Sláinte agus sábháilteacht d’oibrithe sealadacha ag an obair

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 91/383/CEE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1991 lena bhforlíontar bearta chun feabhas a chur ar shláinte agus ar shábháilteacht oibrithe sealadacha ag an obair

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm léi a chinntiú go n-achtaíonn tíortha AE reachtaíocht chun feabhas a chur ar chosaint sláinte agus sábháilteachta d’oibrithe sealadacha* nó d’oibrithe atá ar chonarthaí téarma sheasta*, ionas go mbeidh sé ag teacht leis an gcosaint atá ar fáil d’oibrithe eile.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann Treoir 89/391/CEE ón gComhairle maidir le sábháilteacht agus sláinte oibrithe le hoibrithe sealadacha chomh maith céanna*. Forlíontar an méid seo a leanas leis an treoir reatha:

Faisnéis agus oiliúint

Faireachas speisialta leighis

Sa chás go mbaineann contúirt faoi leith le hobair do shábháilteacht nó do shláinte oibrithe sealadacha, nó go dteastaíonn faireachas speisialta leighis ina leith, tá an rogha ag tíortha AE a n-úsáid a thoirmeasc. Má úsáidtear oibrithe sealadacha d’obair dá leithéid, ní mór don fhostóir faireachas speisialta leighis cuí a chur ar fáil, agus d’fhéadfaí é a shíneadh thar thréimhse na fostaíochta, más gá.

Seirbhísí sláinte agus sábháilteachta

Ní mór sannadh oibrithe sealadacha a chur in iúl do na seirbhísí sláinte agus sábháilteachta laistigh d’eagraíocht.

Gnólachtaí agus gníomhaireachtaí fostaíochta

Freagracht na dtíortha AE

Ní mór do thíortha AE tuarascáil a thabhairt don Choimisiún Eorpach gach 5 bliana maidir leis an gcur chun feidhme, lena n-áirítear dearcthaí na n-oibrithe agus na bhfostaithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 15 Iúil 1991. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1992

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Conradh sealadach: conradh fostaíochta idir gnólacht fostaíochta sealadaí (amhail gníomhaireacht) agus oibrí, chun tasc a dhéanamh in eagraíocht faoina mhaoirseacht.

Conradh téarma sheasta (nó ar feadh tréimhse): conradh fostaíochta go díreach idir fostóir agus oibrí ar feadh tréimhse ar leith nó chun tasc sonrach a dhéanamh.

Oibrí sealadach: téarma a úsáidtear chun críche soiléireachta san achoimre seo chun duine a oibríonn faoi cheachtar den dá ghaol fostaíochta sealadaí atá sainmhínithe thuas a chumhdach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 91/383/CEE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1991 lena bhforlíontar na bearta chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair ag a bhfuil gaol fostaíochta ar feadh tréimhse nó gaol fostaíochta sealadaí a spreagadh (IO L 206, 29.7.1991, lgh. 19-21)

Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Threoir 91/383/CEE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 01.12.2016