Solúbthacht agus socracht — gné ríthábhachtach maidir le saothar margaidh AE a nuachóiriú

ACHOIMRE AR:

Comhphrionsabail maidir le Solúbthacht agus Socracht: Tuilleadh post agus poist níos fearr trí sholúbthacht agus socracht — COM(2007) 359 final

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT SEO?

Léirítear ceithre phríomhphointe beartais faoi leith ann sa chás go bhféadfadh fostóirí agus fostaithe araon tairbhe a bhaint as solúbthacht agus socracht*. Maidir le fostóirí, ciallaíonn sé lucht saothair solúbtha. Maidir le fostaithe, soláthraíonn sé cosaint éigin ó dhífhostaíocht fhadtéarmach.

Cuirtear treoirlínte i láthair sa teachtaireacht ar conas is féidir an dá aidhm sin a bhaint amach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is féidir beartais maidir le solúbthacht agus socracht a chur i bhfeidhm trí:

conarthaí iontaofa agus solúbtha ag baint leas as reachtaíocht nuachóirithe um shaothar agus comhaontuithe comhchoiteanna;

deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil d’fhostaithe a chuireann ar a gcumas athoiliúint a fháil agus cáiliú do na poist úra a bheidh ar fáil;

beartais náisiúnta chun cuidiú le daoine atá dífhostaithe ar bhonn sealadach dul isteach i bpoist úra;

córais slándála sóisialta nua-aimseartha lena soláthraítear tacaíocht ioncaim imleor agus lena spreagtar soghluaisteacht oibrithe.

Ba chóir do sholúbthacht agus do shocracht:

cearta agus freagrachtaí fostóirí, oibrithe, cuardaitheoirí poist agus údarás poiblí a chothromú;

dul in oiriúint do na cúinsí náisiúnta, go háirithe margaí saothair agus caidreamh tionsclaíoch;

an deighilt idir daoine ar an taobh istigh den mhargadh saothair agus daoine ar an taobh amuigh den mhargadh saothair a laghdú;

bheith i bhfeidhm ar earcú agus dífhostú laistigh de chuideachta agus cuidiú le haistrithe ó phost amháin go dtí post eile

rochtain chomhionann ar fhostaíocht d’fhir agus do mhná araon a chur chun cinn

muinín agus comhar a spreagadh idir na húdaráis phoiblí agus na comhpháirtithe sóisialta

a chinntiú go ndéanfar na costais agus na tairbhí airgeadais a roinnt go cóir idir gnólachta, daoine aonair agus buiséid phoiblí.

CÚLRA

Feictear solúbthacht agus socracht mar chomhábhar tábhachtach i gcur i bhfeidhm straitéis i leith fáis agus fostaíochta AE trí chuidiú a thabhairt do ghnólachtaí agus d’fhostaithe dul in oiriúint do dhúshláin agus do dheiseanna an domhandaithe.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Solúbthacht agus socracht: straitéis chomhtháite chun solúbthacht agus socracht an mhargaidh shaothair a chomhcheangail. Is é is aidhm leis riachtanais na bhfostóirí agus riachtanais na bhfostaithe araon a chur san áireamh.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — I dtreo comhphrionsabal maidir le solúbthacht agus socracht: tuilleadh post agus poist níos fearr trí sholúbthacht agus trí shocracht (COM(2007) 359 final an 27.6.2007)

Nuashonraithe 28.10.2015