Fostaithe a chur ar an eolas faoina ndálaí oibre

San Aontas Eorpach (AE), tá riachtanas ann i gcoitinne go gcaithfidh gach fostóir doiciméad a thabhairt d’fhostaí ina bhfuil bunghnéithe an chonartha fostaíochta nó an chaidrimh fostaíochta.

GNÍOMH

Treoir 91/533/CEE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1991 maidir le dualgas fostóra le fostaithe a chur ar an eolas faoi na dálaí a bhaineann leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta.

ACHOIMRE

San Aontas Eorpach (AE), tá riachtanas ann i gcoitinne go gcaithfidh gach fostóir doiciméad a thabhairt d’fhostaí ina bhfuil bunghnéithe an chonartha fostaíochta nó an chaidrimh fostaíochta.

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Déantar cinnte léi go dtugann fostóirí faisnéis riachtanach áirithe d’fhostaithe, amhail:

Ní bhaineann an treoir le fostaithe le conradh níos lú ná 1 mhí nó le seachtain oibre níos lú ná 8 n-uaire an chloig.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór don fhostóir doiciméad a thabhairt don fhostaí ina bhfuil an fhaisnéis atá de dhíth laistigh de dhá mhí ó thús na fostaíochta.

Cinneann dlíthe náisiúnta gach tíre AE cé acu an bhfuil conradh fostaíochta ann agus, más ea, cad iad téarmaí an chonartha sin. Mar sin, fágtar an sainmhíniú ar na téarmaí “fostaíocht”, “conradh” agus “caidreamh fostaíochta” faoi reachtaíocht náisiúnta.

Má éilíonn fostóir go n-oibreodh fostaí i dtír AE eile (“fostaí easaoránach”), ní mór dó/di an doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis riachtanach a thabhairt don fhostaí sin roimh imeacht dó/di. Ní mór faisnéis bhreise a leagan amach sa doiciméad sin, amhail airgeadra na híocaíochta agus fad na fostaíochta. Níl feidhm leis na forálacha seo má tá fad na fostaíochta thar lear 1 mhí nó níos lú.

Ní mór don fhostóir doiciméad scríofa a thabhairt don fhostaí laistigh de 1 mhí ó athrú ar bith sna cúinsí.

Ní chuireann an treoir cosc ar thíortha AE dlíthe a thabhairt isteach atá níos fabhraí don fhostaí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Ón 30 Meitheamh 1993.

CÚLRA

Mar thoradh ar fhoirmeacha oibre nua, tá fás tagtha ar líon na gcineálacha caidreamh fostaíochta. Féachtar sa treoir le cosaint níos fearr a thabhairt d’fhostaithe d’fhonn neamhdhiongbháilteacht a sheachaint maidir le téarmaí an chaidrimh fostaíochta agus trédhearcacht níos mó a chruthú i margadh an tsaothair.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach dálaí oibre - dálaí fostaíochta aonair ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 91/533/CEE

28.10.1991

30.6.1993

IO L 288, 18.10.1991, lgh. 32-35

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 2014/51/AE ón gComhairle an 28 Eanáir 2014 lena dtugtar údarás do Bhallstáit daingniú a dhéanamh, ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh, ar an gCoinbhinsiún maidir le hobair chuibhiúil d’oibrithe tí, 2011, de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (Coinbhinsiún Uimh. 189) (IO L 32, 1.2.2014, lgh. 32-32).

Nuashonraithe 23.07.2015