Ról na bParlaimintí náisiúnta i ngnóthaí AE

 

ACHOIMRE

RÉAMHRÁ

Tá Conradh Liospóin ina chéim thábhachtach sa ról a imríonn Parlaimintí náisiúnta i ngnóthaí AE, óir go bhfuil liostaithe ann, den chéad uair, i bhforáil (Airteagal 12 den Chonradh ar an Aontas Eorpach – CAE) na bealaí éagsúla ina “rannchuidíonn na Parlaimintí náisiúnta go gníomhach le dea-fheidhmiú an Aontais”. Déantar a rannpháirteachas a áirithiú ar 4 phríomhbhealach:

faisnéis agus doiciméid a fháil;

scrúdú a dhéanamh ar urraim do phrionsabal na coimhdeachta;

rannpháirtiú sna sásraí meastóireachta i limistéar an cheartais, na saoirse agus na slándála;

rannpháirtíocht san athbhreithniú ar na Conarthaí.

FAISNÉIS

Ní mór na doiciméid seo a leanas a chur ar aghaidh go pras chuig Parlaimintí náisiúnta:

teachtaireachtaí*;

an clár oibre bliantúil agus aon ionstraim eile a bhaineann le pleanáil reachtach nó beartas;

tograí i gcomhair reachtaíochta;

na cláir oibre do chruinnithe na Comhairle mar aon le torthaí na gcruinnithe sin;

tuarascáil bhliantúil Chúirt Iniúchóirí na hEorpa;

an tuarascáil bhliantúil arna bunú ag an gCoimisiún ar chur i bhfeidhm na bprionsabal lena rialaítear inniúlacht AE;

na meastóireachtaí ar chur chun feidhme na mbeartas AE i limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais.

Ina theannta sin, faigheann parlaimintí náisiúnta fógra faoi thograí chun na Conarthaí a leasú faoin ngnáthnós imeachta um athbhreithniú agus fógra faoi iarratais ar aontachas le AE.

ATHBHREITHNIÚ AR AN GCOIMHDEACHT

Faoin bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, ceadaítear do Pharlaimintí náisiúnta tuairimí réasúnaithe a eisiúint má mheasann siad nach gcomhlíonann dréachtghníomh reachtach de chuid AE prionsabal na coimhdeachta. Ba chóir do na hinstitiúidí atá rannpháirteach sa phróiseas reachtach gach tuairim réasúnaithe a chur san áireamh. Tá iarmhairtí eile maidir le togra reachtach ag brath ar a líon.

Sa Phrótacal, sanntar 2 vóta do gach Parlaimint náisiúnta (má tá dhá sheomra i gceist, beidh vóta amháin ag gach ceann den dá sheomra). Más ionann líon na dtuairimí réasúnaithe arna dtíolacadh agus aon trian ar a laghad de na vótaí, ní mór don Choimisiún a thogra a athbhreithniú agus féadfaidh sé cinneadh é a choimeád ar marthain, é a leasú nó é a tharraingt siar. Déantar an tairseach sin a laghdú chuig aon cheathrú de na vótaí i dtograí a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta. Sa chás inarb ionann líon na dtuairimí réasúnaithe arna dtíolacadh agus móramh na vótaí, má chinneann an Coimisiún an togra a choimeád ar marthain, ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a mheas cibé an gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta nó nach gcomhlíonann, sula gcríochnófar an chéad léamh.

Tá dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcaingne mar gheall ar ghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta a shárú, arna dtionscnamh ag Ballstáit, nó arna gcur in iúl acu i gcomhréir lena ndlíchóras thar ceann a bParlaiminte náisiúnta nó thar ceann seomra den Pharlaimint sin.

RÓL SONRACH I LIMISTÉAR AN CHEARTAIS, NA SAOIRSE AGUS NA SLÁNDÁLA

I limistéar an cheartais, na saoirse agus na slándála, tá ról sonrach ag Parlaimintí náisiúnta. Glacann siad páirt sa mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust agus sa ghrinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí Europol.

Ina theannta sin, féadfaidh Parlaimintí náisiúnta cur i gcoinne cinntí ón gComhairle lena leathnaítear an gnáthnós imeachta reachtach (le tromlach cáilithe sa Chomhairle) chuig gnéithe áirithe den dlí teaghlaigh ag a bhfuil impleachtaí trasteorann atá faoi réir nós imeachta reachtach speisialta faoi láthair le haontoilíocht sa Chomhairle (clásalpasserelle in Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh).

RANNPHÁIRTÍOCHT SAN ATHBHREITHNIÚ AR NA CONARTHAÍ

Ina theannta sin, faoi Chonradh Liospóin, ceanglaítear na Parlaimintí náisiúnta leis na nósanna imeachta maidir le hathbhreithniú ar na conarthaí, mar a gcuirtear síos air thíos.

Faoin ngnáthnós imeachta um athbhreithniú agus faoin nós imeachta simplithe um athbhreithniú, tagann leasuithe ar na Conarthaí i bhfeidhm tar éis a ndaingnithe (nó a bhformheas, i gcás nósanna imeachta simplithe um athbhreithniú) ag na tíortha go léir i gcomhréir lena bhforálacha bunreachtúla faoi seach, lena n-éilítear daingniú parlaiminteach go hiondúil.

Faoin ngnáthnós imeachta um athbhreithniú, déantar Coinbhinsiún, lean n-áirítear, i measc baill eile, ionadaithe na bParlaimintí náisiúnta, a thionól chun moladh ar na tograí athbhreithnithe a scrúdú agus a ghlacadh.

Faoin “gclásal passerelle” ginearálta in Airteagal 48(7) den CAE, ní mór an tionscnamh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach chun athrú ón nós imeachta reachtach speisialta go dtí an gnáthnós imeachta reachtach, nó ó vótáil ar bhonn aontoilíochta go dtí vótáil ar bhonn tromlach cáilithe, a chur in iúl do na Parlaimintí náisiúnta agus ní fhéadfar é a ghlacadh má chuireann Parlaimint náisiúnta ina choinne laistigh de 6 mhí.

AN CHOMHDHÁIL DE NA COISTÍ PARLAIMINTEACHA UM GHNÓTHAÍ AN AONTAIS (COSAC)

Ó 1989 i leith, tháinig baill de choistí na bParlaimintí náisiúnta a bhíonn ag plé le gnóthaí AE agus baill de Pharlaimint na hEorpa le chéile dhá uair sa bhliain i gComhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais, is fearr aithne faoina acrainm Fraincise, COSAC, chun faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú agus chun saincheisteanna ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a phlé.

Aithnítear ról COSAC sa phrótacal ar ról na bParlaimintí náisiúnta in AE ina sonraítear go bhféadfaidh COSAC aon rannchuidiú a mheasann sé is iomchuí a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Is ionann teachtaireacht agus doiciméad beartais nach bhfuil aon údarás sainordaitheach aige. Foilsíonn an Coimisiún teachtaireacht ar a thionscnamh féin nuair is mian leis a chuid smaointeoireachta féin a leagan amach ar shaincheist thráthúil. Níl feidhm dlí ar bith ag teachtaireacht (sainmhíniú ón Líonra Breithiúnach Eorpach).

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise:

An Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais (COSAC) – (ina bhfuil naisc chuig gach ceann den 41 seomra)

Nuashonraithe 20.10.2015