Cinntí an Aontais Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) — cinntí

Airteagal 297 CFAE — gníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha

CAD IS AIDHM LEIS NA HAIRTEAGAIL?

Sainítear le hAirteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) na cineálacha éagsúla gníomhartha dlí a fhéadfaidh an tAontas Eorpach (AE) a ghlacadh, lena n–áirítear cinntí.

Leagtar amach in Airteagal 297 CFAE na rialacha maidir le síniú, foilsiú agus teacht i bhfeidhm cineálacha éagsúla gníomhartha dlí arna nglacadh ag institiúidí AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Chun inniúlacht AE a fheidhmiú, féadfaidh institiúidí AE cineálacha éagsúla gníomhartha dlíthiúla éagsúla a ghlacadh. Gníomh dlíthiúil is ea cinneadh atá ina cheangal go huile agus go hiomlán. I gcás go sonraítear i gcinneadh iad siúd chuig a bhfuil sé dírithe, is orthu siúd amháin a bheidh sé ina cheangal.

Tá cinneadh ina chuid de reachtaíocht thánaisteach AE. Glacann institiúidí AE cinneadh i gcomhréir leis na conarthaí.

Gníomh atá ina cheangal go huile agus go hiomlán

De réir Airteagal 288 CFAE, tá cinneadh ina cheangal go huile agus go hiomlán. Is féidir le cinneadh a bheith ina ghníomh reachtach nó ina ghníomh neamhreachtach.

Is gníomhartha reachtacha iad cinntí nuair a ghlacann iad seo a leanas iad:

Is gníomhartha neamhreachtacha iad cinntí i gcás nach nglactar iad i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach. Mar shampla, is féidir leis an gComhairle Eorpach, leis an gComhairle nó leis an gCoimisiún Eorpach iad a ghlacadh.

Is féidir le cinntí neamhreachtacha a bheith ina ngníomhartha tarmligthe agus ina ngníomhartha cur chun feidhme freisin.

Cinneadh a dhírítear chuig duine aonair nó grúpa ar leith

Is féidir cinneadh a dhíriú chuig seolaí amháin nó níos mó (Ballstát AE amháin nó níos mó, cuideachta nó duine amháin nó níos mó). Mar shampla, i gcás go gcinneann an Coimisiún fíneáil a fhorchur ar chuideachta as mí–úsáid a bhaint as ceannasachta sa mhargadh, díreoidh sé a chinneadh chuig an gcuideachta sin.

I gcás cinneadh neamhreachtach ina sonraítear cé chuige a bhfuil sé dírithe, ní mór an cinneadh sin a chur in iúl don pháirtí lena mbaineann. B’fhéidir go mbainfeadh an fógra sin le litir chláraithe ina bhfuil admháil go bhfuarthas é a sheoladh.

Bíonn éifeacht dhíreach ag na cinntí a dhírítear chuig duine amháin nó níos mó nó chuig cuideachta amháin nó níos mó, agus dá bhrí sin, is féidir leo siúd a bhfuiltear ag díriú orthu iad a agairt os comhair cúirteanna náisiúnta.

D’fhéadfadh éifeacht dhíreach a bheith ag na cinntí a dhírítear chuig Ballstát faoi leith nó chuig gach Ballstát mar an té (iad siúd) chuige bhfuiltear ag díriú freisin. Braithfidh sé sin ar a gcineál, a gcúlra agus a bhfoclaíocht. Ba cheart go mbeadh an fhoclaíocht sách soiléir, neamhchoinníollach agus beacht. Ní aithníonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ach éifeacht dhíreach “ingearach” na gcinntí a dhírítear chuig Ballstát amháin nó chuig roinnt Ballstát. Ciallaíonn sé sin nach féidir le duine aonair brath ach ar chinneadh i gcoinne an Bhallstáit chuige bhfuil sé dírithe agus ní i gcoinne duine aonair eile.

Cinntí nach ndírítear chuig aon duine ná grúpa

Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, ní gá go sonrófar i gcinneadh a thuilleadh cé chuige a bhfuil sé dírithe. Go sonrach, soiléirítear in Airteagal 288, CFAE go bhféadfadh an té nó iad siúd chuige bhfuil sé dírithe a shonrú sa chinneadh sin, agus san airteagal roimhe sin (Airteagal 249 den Chonradh ag Bunú an Chomhphobail Eorpaigh) ní dhearnadh tagairt ach amháin do chinneadh ina sonraíodh an té (iad siúd) chuige raibh sé dírithe.

Úsáidtear na cinntí neamhreachtacha mar ghníomh bunúsach dlíthiúil i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES) go háirithe.

Chun na críocha sin, agus ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach, glacann an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle cinntí neamhreachtacha (Airteagal 31(1) den chonradh seo).

Foilsiú agus teacht i bhfeidhm na gcinntí

Ceanglaítear le hAirteagal 297 CFAE go ndéanfar cinntí reachtacha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirtear iad sin i bhfeidhm ar an dáta atá sonraithe iontu nó, mura bhfuil dáta sonraithe, ar an 20ú lá i ndiaidh a bhfoilsithe. Baineann an riail chéanna le cinntí neamhreachtacha nach sonraítear cé chuige a bhfuil siad dírithe iontu.

Féadfar cinneadh ina sonraítear cé chuige a bhfuil sé dírithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil chomh maith. Mar sin féin, ní fhaightear réidh trí fhoilsiú leis an ngá atá le fógra a thabhairt, arb é sin an t–aon bhealach lena áirithiú go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an ngníomh.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlí an Aontais, nósanna imeachta um ghlacadh agus forálacha eile — Alt 1 — Gníomhartha dlí an Aontais — Airteagal 288 (sean–Airteagal 249 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 171-172)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlí an Aontais, nósanna imeachta um ghlacadh agus forálacha eile — Alt 2 — Nósanna imeachta maidir le gníomhartha agus forálacha eile a ghlacadh — Airteagal 297 (sean–Airteagal 254 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 176)

Nuashonraithe 26.07.2021