Obair théarma shocraithe

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 99/70/CE — an creat-chomhaontú maidir le obair théarma shocraithe arna thabhairt i gcrích ag CEC, Cónaidhm na nGnóthas Eorpach agus CEEP(ceardchumainn)

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuimsítear ann coinníollacha oibre le haghaidh oibrithe téarma shocraithe amháin; saincheart na dtíortha AE is ea na scéimeanna reachtúla um shlándáil shóisialta.

Baineann sé le hoibrithe téarma shocraithe (oibrithe séasúracha san áireamh) seachas oibrithe a chuireann an ghníomhaireacht fostaíochta sealadaí ar fáil do ghnóthas úsáideora. Tá sé ar intinn ag na páirtithe glacadh le comhaontú comhchosúil chun fostaíocht shealadach a chumhdach.

Thairis sin, féadfaidh tíortha AE a fhoráil nach mbaineann an comhaontú seo le:

Prionsabal an neamh-idirdhealaithe

Cuirtear cosc leis an gcomhaontú ar fhostaithe déileáil le hoibrithe téarma shocraithe ar mhodh is lú fabhar ná oibrithe buan de bharr go bhfuil conradh téarma shocraithe amháin, mura féidir údar a thabhairt leis an difríocht sa tslí ina ndéileáiltear leo ar fhorais oibiachtúla.

Féachtar sa chomhaontú le cáilíocht na hoibre téarma shocraithe a fheabhsú trí chur chun feidhme phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a áirithiú agus chun mí-úsáid a eascraíonn as úsáid conarthaí fostaíochta nó caidreamh téarma shocraithe comhleanúnacha a chosc.

Mí-úsáid oibre téarma shocraithe a chosc

Chun mí-úsáid, a eascraíonn as úsáid conarthaí téarma shocraithe comhleanúnacha, a chosc, ní mór do thíortha AE, tar éis comhairliúcháin leis na comhpháirtithe sóisialta, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a thabhairt isteach (ag cur riachtanais na n-earnálacha agus na gcatagóirí oibrithe sonracha san áireamh):

Deiseanna oiliúna

Ba cheart d’fhostóirí rochtain d’oibrithe téarma shocraithe ar dheiseanna oiliúna a éascú chun a gcuid scileanna, a bhforbairt gairme agus a soghluaisteacht ghairmiúil a fheabhsú.

Ionadaithe oibrithe

Ní mór oibrithe téarma shocraithe a chur san áireamh agus an tairseach a fhéadfar comhlachtaí ionadaithe oibrithe a chomhdhéanamh os a cionn á ríomh.

Pionóis do sháruithe ag fostóirí

Ní mór do thíortha AE na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha cur chun feidhme náisiúnta a chinneadh.

Obair théarma shocraithe agus FBManna

Maidir le cur chun feidhme na treorach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), rinneadh iarracht ar leith a chinntiú nach ngearrfaí srianta riaracháin, airgeadais agus dhlíthiúla orthu ar bhealach a chuirfeadh srian ar a bhforbairt. Dar leis an gCoimisiún Eorpach, tagraíonn roinnt clásal do dhlíthe náisiúnta, comhaontuithe nó cleachtas comhchoiteann agus/nó do chomhpháirtithe sóisialta maidir le socruithe a bhaineann lena gcur chun feidhme lenar féidir riachtanais speisialta fiontar beag agus méanmhéide a chur san áireamh.

Cur i bhfeidhm

Bhí ar thíortha AE na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin ba ghá chun an treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoi 10 Iúil 2001 ar a dhéanaí, nó bhí siad le háirithiú gur chuir na comhpháirtithe sóisialta na bearta riachtanacha i bhfeidhm faoin dáta seo ar a dhéanaí. Bheadh bliain amháin eile ar a mhéad ag tíortha AE chun deacrachtaí speisialta nó cur chun feidhme ag comhaontú comhchoiteann a chur san áireamh. Níorbh fholáir na himthosca speisialta a chur in iúl don Choimisiún áfach.

Ní féidir údar a thabhairt le cur chun feidhme na treorach seo don laghdú ar an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar d’oibrithe i réimse na treorach. Féadfaidh tíortha AE forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach ná na cinn sin atá leagtha amach sa treoir.

Tuarascálacha

Cuireann dhá thuarascáil cur chun feidhme ón gCoimisiún bearta náisiúnta na treorach i láthair (féach an mhír Doiciméid ghaolmhara thíos).

