Am oibre maraithe
ACHOIMRE AR:
Treoir 1999/63/CE — Comhaontú maidir le heagrú ama oibre maraithe
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
- Cuirtear sa reachtaíocht an comhaontú maidir le ham oibre maraithe* ar thángthas air idir Cumann Longúinéirí* an Chomhphobail Eorpaigh agus Cónaidhm Cheardchumainn Oibrithe Iompair ar an 30 Meán Fómhair 1998.
- Cuirtear san áireamh inti Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí (MLC) na hEagraíochta Oibreachais Idirnáisiúnta 2006 maidir le huaireanta oibre maraithe.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Ní mór do long muirghabhála atá faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach agus atá cláraithe i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí muirí tráchtála an reachtaíocht a urramú.
- Sonraítear sa treoir líon uasta uaireanta oibre nó íosmhéid ama sosa thar thréimhse ar leith.
- Uaireanta oibre:
- gurb ionann gnáthlá oibre agus 8 n-uaire an chloig, le 1 lá amháin saor agus sos ar laethanta saoire poiblí;
- nár chóir d’uaireanta oibre uasta a bheith níos mó ná 14 huaire in aon tréimhse 24 uair an chloig nó 72 uair thar 7 lá.
- Tréimhsí sosa:
- ní féidir leo a bheith níos lú ná 10 n-uaire in aon tréimhse 24 uair an chloig, nó 77 n-uaire thar 7 lá;
- ní féidir iad a roinnt i líon nach mó ná dhá thréimhse, agus ní mór do thréimhse amháin díobh a bheith 6 huaire an chloig ar a laghad;
- ní mór dóibh tarlú i bhfoisceacht 14 huaire an chloig ar a laghad dá chéile;
- níor cheart cur isteach orthu ach a laghad agus is féidir le cleachtaí sábháilteachta amhail tionóil, agus comhrac dóiteáin agus druile bád tarrthála;
- ní mór cúiteamh leordhóthanach a áireamh leo do mharaithe atá ar sos ar a nglaoitear chun oibre.
- Ní mór taifid a choinneáil d’obair agus uaireanta sosa na maraithe ó lá go lá.
- Ní fhéadfadh aon mharaí faoi bhun 18 obair san oíche* ach amháin i gcomhair dualgais ar leith nó i gcomhair oiliúna.
- Ní cheadaítear daoine faoi bhun 18 a fhostú, a fhruiliú nó glacadh lena gcuid oibre más dóigh go gcuirfí a sláinte agus sábháilteacht i mbaol.
- Tá sé de cheart ag máistrí long obair chriú a iarraidh más gá a chinnteoidh sábháilteacht láithreach an tsoithigh, a chuid daoine ar bord, a lastais agus daoine eile in anacair.
- Ní mór sonraí maidir le socruithe oibre ar bord agus na forálacha sa reachtaíocht a bheith inrochtana agus ar taispeáint.
- Ní mór don líon criú uaireanta iomarcacha oibre a sheachaint nó a íoslaghdú lena chinntiú go mbeidh dóthain scíthe acu agus go gcuirtear teorainn le tuirse.
- Maidir le gach maraí:
- ní mór deimhniú sláinte a bheith acu a chruthaíonn go bhfuil siad aclaí go fisiciúil chun oibriú ar muir — leagtar amach leis an treoir sonraí na ndeimhnithe sin lena n-áirítear rialacha eisiúna, bailíocht agus an cineál measúnaithe sláinte. Ceadaítear roinnt eisceachtaí;
- tá siad i dteideal saoire bhliantúil íoctha a ghlacadh bunaithe ar íosmhéid 2.5 lá in aghaidh na míosa a oibrítear agus i gcomhréir le míonna neamhiomlána.
- Féadfaidh na Ballstáit:
- díolúintí ar na huaireanta oibre sonraithe agus ar na tréimhsí sosa a cheadú, faoi choinníollacha áirithe;
- coinníollacha níos fabhraí, ach nach lú fabhar, a chur i bhfeidhm maidir le maraithe seachas iad sin atá sa treoir.
Leasuithe ar Threoir 1999/63/CE
- Leasaíodh an treoir ag Treoir 2009/13/CE i ndiaidh shíniú an MLC in 2006.
- Leasaíodh Treoir 2009/13/CE dá réir sin ag Treoir (AE) 2018/131, i ndiaidh leasuithe ar an MLC in 2014, ina dhírítear ar chearta maraithe i gcás tréigean i gcalafoirt eachtracha agus lena n-áirítear rialacha nuashonraithe maidir le haisdúichiú, sláine airgeadais agus dliteanas longúinéirí.
Reachtaíocht ghaolmhar
Tá forghníomhú na treorach clúdaithe ag reachtaíocht éagsúil (Treoir 1999/95/CE) maidir le forghníomhú uaireanta oibre ar bord long a mbíonn calafoirt AE á n úsáid acu, mar aon le Treoir 2013/54/AE maidir le comhlíonadh ginearálta le agus forghníomhú an MLC (féach an achoimre).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá feidhm léi ón 22 Iúil 1999 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2002.
CÚLRA
- De bharr sainiúlachta oibre maraithe níl siad san áireamh i raon feidhme Treorach 2003/88/CE um eagrú ama oibre (féach an achoimre) agus bíonn rialacha ar leith de dhíth.
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Maraí. Duine atá fostaithe in aon cháil ar bord long muirghabhála.
Longúinéir. Úinéir na loinge nó aon eagraíocht eile nó duine a ghlacann leis an bhfreagracht sin.
Oíche. Ar a laghad 9 n-uaire, tráth nach déanaí ná meán oíche agus ag críochnú tráth nach luaithe ná 5 a.m.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 1999/63/CE an 21 Meitheamh 1999 ón gComhairle maidir leis an gComhaontú ar eagrú ama oibre maraithe arna chur i gcrích ag Cumann Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh (ECSA) agus ag Cónaidhm Cheardchumainn Oibrithe Iompair san Aontas Eorpach (FST) — Iarscríbhinn: An Comhaontú Eorpach maidir le heagrú ama oibre maraithe (IO L 167, 2.7.1999, lgh. 33-37).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 1999/63/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe Stáit brataí chun cloí leis an gCoinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006 agus chun an Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí a chur i bhfeidhm (IO L 329, 10.12.2013, lgh. 1-4).
Treoir 2009/13/CE ón gComhairle an 16 Feabhra 2009 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú arna thabhairt i gcrích ag Cumainn Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh (ECSA) agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (EFT) maidir leis an gCoinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006, agus lena leasaítear Treoir 1999/63/CE (IO L 124, 20.5.2009, lgh. 30-50).
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 1999/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le forálacha a chur i bhfeidhm i leith uaireanta oibre na maraithe a oibríonn ar bord long a mbíonn calafoirt an Chomhphobail á n úsáid acu (IO L 14, 20.1.2000, lgh. 29-35).
Nuashonraithe 10.12.2021