Réimsí inar féidir le AE tacaíocht a thabhairt do cheapadh beartas i dtíortha AE

 

ACHOIMRE

Réamhrá

Tugadh ceithre réimse úra beartais isteach le Conradh Liospóin inar féidir le AE idirghabháil a dhéanamh:

Sna réimsí sin, tá inniúlachtaí tacaíochta ag AE. Níl cumhachtaí reachtacha breise ar bith faighte ag AE sa mhéid is nach féidir leis gníomhú ach amháin le tacú le gníomhaíochtaí thíortha AE amháin gan a bheith ábalta an dlí náisiúnta a chomhchuibhiú.

Ina theannta sin, rinne AE idirghabháil cheana sna réimsí sin trí bheartais leathana. Déantar cuspóirí agus gníomhaíocht AE soiléir i gConradh Liospóin trí bhunúis dhlíthiúla shonracha a chruthú do na ceithre réimse sin.

Cosaint shibhialta

Tá dícheall á dhéanamh i gConradh Liospóin le feabhas a chur ar chumas AE déileáil le tubaistí nádúrthade dhéantús an duine. Cuirtear ar chumas AE in Airteagal 196 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bearta a ghlacadh i ndáil le:

Lena chois sin, tá na téarmaí sin maidir le cosaint shibhialta le nascadh leis an gclásal dlúthpháirtíochtain Airteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Cuirtear ar chumas AE leis an gclásal seo cuidiú le Ballstát inar tharla ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste nádúrtha nó de dhéantús an duine.

Comhar riaracháin

Beidh comhar riaracháin idir na Ballstáit ina inniúlacht de chuid AE (Airteagal 197 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh). Is é an aidhm cur chun feidhme an dlí Eorpaigh, a chinntiú, go sonrach trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht riaracháin thíortha AE (mar shampla, sa réimse um dhleachtanna máil). Dá bhrí sin, féadfaidh AE bearta úra a ghlacadh ina ndíreofar ar éascaíocht a dhéanamh ar mhalartú dea-chleachtais idir tíortha AE chomh maith le cláir oiliúna a thabhairt isteach.

Cuirtear dhá shrian ar fheidhmiú na cumhachta úir seo leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, áfach.

Turasóireacht

Bhí turasóireacht i gceist i roinnt beartais AE cheana, amhail beartas réigiúnach agus beartas fostaíochta. As seo amach, cruthaítear bunús dlíthiúil sonrach sa chonradh d’fhonn cur ar chumas AE idirghabháil a dhéanamh sa réimse seo (Airteagal 195 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh).

D’fhéadfadh dhá chuspóir a bheith le gníomhaíocht AE dá réir sin:

Spórt

Dearbhaítear inniúlacht AE sa réimse spóirt i gConradh Liospóin. Mar sin féin, ní chruthaítear airteagal sonrach ann, ach corpraítear bunús dlíthiúil ann a bhaineann le spórt san alt de na conarthaí atá tiomanta do oideachas, gairmoiliúint agus daoine óga.

Sonraítear in Airteagal 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gurb é cuspóir AE Ceisteanna Eorpacha spóirt a chur chun cinn. Go sonrach, beidh AE ábalta, mar shampla, tacaíocht a thabhairt do gníomhaíochtaí thíortha AE ina ndírítear ar ionracas fisiceach agus morálta fir spóirt agus mná spóirt a chosaint nó ar dhul i ngleic le dópáil sa spórt.

Beidh AE ábalta comhar a fhorbairt le comhlachtaí idirnáisiúnta i réimse an spóirt chomh maith.

Nuashonraithe 15.02.2016