Comhlánaítear an dá thuarascáil seo le dhá staidéar (Tuarascáil Cur Chun Feidhme ar Threoir 1999/70/CE maidir le Creat-Chomhaontú ar obair théarma shocraithe arna tabhairt i gcrích ag Cónaidhm na nGnóthas Eorpach, CEEP agus CEC (Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic) (Márta 2007) agus Tuarascálacha (Achoimrí Feidhmiúcháin) ar chur chun feidhme Threoir 1999/70/CE sa Bhulgáir agus sa Rómáin (2009).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sé i bhfeidhm ón 10 Iúil 1999. Bhí sé le corprú ag tíortha ann sa dlí náisiúnta faoin 10 Iúil 2001.

CÚLRA

Bhí conarthaí fostaíochta téarma shocraithe ina n-ábhar i moladh ón gCoimisiún le haghaidh treorach ón gComhairle. Sholáthair Parlaimint na hEorpa a thuairim ar an moladh an 24 Deireadh Fómhair 1990 (Iris Oifigiúil C 295, 26.11.1990).

Cheal comhaontaithe sa Chomhairle, bheartaigh an Coimisiún dul i mbun comhairliúcháin leis na comhpháirtithe sóisialta faoi Airteagal 3 den Chomhaontú ar Bheartas Sóisialta. Le linn na chéad comhairliúcháin, chuir na comhpháirtithe sóisialta béim ar an ngá a bhí ann idirdhealú oibrithe, lena mbaineann cineálacha oibre nua, solúbtha, a chomhrac.

Ag deireadh an dara babhta comhairliúcháin, bheartaigh na comhpháirtithe sóisialta caibidlíochtaí a thosú sa réimse seo.

Thug Cónaidhm na nGnóthas Eorpach (ar a dtugtar BusinessEurope anois), CEEP agus ETUCcreat-chomhaontú i gcrích, i gcomhthráth, an 19 Meitheamh 1996, maidir le hobair pháirtaimseartha arna cur i bhfeidhm le Treoir 97/81/CE an 15 Nollaig 1997. D’fhógair na comhpháirtithe conartha, i mbrollach an chomhaontaithe seo, go raibh sé ar intinn acu an gá a bhaineann le comhaontaithe comhchosúla maidir le cineálacha eile oibre solúbtha a bhreithniú. Thug siad creat-chomhaontú ar obair théarma shocraithe i gcrích an 18 Márta 1999, atá curtha chun feidhme leis an treoir seo.

Bhraith an Coimisiún go raibh sé riachtanach creat-chomhaontú cothrom agus solúbtha a bhunú, a bheadh ar comhréir leis an méadú leantach ar chonarthaí téarma shocraithe, agus a mí-úsáid a chosc ag an am céanna.

Ghlac an Pharlaimint rún maidir le moladh an Choimisiúin, an 6 Bealtaine 1999, inar iarr sé ar an gComhairle creat-chomhaontú ar obair téarma shocraithe a fhormheas [nach bhfoilsítear san Iris Oifigiúil]. Mar sin féin, ba chúis aiféala don Pharlaimint a thabhairt faoi deara nach gcumhdaíonn an comhaontú ach caidrimh fostaíochta comhleanúnacha, nach mbaineann aon oibleagáidí cáilíochtúla ná cainníochtúla leis na rialacha a ceapadh chun mí-úsáid a chosc trí chonarthaí téarma shocraithe comhleanúnacha, agus nach ndéantar aon fhoráil do rochtain tosaíochta ar phoist arna gcruthú do na hoibrithe seo ionas go mbeadh rochtain acu ar ghairmoiliúint iomchuí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 99/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir le creat-chomhaontú maidir le hobair théarma shocraithe arna thabhairt i gcrích ag CEC, Cónaidhm na nGnóthas Eorpach agus CEEP (IO L 175, 10.7.1999, lgh. 43-48)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le creat-chomhaontú ar obair pháirtaimseartha arna thabhairt i gcrích ag CEC, Cónaidhm na nGnóthas Eorpach agus CEEP (IO L 14, 20.01.1998, lgh. 9-14)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 97/81/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin - Bearta cur chun feidhme náisiúnta Threoir 1999/70/CE (AE-15) (SCE(2006) 1074 leagan deireanach, 11.8.2006)

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin - Bearta cur chun feidhme náisiúnta Threoir 1999/70/CE (AE-10) (SCE(2008) 2485 leagan deireanach, 17.9.2008)

Nuashonraithe 04.12.2016