Parlaimint na hEorpa

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 14 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Airteagail 223-234 de Chonradh ar Fheidhmiú an AE — ról, comhdhéanamh agus feidhmiú Parailimt na hEorpa

Acht maidir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach

Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 lena leasaítear an acht maidir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach

CAD IS AIDHM LEIS NA HAIRTEAGAIL A GHABHANN LE CONARTHAÍ AN AONTAIS EORPAIGH, LEIS AN ACHT AGUS LEIS AN GCINNEADH?

PRÍOMHPHOINTÍ

Is í an Pharlaimint aon institiúid amháin an Aontais Eorpaigh (AE) arna toghadh go díreach ag saoránaigh AE, do shaoránaigh AE. Dá réir sin, déanann sí ionadaíocht thar ceann breis agus 450 milliún saoránach AE agus sa chiall sin cuimsíonn sí cumhacht dhaonlathach. Tá a suíochán aici in Strasbourg, an Fhrainc. Toghtar baill FPEnna ar feadh téarma 5 bliana trí thoghchán díreach (ó 1979 i leith) i mballóid faoi shaoirse agus faoi rún, agus bíonn líon socraithe ann ó gach Ballstát. Is toradh iarbhír í an Pharlaimint, mar a thugtar uirthi inniu, ar chumasc na dtrí thionól a bhí ann roimhe seo den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Comhcheangail 1965 — féach achoimre).

Cumhachtaí

D’fhorbair cumhachtaí na Parlaiminte trí leasuithe comhleanúnacha ar chonarthaí an Aontais Eorpaigh. Áirítear leo sin an méid seo a leanas:

Inniúlacht

Reachtaíocht

Buiséad

Feidhmíonn an Pharlaimint ar comhchéim leis an gComhairle le haghaidh an nós imeachta iomláin maidir le buiséad bliantúil AE a ghlacadh. Cuimsítear sa nós imeachta buiséadach léamh amháin ón bParlaimint agus ón gComhairle, nó seachas sin tionóltar coiste idir–réitigh chun teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach (Airteagal 314 CFAE).

Maoirseacht feidhmiúcháin

Féadfaidh an Pharlaimint líon rialuithe a fheidhmiú ar an gCoimisiún, brainse feidhmiúcháin AE:

Athbhreithniú ar na Conarthaí

Riail toghcháin

Tá acht toghcháin AE, 1976 bunaithe ar chomhphrionsabail AE ach aithnítear léi freisin an tábhacht a bhaineann le rialacha náisiúnta i réimse na nósanna imeachta toghcháin.

Le Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994, arna fhaomhadh ag gach ceann de na Ballstáit de réir a gceanglas bunreachtúla faoi seach, tugtar isteach na hathruithe seo a leanas:

Comhdhéanamh

Cuirtear líon tosca san áireamh maidir le leithdháileadh na suíochán idir na Ballstáit:

Ar thionscnamh na Parlaiminte agus lena cead, glacann an Chomhairle Eorpach d’aon toil cinneadh lena mbunaítear comhdhéanamh na Parlaiminte (Airteagal 14(2) CAE). Leagtar amach na bunrialacha maidir lena comhdhéanamh sna conarthaí:

Bunaítear le Cinneadh (AE) 2023/2061 líon na n-ionadaithe sa Pharlaimint a toghadh i ngach Ballstát don téarma parlaiminteach 2024-2029. Is é 720 líon iomlán na suíocháin don tréimhse seo.

TÁBLA ACHOMAIR

Conradh

Airteagail

Ábhar

An Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE)

14

Ról agus comhdhéanamh na Parlaiminte

Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

223, 224, 225, 226, 227, 228, 229, 230, 231, 232, 233, 234

Feidhmiú Pharlaimint na hEorpa

CÚLRA

Ón 31 Eanáir 2020, nuair a d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach (Brexit) go hoifigiúil, tá 705 FPE inti, laghdú 46 ar an líon roimhe seo.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal III — Forálacha maidir leis na hInstitiúidí — Airteagal 14 (IO L 202, 7.6.2016, lgh. 22-23).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh (IO L 202, 7.6.2016, lgh. 1–388).

Acht maidir le toghadh comhaltaí an Tionól trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (OJ L 278, 8.10.1976, lgh. 5–11).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghcháin chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom an 20 Meán Fómhair 1976 ( IO L 178, 16.7.2018, lch. 1–3).

Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ionadaithe na mBallstát ag teacht le chéile sa chomhairle a bhaineann leis an Acht maidir le hionadaithe an Tionóil a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (IO L 278, 8.10.1976, lgh. 1–4).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Prótacal (Uimh. 6) maidir le suímh institiúidí an Aontais Eorpaigh, suíomh comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 202, 7.6.2016, lch. 265).

Cinneadh (AE) 2023/2061 ón gComhairle Eorpach an 22 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa (IO L 238, 27.9.2023, lgh. 114–116).

Nuashonraithe 23.02.2024