Eagrú ama oibre
ACHOIMRE AR:
Treoir 2003/88/CE – i dtaobh gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre
CAD IS AIDHM LEIS TREOIR?
Leagtar amach inti na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta um eagrú ama oibre d’oibrithe. Cumhdaítear fúthu sin:
-
íostréimhsí do scíth laethúil agus sheachtainiúil, saoire bhliantúil, sosanna agus an líon uasta uaireanta oibre in aghaidh na seachtaine;
-
gnéithe a bhaineann le hobair oíche agus sealobair.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tíortha AE
-
Ní mór do thíortha AE a chinntiú go bhfuil gach oibrí i dteideal:
-
tréimhse sosa laethúil de 11 uair an chloig as a chéile i ngach tréimhse 24 uair ar a laghad;
-
sos scíthe i lá oibre ar bith atá níos faide ná 6 huair a chloig;
-
tréimhse sosa 24 uair an chloig gan bhriseadh gach 7 lá, chomh maith leis na 11 uair an chloig sa lá;
-
saoire bhliantúil íoctha de 4 seachtaine ar a laghad;
-
meánseachtain oibre 48 uair an chloig ar a mhéad, lena n-áirítear ragobair, thar 7 lá.
-
Níor cheart an ghnáthobair oíche a bheith níos faide ná 8 n-uaire a chloig ar an meán i dtréimhse 24 uair an chloig ar bith.
-
Tá oibrithe oíche i dteideal scrúduithe sláinte saor in aisce go tráthrialta.
Údaráis náisiúnta
-
Féadfaidh na húdaráis náisiúnta:
-
tréimhsí tagartha a úsáid, ó 14 lá go 4 mhí, chun tréimhsí de scíth sheachtainiúil agus an líon uasta uaireanta oibre seachtainiúil a ríomh;
-
feidhmeannaigh bhainistithe, cinnteoirí sinsearacha eile, oibrithe teaghlaigh agus oifigigh reiligiúin a dhíolmhú ón reachtaíocht.
-
D’fhéadfadh feidhm a bheith ag maolú ó fhorálacha áirithe maidir le ceann ar bith díobh seo a leanas chomh maith:
-
gníomhaíochtaí slándála agus faireachais lena dteastaíonn láithreacht bhuan chun daoine nó maoin a chosaint;
-
leanúnachas seirbhíse nó táirgthe i réimsí amhail ospidéil, dugaí, aerfoirt, na meáin agus talmhaíocht;
-
borradh gníomhaíochta intuartha (go sonrach talmhaíocht, turasóireacht, seirbhísí poist, iarnróid, timpistí);
-
maolú a chomhaontaítear i gcomhaontuithe comhchoiteanna idir fostóirí agus fostaithe.
-
Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir le maraithe, nó níl feidhm aici maidir le hoibrithe a chumhdaítear faoi rialacha níos sonraí (amhail hoibrithe taistil in earnáil an iompair ar bhóithre, in earnáil na heitlíochta sibhialta, in earnáil an iarnróid trasteorann nó in earnáil an iompair ar uisce bhealaí).
-
Féadfaidh tíortha AE forálacha sláinte agus sábháilteachta níos fabhraí a chur i bhfeidhm más mian leo.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 2 Lúnasa 2004.
CÚLRA
Coinníollacha Oibre - an Treoir um Am Oibre
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 i dtaobh gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lgh. 9-19)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún: Athbhreithniú ar an Treoir um Am Oibre (comhairliúchán céadchéime na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 154 de CFAE) (COM(2010) 106 leagan deireanach, 24.3.2010)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Athbhreithniú ar an Treoir um Am Oibre (comhairliúchán dara céime na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 154 CFAE) (COM(2010) 801 leagan deireanach, 21.12.2010)
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Treoir 2003/88/CE (“An Treoir um Am Oibre”) a chur chun feidhme ag tíortha AE (COM(2010) 802 leagan deireanach, 21.12.2010)
Nuashonraithe 01.12.2016