Beartas eachtrach agus slándála ar leibhéal AE

 

ACHOIMRE

CONAS A DHÉANANN AN TAONTAS EORPACH (AE) BEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA A RIARADH?

Déanann AE beartas eachtrach agus slándála a riaradh trína Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), a chumhdaíonn réimsí uile an bheartais eachtraigh agus na ceisteanna uile a bhaineann le slándáil AE.

Áirítear le CBES freisin Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), a chumhdaíonn gnéithe cosanta agus míleata, agus gnéithe maidir le bainistíocht géarchéimeanna sibhialta, den bheartas AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuirtear rialacha agus nósanna imeachta sonracha i bhfeidhm maidir le beartas eachtrach agus slándála AE:

Cinnteoireacht

Déanann an Chomhairle Eorpach (cruinniú mullaigh ina nglacann ceannairí stáit/rialtais AE páirt, a thionóltar ceithre huaire sa bhliain ar a laghad) leasanna straitéiseacha AE a aithint, agus socraíonn sí cuspóirí de chuid CBES mar aon lena chúram forleathan.

Agus na cuspóirí agus an treoir straitéiseach sin á gcur san áireamh, caitear vóta sa Chomhairle AE faoi na gníomhartha nó na dearcthaí atá le glacadh faoi CBES.

Bíonn aontoilíocht de dhíth ar na cinntí a dhéantar ag an gComhairle AE, ach is féidir cinneadh a dhéanamh, maidir le gnéithe cinntí, trí vótáil thromlaigh cháilithe. Is ionann sin agus 55 % de vótaí na dtíortha AE, a dhéanann ionadaíocht do 65 % den daonra AE ar a laghad.

Cur i bhfeidhm

Tugann an cór taidhleoireachta AE, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), cúnamh don ardionadaí.

Níl aon dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir leis an CBES (Airteagal 24 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE)), ach amháin sna cásanna seo a leanas:

nuair a dhéantar athbhreithniú ar dhlíthiúlacht beart sriantach (e.g. smachtbhannaí), bearta a thógtar ag AE i gcoinne daoine aonair agus eintiteas dlíthiúil;

nuair a dhéantar monatóireacht ar chur i bhfeidhm CBES ag institiúidí AE.

Cistiúchán

Déanann tíortha AE oibríochtaí a mhaoiniú lena mbaineann impleachtaí míleata nó cosanta.

Maoinítear caiteachas oibríochtúil eile ag an mbuiséad ginearálta AE.

CÚLRA

Cuireadh CBES, mar a dtugtar air anois, ar bun faoi Chonradh Liospóin 2009. Cuireadh SEGS agus post an ardionadaí ar bun faoi Chonradh Liospóin freisin.

Nuashonraithe 08.12.2015