ábalta difreáil a dhéanamh idir fir agus mná maidir le préimheanna agus sochair ábhartha neamhbhailí, le héifeacht ón 21 Nollaig 2012.

As seo, maidir le gach comhaontú úr a síníodh ón dáta sin, tá feidhm ag taraif (mná nó fir) maidir leis an earnáil árachais. Chun cur i bhfeidhm rialú na Cúirte a éascú, ghlac an Coimisiún Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm na treorach san earnáil árachais.

I gcás ar bith, ní mór nach mbeidh difríochtaí i dtéarmaí préimheanna agus sochar mar thoradh ar na costais a bhaineann le toircheas agus máithreachas.

Comhlachtaí a chuireann caitheamh comhionann chun cinn: tugann gach tír AE an cúram do chomhlacht amháin nó do roinnt comhlachtaí caitheamh comhionann le fir agus le mná a chur chun cinn agus monatóireacht a dhéanamh air ar leibhéal náisiúnta. Tá na comhlachtaí sin freagrach as (i) cúnamh neamhspleách a thairg d’íobartaigh, (ii) staidéar neamhspleách a dhéanamh, (iii) tuarascálacha neamhspleácha a fhoilsiú agus moltaí a dhéanamh.

Cearta íobartach a chosaint: cuirtear tíortha AE faoi oibleagáid leis an treoir a chinntiú go bhfuil rochtain ag íobartaigh ar nós imeachta breithiúnach agus/nó riaracháin lena gcearta a chosaint, agus gur féidir le híobartaigh an sásamh nó an cúiteamh cuí a fháil. Tá comhlachais, eagraíochtaí agus daoine dlíthiúla eile ag a bhfuil leas dlisteanach ábalta a bheith páirteach chomh maith i nós imeachta breithiúnach agus/nó riaracháin ionas gur féidir le híobartaigh a gcearta a chosaint agus sásamh nó cúiteamh a fháil.

Nuair a thacaíonn fíricí a chuirtear os comhair binse leis an toimhde go bhfuil an t-idirdhealú ann, is faoin gcosantóir atá sé a chruthú nár sáraíodh prionsabal an chaithimh chomhionann (frisnéis an ionchúisimh).

Ina theannta sin, ní mór do thíortha AE smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcás sáraithe ar phrionsabal an chaithimh chomhionann.

CÁ HUAIR A THÁINIG AN TREOIR I BHFEIDHM?

Tháinig an treoir i bhfeidhm an 21 Nollaig 2004 agus rinneadh í a thrasuí i ndlí tíortha AE faoin 21 Nollaig 2007 ar a dhéanaí.

COMHTHÉACS

Tá comhionannas idir fir agus mná ina phrionsabal bunúsach de chuid an Aontais Eorpaigh, arna leagan síos in Airteagal 2 agus Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. D’fhéadfadh idirdhealú inscne bheith ina bhacainn ar chomhtháthú iomlán agus rathúil fear agus ban isteach sa saol eacnamaíoch agus sóisialta.

EOCHAIRTHÉARMAÍOCHT

Idirdhealú díreach: cúinsí nach gcaitear go fabhrach le duine i ngeall ar a inscne sa chás nach gcaitear, nár caitheamh nó nach gcaití le duine eile sa chás céanna.

Idirdhealú neamhdhíreach: cúinsí ina bhfuil an chosúlacht ann go mbeidh míbhuntáiste sainiúil ag daoine den ghnéas eile i ngeall ar fhoráil, critéar nó cleachtas atá neodrach de dhealramh, murar dtugtar údar leis an bhforáil, leis an gcritéar nó leis an gcleachtas seo le cuspóir dlisteanach agus trína thuiscint go bhfuil an cuspóir sin cuí agus riachtanach.

Ciapadh: cúinsí ina dtarlaíonn iompar gan iarraidh a bhaineann le hinscne duine, chun dínit an duine a ionsú agus timpeallacht imeaglaithe, naimhdeach, tháireach, náireach nó mhaslach a chruthú.

Ghéaschiapadh: cúinsí ina dtarlaíonn iompar gnéasach gan iarraidh, a chuirtear in iúl go fisiceach, ó bhéal nó gan chaint chun dínit an duine a ionsú nó timpeallacht imeaglaithe, naimhdeach, tháireach, náireach nó mhaslach a chruthú.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Trasuíomh sna tíortha AE

Iris Oifigiúil

Treoir 2004/113/CE

21.12.2004

21.12.2007

IO L 373, 21.12.2004, lgh.37-43

Nuashonraithe 26.02.2015