Bearta sriantacha AE in aghaidh na Siria
ACHOIMRE AR:
Cinneadh 2013/255/CBES — bearta sriantacha AE in aghaidh na Siria
Rialachán (AE) 36/2012 — bearta sriantacha AE de bharr an cháis sa tSiria
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?
Leagtar amach leo na smachtbhannaí a fhorchuirfear ar réimeas na Siria agus ar a thacadóirí.
PRÍOMHPHOINTÍ
Srianta ar thrádáil maidir le hearraí, seirbhísí agus teicneolaíocht
Áirítear ar na smachtbhannaí srianta ar thrádáil laistigh de AE in earraí a bhféadfaí úsáid a bhaint astu go díreach nó go hindíreach le haghaidh chur faoi chois inmheánach mhuintir na Siria. Áirítear leo sin:
- toirmeasc ar allmhairiú arm nó ábhair ghaolmhair ón tSiria;
- srianta onnmhairiúcháin ar threalamh, ar earraí agus ar theicneolaíocht áirithe a bhféadfaí úsáid a bhaint astu le haghaidh cur faoi chois inmheánach nó monaraíocht nó cothabháil táirgí dá leithéid;
- ceanglas ar thíortha AE iniúchadh a dhéanamh ar shoithí agus ar aerárthaí má bhíonn forais réasúnta ann a chreidiúint go bhfuil airm, ábhar gaolmhar nó trealamh a bhféadfaí úsáid a bhaint astu le haghaidh cur faoi chois inmheánach á n-iompar orthu;
- toirmeasc onnmhairiúcháin ar threalamh, ar theicneolaíocht agus ar bhogearraí a bhfuil sé beartaithe go príomha iad a úsáid chun monatóireacht a dhéanamh ar chumarsáidí idirlín nó fóin nó iad a idircheapadh;
- cosc ar institiúidí airgeadais na Siria brainsí nó fochuideachtaí úra a oscailt in AE nó comhfhiontair úra nó caidreamh úr baincéireachta comhfhreagraí le bainc AE a bhunú;
- toirmeasc allmhairiúcháin ar amhola agus ar tháirgí peitriliam ón tSiria;
- toirmeasc ar infheistíocht i dtionscal ola na Siria;
- toirmeasc ar infheistíocht i gcuideachtaí atá páirteach i dtógáil gléasraí cumhachta úra le haghaidh táirgeadh leictreachais sa tSiria;
- toirmeasc ar earraí de chuid oidhreacht chultúrtha na Siria iad a baineadh go neamhdhleathach ón tSiria chun filleadh go sábháilte na n–earraí sin a éascú;
- toirmeasc ar thrádáil in ór, miotail lómhara agus diamaint le comhlachtaí poiblí na Siria agus leis an mbanc ceannais.
Reo sócmhainní agus toirmisc taistil
Dírítear na smachtbhannaí orthu seo a leanas chomh maith daoine aonair agus cuideachtaí atá freagrach as cur faoi chois foréigneach mhuintir na Siria, na daoine a thacaíonn leis an réimeas nó a mbaineann tairbhe as, mar aon le daoine agus cuideachtaí a bhaineann leo. Go sonrach, forchuirtear an méid seo a leanas leis an gcinneadh agus leis an rialachán:
- reo sócmhainní agus toirmisc taistil ar os cionn 250 duine aonair agus 70 eintiteas ar a laghad. Féadfar cistí nó acmhainní eacnamaíocha arna reo ar shlí eile a scaoileadh faoi imthosca áirithe lena n–áirítear:
- íocaíochtaí a dhéanamh thar ceann Phoblacht Arabach na Siria leis an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW), le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le misean fíorúcháin OPCW agus scrios airm cheimiceacha na Siria;
- le haghaidh aslonnú ón tSiria;
- cuspóirí daonnúla;
- reo sócmhainní bhanc ceannais na Siria laistigh de AE agus toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ach lamháltas maidir le leanúint le trádáil dhleathach faoi choinníollacha dochta.
Tá liosta a leasaítear go rialta de na daoine agus de na cuideachtaí atá cumhdaithe sna bearta sin san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES.
Straitéis AE don tSiria
In 2017, agus straitéis AE don tSiria á glacadh aici, shonraigh an Chomhairle go bhfuil sí fós ag breathnú ar bhearta sriantacha eile a bheidh dírithe ar dhaoine aonair agus eintitis na Siria a thacaíonn leis an réimeas fad is ata an cur faoi chos ag leanúint ar aghaidh. Dírítear sa straitéis ar sé phríomhréimse:
- deireadh a chur leis an gcogadh trí fhíoraistriú polaitiúil;
- aistriú fónta agus ionchuimsitheach a chur chun cinn sa tSiria;
- beathaí a shábháil trí dhul i ngleic le riachtanais dhaonnúla na Siriach is leochailí ar fud na tíre ar mhodh tráthúil, éifeachtach, éifeachtúil agus ar bhonn prionsabail;
- daonlathas, cearta an duine agus saoirse cainte a chur chun cinn trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa tSiria a neartú;
- freagracht as coireanna cogaidh a chur chun cinn chun próiseas náisiúnta athmhuintearais agus ceartas idirthréimhseach a éascú;
- tacú le hathléimneacht phobal na Siria agus shochaí na Siria.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?
- Tá feidhm leis an gcinneadh ón 1 Meitheamh 2013.
- Tá feidhm leis an rialachán ón 19 Eanáir 2012. Aisghairtear leis Rialachán (AE) Uimh. 442/2011.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 i ndáil le bearta sriantacha in aghaidh na Siria (IO L 147, 1.6.2013, lgh. 14-45)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 i ndáil le bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSiria, agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (IO L 16, 19.1.2012, lgh. 1-32)
Féach an leagan comhdhlúite.
DOICIMÉAD GAOLMHAR
Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Gnéithe le haghaidh Straitéis AE don tSiria (JOIN(2017) 11 críochnaitheach, 14.3.2017)
Nuashonraithe 20.01.2020