Freagracht shóisialta chorparáideach san Aontas Eorpach

ACHOIMRE AR:

An Eoraip a bhunú mar lárionad barr feabhais don fhreagracht shóisialta chorparáideach — COM(2006) 136 final

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?

Leagtar amach sa teachtaireacht seo tosaíochtaí agus bearta maidir le hábhair um fhreagracht shóisialta chorparáideach* (FSC) chun leas níos fearr a bhaint as cumas na gcuideachtaí cur le forbairt inbhuanaithe agus le cuspóirí na straitéise um fhás agus um fhorbairt.

Trína leithéid a dhéanamh, cuirtear sochair ar fáil do na cuideachtaí, do gheilleagar an Aontais Eorpaigh (AE) agus don sochaí iomlán.

PRÍOMHPHOINTÍ

Glacann raon leathan gníomhairí (mar shampla ceardchumainn, infheisteoirí, tomhaltóirí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha) páirt i gcleachtas FSC a fhorbairt.

Díríonn an Coimisiún Eorpach ar na rudaí seo a leanas chun FSC a chur chun cinn:

tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh il-gheallsealbhóirí;

comhoibriú le tíortha AE laistigh de Ghrúpa na nIonadaithe Ardleibhéil Náisiúnta maidir le FSC chun leas a bhaint as ionstraimí náisiúnta agus réigiúnacha;

feasacht tomhaltóirí a mhúscailt maidir le tionchar roghanna;

FSC a chur chun cinn i measc fiontar beag agus meánmhéide (FBManna).

Buíochas leis an mbeartas a leanadh ag an gCoimisiún Eorpach, rinneadh dul chun cinn sa réimse FSC. Tugtar achoimre i dteachtaireacht ó 2011 ar choincheap nua-aimseartha FSC, arna shainmhíniú ag an gCoimisiún, agus ar na gníomhartha a bhí le leanúint sa réimse sin idir 2011 agus 2014.

Áirítear leis an straitéis AE maidir le FSC:

infheictheacht FSC a fheabhsú agus dea-chleachtais FSC a scaipeadh;

leibhéil mhuiníne i ngnó a fheabhsú agus faireachán a dhéanamh orthu;

na sochair mhargaidh a fheabhsú a bhaineann le FSC;

trédhearcacht a fheabhsú maidir le faisnéis shóisialta agus chomhshaoil na ngnóthas;

FSC a chomhtháthú san oideachas, san oiliúint agus i dtaighde;

béim a leagan ar a thábhachtaí atá beartais phoiblí FSC; agus

a mhéad agus a thagann cuir chuige Eorpacha agus dhomhanda FSC lena chéile a fheabhsú.

Sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar an FSC 2011-2014 chun straitéis FSC a mheas. Rinneadh iarracht sa straitéis sin éachtaí, easnaimh agus dúshláin thodhchaíocha a aithint.

CÚLRA

Ó foilsíodh Páipéar Uaine maidir le freagracht shóisialta chorparáideach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh in 2001, tá ról ceannródaíoch á ghlacadh aige ó shin i leith maidir le beartas poiblí a fhorbairt a thacaíonn le FSC.

EOCHAIRTHÉARMA

* Freagracht shóisialta chorparáideach (FSC): coincheap trína dhéanann cuideachtaí freagrachtaí sóisialta agus comhshaoil a chomhtháthú ina n-oibríochtaí gnó agus ina gcaidreamh le páirtithe leasmhara ar bhonn deonach. Ba cheart don FSC a bheith bunaithe ar chuideachtaí, ach is féidir le ról tacaíochta a bheith ag rialtais freisin trí bhearta agus trí rialacháin bheartais.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An chomhpháirtíocht um fhás agus um poist a chur i bhfeidhm: an Eoraip a bhunú mar lárionad barr feabhais don fhreagracht shóisialta chorparáideach (COM(2006) 136 final an 22.3.2006)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Doiciméad oibre foirne ón gCoimisiún i ndáil le prionsabail threoracha na NA maidir le gnó agus cearta an duine a chur i bhfeidhm — Staid na hOibre (SWD(2015) 144 final an 14.7.2015)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Straitéis athnuaite AE 2011-14 don Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach (COM(2011) 681 final an 25.10.2011)

Comhairliúchán poiblí ar an bhfreagracht shóisialta chorparáideach, 2014

Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí do na hoibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lgh. 23-34)

Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le faisnéis neamhairgeadais agus éagsúlachta a nochtadh ag gnóthais agus ag grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lgh. 1-9)

Nuashonraithe 09.11.2015