An Chomhairle Eorpach: Rialacha nós imeachta
ACHOIMRE AR:
Chinneadh 2009/882/AE ón gComhairle Eorpach lena nglactar lena Rialacha Nós Imeachta
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH SEO?
-
Leagtar síos sa chinneadh seo na rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le hobair na Comhairle Eorpaí a eagrú.
-
Déantar na rudaí seo a leanas a chumhdach:
-
róil an Uachtaráin agus na rúnaíochta ginearálta;
-
cruinnithe a ullmhú;
-
vótaí a chaitheamh; agus
-
cinntí a fhoilsiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Tagann an Chomhairle Eorpach le chéile sa Bhruiséil dhá uair gach 6 mhí, ar feadh uastréimhse 2 lá gach aon uair. Is féidir cruinnithe breise a chomóradh má mheastar go bhfuil gá leo.
-
Is éard atá sa Chomhairle Eorpach ná:
-
Oibríonn ard-ionadaí an Aontais Eorpaigh do ghnóthaí eachtracha agus don bheartas slándála leis an gComhairle Eorpach freisin.
-
Cuirtear teorainn 20 duine leis na toscaireachtaí náisiúnta agus le toscaireachtaí an Choimisiúin Eorpaigh a fhreastalaíonn ar chruinnithe na Comhairle Eorpaí.
-
Bíonn comhaontú idir na páirtithe i bprionsabal nuair a ghlactar le cinntí, cé gur féidir vóta a chaitheamh i gcásanna a bhfuil foráil déanta dóibh sna conarthaí.
-
Is féidir leis an gComhairle Eorpach torthaí na vótaí, agus na ráitis náisiúnta a ghabhann leo, a chur ar fáil go poiblí.
-
Ní bhíonn cead isteach ag an bpobal chuig cruinnithe na Comhairle Eorpaí.
-
Liostaítear i miontuairiscí na gcruinnithe na doiciméid a cuireadh isteach, na conclúidí ar glacadh leo, na cinntí a rinneadh agus aon ráiteas a cuireadh san áireamh bunaithe ar iarratas ó cheannaire AE.
-
Foilsítear cinntí na Comhairle Eorpaí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin má shonraítear seolaí áirithe.
-
Tá Uachtarán na Comhairle Eorpaí freagrach go foriomlán as ullmhúchán agus as leanúnachas obair na Comhairle.
-
Déanann an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, airí eachtracha go bunúsach, na rudaí atá ar chlár oibre an chruinnithe a ullmhú, agus cinntíonn sí go ndéantar an obair leantach riachtanach.
-
Déanann an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an dréacht-chlár oibre, a bhfuil nótaí curtha leis, a phlé ceithre seachtaine ar a laghad roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí. Déantar ullmhúcháin chruinnithe a chur i gcrích cúig lá nó níos mó roimh chruinniú na gceannairí AE.
-
Is féidir cuireadh a thabhairt d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa chun labhairt leis an gComhairle Eorpach.
-
I ndiaidh gach cruinnithe, cuireann Uachtarán na Comhairle Eorpaí tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN GCINNEADH?
Cuireadh an cinneadh i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.
CÚLRA
Cuireadh an Chomhairle Eorpach ar bun mar institiúid iomlán AE, a bhfuil a huachtarán féin aici, faoi Chonradh Liospóin, conradh a cuireadh i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Déanann an Chomhairle Eorpach beartas AE a chur chun cinn agus leagann sí tosaíochtaí AE amach.
GNÍOMH
Cinneadh 2009/882/AE ón gComhairle Eorpach an 1 Nollaig 2009 lena nglactar lena Rialacha Nós Imeachta (IO L 315, 2.12.2009, lch. 51)
Nuashonraithe 15.02.2016