Bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2010/413/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010

Cinneadh 2011/235/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS NA RIALACHÁIN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Soláthraítear le hAirteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach an creat ginearálta le haghaidh smachtbhannaí AE a bhaineann leis an Iaráin.

Cinneadh 2010/413/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 267/2012

Trasuítear leis an gcinneadh agus leis an rialachán smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe mar bheart leantach ar UNSCR lena gceanglaítear ar an Iaráin stop a chur le húráiniam a shaibhriú chun críocha leathadh núicléach. Forchuirtear leo réimse smachtbhannaí eacnamaíocha agus airgeadais uathrialacha AE ar an Iaráin, lena n–áirítear an méid a leanas.

Trádáil in earraí éagsúla:

An earnáil airgeadais:

Earnáil an iompair:

Ar an 20 Iúil 2015, ghlac agus d’aontaigh an Iaráin agus “E3/AE+3*” UNSCR 2231 (2015). Leis an rún seo:

Ar an 16 Eanáir 2016 (Lá Forfheidhmithe), chuir na Náisiúin Aontaithe deireadh le cuid dá mbearta sriantacha a bhaineann le hábhar núicléach, mar atá leagtha síos le UNSCR 2231 (2015), agus chuir an Chomhairle deireadh le gach smachtbhanna eacnamaíoch agus airgeadais AE a bhaineann le hábhar núicléach i gcoinne na hIaráine. Mar sin féin, tá roinnt srianta fós i bhfeidhm.

Cinneadh 2011/235/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011

Foráiltear le Cinneadh 2011/235/CBES do thoirmeasc taistil agus reo ar chistí* agus ar acmhainní eacnamaíocha* do dhaoine aonair atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin, agus dóibh siúd a bhaineann leo. Le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 tugtar éifeacht do Chinneadh 2011/235/CBES a mhéid a bhaineann sé leis an méid seo a leanas.

Bearta chun cur faoi chois inmheánach a chomhrac

Smachtbhannaí airgeadais

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA G CINNTÍ AGUS NA RIALACHÁN?

CÚLRA

Féach freisin:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

E3/AE+3: An Fhrainc, an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe agus AE+, an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe.
Reo ar chistí: cosc a chur ar aon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid cistí, ar rochtain ar chistí nó déileáil leo ar bhealach ar bith a mbeadh aon athrú ar a méid, suim, suíomh, úinéireacht, seilbh, cineál, ceann scríbe nó eile lena mbeifí ábalta na cistí a úsáid, lena n–áirítear bainistíocht punainne mar thoradh air.
Reo acmhainní eacnamaíocha: cosc a chur ar úsáid acmhainní eacnamaíocha (sócmhainní de gach cineál, cibé acu inláimhsithe, doláimhsithe, inchorraithe nó dochorraithe, is féidir a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil) chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar bhealach ar bith, lena n–áirítear díol, fruiliú nó morgáistiú.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n–aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lgh. 39-73)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2010/413/CBES a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine, agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (IO L 88, 24.3.2012, lgh. 1-112)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (IO L 100, 14.4.2011, lgh. 51-57)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (IO L 100, 14.4.2011, lgh. 1-11)

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Alt 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (iar–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (iar-Airteagal 301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144)

Nuashonraithe 23.01.2023